Geallta ag 70% d’iarrthóirí toghcháin go dtroidfidh siad do lánseirbhís i nGaeilge i bParlaimint na hEorpa

De réir suirbhé a rinne Conradh na Gaeilge, seachtar iarrthóirí a dúirt go mbeidís sásta agus ábalta an Ghaeilge a labhairt go rialta sa Pharlaimint má thoghtar iad

Geallta ag 70% d’iarrthóirí toghcháin go dtroidfidh siad do lánseirbhís i nGaeilge i bParlaimint na hEorpa

Tá sé ráite ag formhór mór na n-iarrthóirí atá ag seasamh I dtoghchán na hEorpa go mbeidh sé mar thosaíocht acu go gcuirfí deireadh leis an srian atá ar sheirbhísí Gaeilge sa Pharlaimint.

Níl seirbhísí iomlána aistriúcháin ná ateangaireachta ar fáil don Ghaeilge i bParlaimint na hEorpa i láthair na huaire agus é ráite nach mbeidh sin ar fáil roimh dheireadh 2029 ar a luaithe.

Deir an tAE gur easpa aistritheoirí agus ateangairí le Gaeilge is cúis leis an maolú agus chinn an Pharlaimint mí an Mhárta seo caite gan lánseirbhísí a chur ar fáil don Ghaeilge go dtí deireadh an chéad téarma parlaiminte eile.

Deir ar a laghad 70% díobh siúd atá ag seasamh sna toghcháin Eorpacha ar fud na tíre go mbeidh sé mar thosaíocht acu deireadh a chur leis an maolú ar sholáthar na seirbhísí agus go lorgóidís vóta nua maidir le soláthar seirbhísí ateangaireachta i nGaeilge sa Pharlaimint.

De réir suirbhé atá déanta ag Conradh na Gaeilge, dúirt 28 den 40 iarrthóir atá ag seasamh sna trí thoghcheantar go n-oibreoidh chun a chinntiú go gcuirfear na seirbhísí iomlána ar fáil i nGaeilge agus go mbainfí aon bhac roimh ateangairí le Gaeilge a fhostú gan mhoill.

As an 13 Feisire Eorpach a toghadh sa toghchán deireanach, tá deichniúr ag seasamh arís agus dúirt gach duine acu siúd go mbeidh sé mar thosaíocht acu go dtabharfaí ar ais soláthar iomlán seirbhísí i nGaeilge.

Bhí deichniúr iarrthóirí nár thug freagra ar shuirbhé Chonradh na Gaeilge in am chun go gcuirfí san áireamh iad.

Nuair a d’fhógair lucht na Parlaiminte nach gcuirfí lánseirbhísí aistriúcháin ná ateangaireachta ar fáil don Ghaeilge ná don Mháltais sa chéad téarma parlaiminte eile, dúradh go raibh “iarrachtaí seasta leanúnacha idirinstitiúideacha” déanta chun cur le líon na n-aistritheoirí Gaeilge agus cé go raibh dul chun cinn déanta, nach mbeifí ábalta a chinntiú “go ceann tamall fada” go mbeadh lánchlúdach ag an teanga.

Chuir Conradh na Gaeilge ceisteanna freisin ar iarrthóirí maidir lena gcumas an Ghaeilge a úsáid sa Pharlaimint, má thoghtar iad.

As an 40 iarrthóir, ní raibh ach seachtar a thug le fios go mbeadh siad in ann agus sásta an Ghaeilge a labhairt go rialta sa Pharlaimint agus go mbainfeadh siad úsáid as an teanga mar ghnáthchleachtas. Sin iad Aodhán Ó Ríordáin (Páirtí an Lucht Oibre) agus Bríd Smith (Pobal Seachas Brabús) atá ag seasamh i dtoghcheantar Bhaile Átha Cliath; Billy Kelleher (Fianna Fáil), Cynthia Ní Mhurchú (Fianna Fáil) agus Seán Kelly (Fine Gael) atá ag seasamh sa Deisceart, agus Fergal Landy (Páirtí an Lucht Oibre) agus Peadar Tóibín (Aontú) atá ag seasamh i Lár Tíre & an tIarthuaisceart.

Dúirt 21 iarrthóir go mbeadh siad sásta feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge chun go mbeadh siad in ann ionadaíocht chuí a dhéanamh ar an teanga sa Pharlaimint.

Dúirt 28 iarrthóir chomh maith go mbeidh siad sásta, má thoghfar iad, tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt na Gaeilge i gcláir an AE agus go mbeidh sé mar thosaíocht acu tacaíocht airgid a fháil d’eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, gur céim siar do stádas na teanga san AE a bhí sa chinneadh gan seirbhísí iomlána na Parlaiminte a chur ar fáil ach go bhfuil sí sásta leis an tacaíocht atá ann i measc na n-iarrthóirí don éileamh dul siar ar an gcinneadh sin.

“Bua stairiúil a bhí ann don Ghaeilge nuair a baineadh stádas iomlán amach di mar theanga oifigiúil den Aontas Eorpach. Mar sin féin, céim siar a ghlac Parlaimint na hEorpa nuair a chinn siad maolú a chur ar an Ghaeilge sa Pharlaimint go dtí 2029,” a dúirt Melvin.

“Táimid sásta go bhfuil céatadán ard de na hiarrthóirí sna toghcháin Eorpacha in Éirinn ag seasamh linn agus gealltanas #GaelVóta tugtha acu le go mbeidh sé ina thosaíocht acu deireadh a chur leis an maolú seo.”

Dúirt Uachtarán an Chonartha freisin go bhfuil sí ag iarraidh tuilleadh Gaeilge a chloisteáil ó na Feisirí Eorpacha le linn an chéad téarma eile.

“Ábhar suntais atá ann dúinn go bhfuil sé geallta ag iarrthóirí go labhróidh siad Gaeilge go rialta agus mar ghnáthchleachtas sa Pharlaimint, nó mura bhfuil siad compordach le caighdeán a gcuid Gaeilge, go gcuirfidh siad feabhas uirthi chun a chinntiú go mbeidh dóthain Gaeilge acu chun an ionadaíocht chuí a dhéanamh ar phobal labhartha na Gaeilge.

I ndiaidh na dtoghchán agus iarrthóirí tofa, ligfidh seo dúinn brú leanúnach a choinneáil ar Fheisirí Parlaiminte le go gcuirfear le líon ama na Gaeilge labhartha san Eoraip amach anseo.”

Fág freagra ar 'Geallta ag 70% d’iarrthóirí toghcháin go dtroidfidh siad do lánseirbhís i nGaeilge i bParlaimint na hEorpa'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    An bhfuil aon iarrthóir Eorpach ann a dúirt i suirbhé Conradh na Gaeilge NÁR cheart ‘lánseirbhísí aistriúcháin ná ateangaireachta ar fáil don Ghaeilge’ i bParlaimint na hEorpa? Má tá, bheadh fonn orm vóta a chaitheamh dóibh. Im thuairimse, b’fhearr an t-airgead poiblí atá á chur amú ar stádas bréagach a thabhairt don Ghaeilge san Aontas Eorpach a chaitheamh ar thionsnaimh a dhéanfadh leas don Ghaeilge mar theanga beo in Éirinn.

    Chomh maith le sin, deirtear linn go bhfuil easpa aistritheoirí sa tír seo le gnaithí reachtúla is bunreachtúla a chomhlíonadh: reachtaíocht a aistriú mar shampla. Cén fáth? Tá talann na n-aistritheoirí á chur amú sa mBruiséal ag aistriú cáipéisí go Gaeilge nach léifear go deo.

  • Ceistitheoir

    An bhfuil na polaiteoirí a thug na geallúintí seo agus na páirtithe polaitíochta lena mbaineann siad ag troid in aghaidh namhaid na Gaeilge sa Roinn Oideachais atá ag cur constaicí mhóra roimh fhás an Ghaeloideachais ?

  • Mícheál Ó Ruairc

    70% Bi Dad! An-gheallúint é sin gan aon agó. Mar is eol do chách bíonn sé an-éasca geallúintí a dhéanamh roimh thoghcháin (míorúilt é go bhfuil an ghrian, an ghealach agus na réaltaí fós thuas sa spéir) agus ar an ábhar sin ná brisigí bhur ngeallta, a chairde, impím oraibh.

  • Seán Mag Leannáin

    Díol suntais é nach bhfuil duine ar bith as seisear iarrthóirí Shinn Féin in ann an Ghaeilge a labhairt. “As an 40 iarrthóir, ní raibh ach seachtar a thug le fios go mbeadh siad in ann agus sásta an Ghaeilge a labhairt go rialta sa Pharlaimint agus go mbainfeadh siad úsáid as an teanga mar ghnáthchleachtas. Sin iad Aodhán Ó Ríordáin (Páirtí an Lucht Oibre) agus Bríd Smith (Pobal Seachas Brabús) atá ag seasamh i dtoghcheantar Bhaile Átha Cliath; Billy Kelleher (Fianna Fáil), Cynthia Ní Mhurchú (Fianna Fáil) agus Seán Kelly (Fine Gael) atá ag seasamh sa Deisceart, agus Fergal Landy (Páirtí an Lucht Oibre) agus Peadar Tóibín (Aontú) atá ag seasamh i Lár Tíre & an tIarthuaisceart.”

  • Ceistitheoir

    Fergal Landy (Páirtí an Lucht Oibre) agus Peadar Tóibín (Aontú) atá ag seasamh i Lár Tíre & an tIarthuaisceart.

    Cén fáth gur scaip siad litreacha um thoghcháin i mBéarla sa Ghaeltacht má tá siad chun Gaeilge a labhairt i bPairlimint an AE ?

  • Seán Mag Leannáin

    Díol suntais é gur toghadh beirt as an seachtar iarrthóirí a thug le fios go mbeadh siad in ann an Ghaeilge a labhairt go rialta sa Pharlaimint agus go mbainfeadh siad úsáid as an teanga mar ghnáthchleachtas. Sin iad ar ndóigh Aodhán Ó Ríordáin (Páirtí an Lucht Oibre) i dtoghcheantar Bhaile Átha agus Cynthia Ní Mhurchú (Fianna Fáil) i dtoghcheantar an Deiscirt. Cuirfidh sé seo le líon na gcainteoirí Gaeilge sa bParlaimint cheana féin – Seán Kelly (Fine Gael) agus Billy Kelleher (FF). Fágfaidh sé sin ceathrar Gaeilgeoirí as an ceathrar ionadaithe déag ón tír seo sa bParlaimint nua agus is cúis cheiliúrtha é sin. B’fhéidir go dtaispeánann sé freisin go bhfuil meas sa bhreis ag muintir na hÉireann ar iarrthóirí a bhfuil an teanga náisiúnta ar a dtoil acu.