Parthas cultúrtha is eipiciúrach é Valencia

Den chéad uair le fada, tá muintir na hÉireann ag dul thar lear ar laethanta saoire. San alt seo inár sraith nua taistil, táimid in Valencia in oirdheisceart na Spáinne

Parthas cultúrtha is eipiciúrach é Valencia

Is fada fairsing í an Spáinn agus níl cúinne ná póirse inti nach é mian mo chroí turas a thabhairt air thuaidh, theas, thoir is thiar.

Ní mé an t-aon Éireannach ar an meon san. Suas le daichead fén gcéad de thurasóirí Gaelacha, is chun na Spáinne a théann siad.

Níos lú ná deich fén gcéad againn a théann an Fhrainc ar saoire. Ní fios canathaobh. 

Bhí an Spáinn aige baile againn le cúpla seachtain bheag anuas. Tonn teasa. Brothall dearg. An t-ádh orainn nach raibh an teocht chomh diamhair is a bhí ag na Spáinnéaraigh bhochta. Mór an ní rud éigin a bheith againne nach bhfuil acusan. 

Níl ann ach san!

Le déanaí thugas turas ar chathair Valencia in oirdheisceart na Spáinne.

Cathair í nach bhfuil an trácht chéanna uirthi agus atá ar Barcelona ná Maidrid.

Is amhlaidh is fearr é b’fhéidir mar ná casfaidh tú ar chait is madraí an bhaile is tú as baile.

Turas aeir breis is dhá uair a’ chloig ó bhaile agus tá’n tú i bparthas cultúrtha is eipiciúrach. 

Nach ann a cruthaíodh an Paella Valenciana, an béile Spáinnéarach is cáiliúla dá bhfuil ann? Sa paella traidisiúnta gheofá pónairí, feoil choinín, slimidí, nó iasc, agus rís gan dabht. Bíodh do rogha agat.

Dinnéar breá blasta agat ar chúig euro déag ar a mhéid. Gloine fíona ar dhá euro. 

Cá bhfaighfeá é? Ní in Éirinn. Ná baol air.

Maidir le féasta cultúir, níl sárú Valencia le fáil.

Nach bhfuil Pálás Ceoil acu! Sin ómós do dhéithe an cheoil, Apollo ina measc.

Áit aoibhinn ina bhfuil togha agus rogha an cheoil le clos ann ó cheann ceann na bliana.

Tá Ionad Mara Beo acu chomh maith agus atá i nDaingean Uí Chúis. Ainmhithe allta na farraige a chuirfeadh sceon id chroí. 

Maidir le hailtireacht nua-aoiseach, nach bhfuil Santiago Calatrava acu, an té a chruthaigh is a cheap Droichead Samuel Beckett ar dhul na cláirsí, droichead a ardaíonn ár gcroíthe i mBleá Cliath. Ceann díreach mar é tógtha aige i Valencia.

An áit is mó a raghadh i bhfeidhm ar dhuine a thugann cuaird ar Valencia ná Gairdíní Turia, na gairdíní uirbeacha is fairsinge sa Spáinn. 

Trí cheartlár an bhaile tráth, bhí abhainn an Turia ag sruthlú, abhainn a bhíodh de shíor ag sceitheadh a bruach agus ag déanamh damáiste diamhair d’áitreabhaigh agus dá dtimpeallacht.

Cad a dhein údaráis an bhaile sna caogaidí ach í a chur ar malairt treo, agus suas le naoi gciliméadar slí a bheith acu chun gairdíní a chruthú i gcorplár na cathrach.

Ocht gcinn déag de dhroichid ársa ar an abhainn nach ann di níos mó, cuid acu tógtha sa chúigiú haois déag, sa séú haois déag agus sa seachtú haois déag. 

Ársaíocht agus áilleacht i dteannta a chéile. Crainn is plandaí de gach sórt. Áiseanna caitheamh aimsire is siamsaíochta is spóirt.

Éinne a bheadh bréan d’áilleacht is de chultúr mar é, nach bhfuil Staid bhreá Club de Futbol Valencia acu le turas a thabhairt uirthi agus sásamh a bhaint as cultúr de shórt eile ar fad.

Caitheamh aimsire conspóideach é sa Spáinn, an Corrida de Toros, an tarbhchomhrac. Tá an nós barbartha san, a thabharfadh daoine air, coiscthe in an-chuid áiteanna sa Spáinn ach gan scáth gan náire, coimeádann pobal Valencia beo é. Tá Plaza de Toro breá fairsing i lár an bhaile acu, agus ‘imeachtaí’ traidisiúnta na dtarbh le feiscint trí huaire sa mbliain.

Agus anuas ar an méid san ar fad, nach bhfuil trá bhreá fhairsing le maíomh ag an gcathair bhreá san Valencia.

Ní chaithfidh tú an tarna morgáiste a thógaint amach chun leaba a chur in áirithe in óstán ach oiread. Rátaí fíor-réasúnta agus saor, i gcomparáid le costas óstáin anseo in Éirinn.

Éinne gur mhaith leo triail a bhaint as an ‘Cúpla Focal’ Spáinnise chun an spalladh a bhaint díot, níl uait a rá ach una copa de vino. Agus níos tábhachtaí fós una copa más – breis fíona!

Sin í Valencia agat!

Fág freagra ar 'Parthas cultúrtha is eipiciúrach é Valencia'

  • JP

    Agus lé láidir ag an mbaile sin riamh anall le Franco agus a chamthaí faisisteacha.

  • Séamus Caomhánach

    Tar éis an cuntas breá sin faoi Valencia a léamh, a Sheosaimhín,spreag tú mo shuim dul ann chomh luath agus is féidir!