‘People of Galway, we love you!’ – súil siar agus chun cinn le Joe Connolly agus Pápa eile chugainn

AN CLUICHE CEANNAIS: I 1980 a casadh Gaillimh agus Luimneach ar a chéile go deireanach sa chraobh. Labhair Joe Connolly, captaen buacach na Gaillimhe i 1980, le Tuairisc.ie faoina óráid cháiliúil an lá sin agus faoi chluiche ceannais na bliana seo

‘A mhuintir na Gaillimhe, tar éis seacht mbliana agus caoga, tá Craobh na hÉireann ar ais i nGaillimh…’

B’in, ar ndóigh, mar a thosaigh captaen na Gaillimhe, Joe Connolly, a óráid agus é ag glacadh le Corn Mhic Cárthaigh tar éis do Ghaillimh an ceann is fearr a fháil ar Luimneach i gcluiche ceannais iomána na hÉireann 1980.

B’in an uair dheireanach ar casadh ar a chéile Gaillimh agus Luimneach sa chraobh agus maireann cáil óráid Uí Chonghaile go fóill. Nuair a rinne an tOllamh Richard Aldous, staraí i gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, bailiúchán den 50 óráid is fearr i stair na hÉireann, ba í ceann Connolly an t-aon cheann a bhain le saol an spóirt a roghnaigh sé. Seans gurb í an t-aon óráid sa leabhar sin freisin nach raibh aon ullmhúchán déanta uirthi.

“Ní raibh aon rud réitithe agam mar ní raibh tada buaite againn le 57 bliain agus bheadh drogall ort tada a réiteach,” a deir Connolly le Tuairisc.ie.

“Bhí a fhios agam go mbeadh sé i nGaeilge agus bhí a fhios agam go ndéanfadh mé tagairt éicint do na himircigh dá dtiocfadh an seans, ach ní raibh tada réitithe. Bhí sé ‘ad-lib’ den chuid is mó Ní hamháin go mbeadh drogall ort ach bheadh an-fhaitíos ort an iomarca a réiteach!”

Cé go bhfuil a gcionsan déanta don teanga ag leithéidí laoch Chorcaí Rena Buckley agus Lester Ryan Chill Chainnigh ó shin, is annamh go mbíonn mórán níos mó ná cúpla focal Gaeilge i go leor de na hóráidí a thugtar i ndiaidh chluichí ceannais na hÉireann. Ní raibh seans dá laghad go labhródh Connolly aon rud eile seachas Gaeilge a dhúchais.

Cé gur tógadh é ar an gCaisleán Gearr i gcathair na Gaillimhe, ba as Conamara de mhuintir Connolly agus is í a labhair sé sa mbaile.

“B’in an rud nádúrtha. Bhí mé fíorbhródúil gur Gaeilgeoir a bhí ionam. Sílim gurbh í an Ghaeilge is mó a tharraing suntas ar an óráid. Is rud é nach dtarlódh murach go raibh sé buaite ag Gaillimh, agus ní tharlódh sé ach le beagán contaetha eile. Bhí mé an-dáiríre faoin nGaeilge, agus tá i gcónaí, agus bhí a fhios agam dá mbeadh an deis agam go ndéanfadh mé i nGaeilge é.”

Idir an óráid bhreá, leagan Joe McDonagh de ‘The West’s Awake’ agus an gliondar a bhain le bua na Gaillimhe tar éis beagnach trí scór bliain sa bhfásach, tá cuimhní geala ag daoine ar an lá agus, mar atá ag Connolly féin. Bhí sé i gcónaí sásta labhairt le daoine faoi, a deir sé, ach chuir sé as dó nach raibh deis ach ag Gaillimheach amháin eile – Conor Hayes i 1987 agus 1988 – óráid a thabhairt ar chéimeanna Ardáin Uí Ógáin.

“Ó bhuaigh muid anuraidh, tá sé níos éasca a bheith caint faoi,” a deir Connolly anois.

“Bhuaigh muid in ’87 agus in ’88 ach údar cantail ar bhealach amháin a bhí ann go raibh ort dul chomh fada sin siar. Bhí sé iontach anuraidh, théis beagnach 30 bliain go raibh muid inár seaimpíní arís.

“Deirim le chuile dhuine gurb í an óráid is fearr a thug aon chaptaen as Gaillimh ná ceann David Burke anuraidh mar is anuraidh a tharla sé!”

Tá súil ag Connolly go mbeidh ar Burke óráid bhreá eile a thabhairt agus gurbh é a bheidh ag glacadh leis an gcorn Dé Domhnaigh seo chugainn, ach is maith atá a fhios aige nach mbeidh sé éasca ag Gaillimh i gcoinne na foirne den scoth atá ag Luimneach.

“Cinnte tá foireann Luimnigh seo in ann Craobh na hÉireann a bhuachan ach tá súil agam nach dtarlóidh sé i mbliana,” a deir iarchaptaen na Gaillimhe.

“Chuile rud dearfach atá ráite faoi Luimneach go dtí seo, tá sé tuillte acu. Foireann iad a chuaigh i bhfeidhm go mór orm agus ar go leor daoine eile ó thús na bliana. An stíl iomána, an cumas, an snas atá orthu, tá siad ar fheabhas. Déanann siad an cinneadh ceart i gcónaí, rud iontach d’fhoireann atá chomh hóg sin. Tá an chomhimirt eatarthu níos fearr ná aon fhoireann eile.”

Cé nach raibh Gaillimh i mbarr a maitheasa go dtí seo i mbliana, ní chuireann sé sin as do Connolly rómhór.

“Tá trí chluiche craoibhe dhéag imeartha acu gan iad a bheith buailte agus ní éiríonn leat é sin a dhéanamh má bhíonn tú thús seal thíos seal. Tá rudaí dearfacha feicthe agam. Is seaimpíní iad. Tá tréithe maithe iontu: an cheanndánacht agus an fhéinmhuinín. Ní ghlacann siad riamh leis go bhfuil siad buailte. Seachas aon imreoir amháin, is í an chomhimirt atá eatarthu agus an obair a chuireann siad isteach ann na buanna is mó atá acu.”

Tráthúil go leor agus Pápa eile ag tabhairt cuairt ar Éirinn, bhí Connolly ina mhaor i mBaile an Bhriotaigh i nGaillimh nuair a thug Pápa cuairt orainn go deireanach i 1979.

Mar is eol don saol, chuir sé críoch lena chuid cainte i bPáirc an Chrócaigh an bhliain dár gcionn trí chasadh beag a bhaint as an ráiteas cáiliúil a rinne an Pápa Eoin Póil II le linn a chuairte. “People of Galway, we love you!” a dúirt Connolly.

Agus an Pápa Proinsias ag teacht go hÉirinn ag deireadh na míosa seo, tá súil ag Connolly agus ag muintir na Gaillimhe gur a mhalairt a tharlóidh i mbliana agus gurb é siúd a bheidh ag aithris ar óráid chaptaen na Gaillimhe 2018.

Fág freagra ar '‘People of Galway, we love you!’ – súil siar agus chun cinn le Joe Connolly agus Pápa eile chugainn'

  • leitheoir

    Gan aon trácht sa méid sin thuas ar óráid bhinn bhlasta Dhara Uí Chinnéide!