Parlaimint na hEorpa ag caitheamh leis an nGaeilge ‘mar theanga den dara grád’

Deir Cynthia Ní Mhurchú, atá ag seasamh d’Fhianna Fáil i dtoghlach an Deiscirt, go bhfuil sí ‘bréan’ den tslí a chaitear leis an nGaeilge i bParlaimint na hEorpa

Parlaimint na hEorpa ag caitheamh leis an nGaeilge ‘mar theanga den dara grád’

Tá Parlaimint na hEorpa ag caitheamh leis an nGaeilge “mar theanga den dara grád” a deir iarrthóir sna toghcháin áitiúla.

Deir Cynthia Ní Mhurchú, atá ag seasamh d’Fhianna Fáil sa i dtoghlach an Deiscirt, go bhfuil sí “bréan” den tslí a chaitear leis an nGaeilge sa pharlaimint. 

Cinneadh mí an Mhárta seo caite nach mbeadh dualgas ar an bParlaimint seirbhísí iomlána aistriúcháin agus ateangaireachta a chur ar fáil i nGaeilge go dtí deireadh na bliana 2029 ar a luaithe.

Vótáladh san earrach síneadh go dtí deireadh an chéad téarma eile a chur le riail a fhágann nach gá na seirbhísí iomlána a chur ar fáil i nGaeilge agus i Máltais.

Easpa aistritheoirí agus ateangairí Gaeilge is cúis leis an gcinneadh gan seirbhísí uile na Parlaiminte a chur ar fáil i nGaeilge, a deirtear 

Dúirt Cynthia Ní Mhurchú go dtabharfadh sí tús áite don Ghaeilge dá dtoghfaí í agus dúirt sí gur chóir deireadh a chur láithreach leis an socrú “a fhágann ár dteanga náisiúnta ar leataobh in institiúidí an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil”.

“Má éiríonn liom a bheith tofa, geallaim go dtabharfar tús áite do vóta nua i bParlaimint na hEorpa maidir le soláthar ateangaireachta Gaeilge sa Pharlaimint, chun deireadh a chur leis an maolú ar sholáthar na seirbhíse seo go 2029, agus chun a chinntiú go gcuirfear deireadh le constaicí d’ateangairí a fhostú le Gaeilge.

“Is mór an náire é an maolú seo. Céim siar arís í don Ghaeilge agus ní chuirfidh mé suas le díghrádú na teanga a thuilleadh.”

Dúirt an Feisire Eorpach de chuid Shinn Féin, Chris MacManus, cheana gur údar “díomá agus náire” é nach mbeadh dualgas ann na seirbhísí Parlaiminte ar fad a chur ar fáil i nGaeilge go dtí 2029 ar a luaithe.

I suirbhé a rinne Conradh na Gaeilge, gheall 70% d’iarrthóirí toghcháin go dtroidfidh siad do lánseirbhís i nGaeilge i bParlaimint na hEorpa.

Fág freagra ar 'Parlaimint na hEorpa ag caitheamh leis an nGaeilge ‘mar theanga den dara grád’'

  • Conán Maol

    Dáil Éireann ag ag caitheamh leis an Ghaeilge mar theanga den dara grád agus go minic mar theanga den triú grád mar go ndiúltaítear í a úsáid.

  • Aonghus Mac an tSaoir

    Ní féidir an locht a chur ar Pharlaimint na hEorpa mura bhfuil ateangairí oilte ann sa Ghaeilge. Ní fiú a bheith ag rá gur ‘mór an náire’ seo agus siúd nuair nach mian le haos óg na tíre stró ar bith a chur orthu féin an Ghaeilge a fhoghlaim chun post deas a fháil dóibh féin ar an Mór-Roinn. Agus fiú dá dtoghfaí Cynthia Ní Mhurchú, is beag seans go bhféadfadh sí féin mórán a dhéanamh faoin bhfadhb seo ar aon nós. Thabharfadh sí cúpla óráid ag cur i leith daoine éagsúla gur mór an náire iad ach cén mhaith a dhéanfadh sin? Mura bhfuil ateangairí cáilithe ann atá sásta glacadh le conradh buan sa Pharlaimint, cad is fiú a bheith ag tabhairt amach? (Bíonn roinnt daoine sásta obair mar aistritheoirí/ateangairí san Eoraip ar feadh cúpla bliain ach a imíonn abhaile a luaithe is atá go leor airgid déanta acu don mhorgáiste sa bhaile, cur chuige a chaitheann amhras ar dhea-thoil na nGael ar an gceist seo).

    Tá maoiniú curtha ar fáil ag an bParlaimint d’ollscoil na Gaillimhe, fiú, chun ateangairí a oiliúint chun an bhearna a líonadh ach níl toradh air sin go fóill, de réir dealraimh. Is bocht an cás é, mar sin, go mbíonn polaiteoirí áirithe sásta teacht i dtír ar an nGaeilge chun cúpla vóta a fháil nuair nach bhfuil mórán eolais acu ar mhionsonraí na ceiste.

  • Gabriel Rosenstock

    Ní leor a bheith ar son na Gaeilge. Mheasas go raibh Cynthia ábhairín drochbhéasach agus údarásaíoch agus i ag plé le Mick Wallace ar an teilifís aréir. Bhí Mick ag iarraidh a rá go raibh
    an tsíocháin níos tábhachtaí ná cogadh ach is cosúil go bhfuil daoine áirithe i bhFianna Fáil
    a dhíolfadh ár neodracht d’fhonn NATO a neartú.
    https://antiwar.com/?utm_source=substack&utm_medium=email
    B’fhiú dóibh siúd ata ag iarraidh an cogadh san Úcráin a bhuanú tamall a chaitheamh
    ag machnamh ar a bhfuil le rá ag antiwar.com

  • Andreas Vogel

    Tá Dáil Éireann ag caitheamh leis an nGaeilge mar theanga den dara grád.
    Tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ag caitheamh leis an nGaeilge mar theanga den dara grád.
    Tá an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta ag caitheamh leis an nGaeilge mar theanga den dara grád.
    Tá an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige ag caitheamh leis an nGaeilge mar theanga den dara grád.
    Tá an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide & Comhshaoil ag caitheamh leis an nGaeilge mar theanga den dara grád.
    Tá an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ag caitheamh leis an nGaeilge ar bhealach áirithe.
    Tá an Roinn Cosanta ag caitheamh leis an nGaeilge mar theanga den dara grád.
    Tá an Roinn Oideachais agus Scileanna ag caitheamh leis an nGaeilge mar theanga den dara grád.
    Tá an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí ag caitheamh leis an nGaeilge mar theanga den dara grád.
    Tá an Roinn Airgeadais ag caitheamh leis an nGaeilge mar theanga den dara grád.
    Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála ag caitheamh leis an nGaeilge mar theanga den dara grád.
    Tá an Roinn Sláinte ag caitheamh leis an nGaeilge mar theanga den dara grád.
    Tá an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil ag caitheamh leis an nGaeilge mar theanga den dara grád.
    Tá an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais ag caitheamh leis an nGaeilge mar theanga den dara grád.
    Tá an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ag caitheamh leis an nGaeilge mar theanga den dara grád.
    Tá an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail ag caitheamh leis an nGaeilge mar theanga den dara grád.
    Tá an Roinn Iompair Turasóireachta agus Spóirt ag caitheamh leis an nGaeilge mar theanga den dara grád.
    Tá Roinn an Taoisigh ag caitheamh leis an nGaeilge mar theanga den tríú grád.

    Ach is faoiseamh áirithe é go bhfuil “an Eoraip” beagnach chomh faillíoch linn féin.

    Dála an scéil, más aisteach leat cuid de na teidil do ranna rialtais atá luaite anseo, seo “Liosta iomlán de ranna rialtais” a fuair mé ar shuíomh idirlín Roinn an Taoisigh inniu agus é marcáilte ar an suíomh sin mar “An t-eolas is déanaí 14 Bealtaine 2024”. QED.

    (https://www.gov.ie/ga/seirbhis/liosta-ranna-rialtais/)

  • Garry Bannister

    Cinnte dearfa, aontaím go hiomlán le Cynthia maidir leis an tslí a chaitear leis an nGaeilge i bParlaimint na hEorpa ach cad é an seasamh a bheadh aici i dtaobh míleatú an Aontais Eorpaigh le blianta anuas agus an tslí mar atá an Pharlaimint ag tabhairt tacaíocht gan staonadh don seachchogadh idir Meiriceá agus an Rúis san Ucráin? An mbeadh sí chun comhoibriú leis an dea-obair a bhíonn ar siúl ag Clare Daly agus Mick Wallace ar ár sonsa agus ar son na síochána?

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Nuair a chaitheann Stát na hÉireann, na páirtithe polaitíochta go léir agus an chuid is mó de institiúidí an stáit leis an nGaeilge ‘mar theanga den dara grád’ cén fáth an mbeadh iontas ar aon duine go gcaithfeadh Parlaimint na Eorpa leí in ann bhealach eile.

  • Aonghus Mac an tSaoir

    Feictear dom go bhfuil cur chuige ar leith ag Tuairisc.ie chun déileáil le tráchtanna nach dtaitníonn leo – gan iad a fhaomhadh go dtí cúpla lá i ndiaidh a scríofa. Bhreathnaigh mé siar ar an alt thuas 2/3 lá i ndiaidh dom trácht a scríobh agus ní raibh aon trácht le feiceáil faoi bhun an áilt. Anois faoi dheireadh tá na tráchtanna le feiceáil (5 lá i ndiaidh a scríofa). Is cinsireacht bhog é seo a fhágann nach bhfeiceann mórán léitheoirí na tráchtanna mar bíonn an t-alt imithe ó phríomhleathanach an tsuímh faoin am a fhoilsítear na tráchtanna.