Slán an tsamhail! Tá polaiteoirí Thuaisceart Éireann go léir ar aon intinn. Deir gach páirtí go bhfuil an reifreann faoi rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe san Aontas Eorpach cinniúnach. Tá ciallachais na vótála ar an 23 Meitheamh thar a bheith tromchúiseach. I bhfianaise a thábhachta, b’fhearr leis na páirtithe nach mbeadh an reifreann ann chomh gar do thoghchán an Tionóil sa Bhealtaine mar go dtiocfadh feachtasaíocht salach ar stocaireacht do Stormont. Sin deireadh leis an gcomhcheol, áfach.
Bhí sé soiléir i bhfad sular fhill David Cameron ón mBruiséil chun an reifreann a fhógairt go mbeadh an DUP ag moladh go bhfágfadh an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach. Ní taise sin don TUV agus UKIP. Cé go mbíodh an UUP chomh amhrasach leis na haontachtaithe eile ar fad, bhí siad i mbun machnaimh – ag iarraidh spáis éigin dá gcuid féin a aimsiú, seans.
Bhí an SDLP tiomanta don AE ariamh, iad ar cheann de na páirtithe ba mhó san Aontas a raibh bá acu leis an bhfiontar Eorpach. Bhí múnla síochánta iar-chogaidh an Aontais mar inspioráid ag John Hume ina fheachtas chun stop a chur le foréigean anseo. Tá Alliance báúil freisin leis an AE. Cé go mbíodh Sinn Féin ar an dul Eoraisceipteach céanna leis na haontachtaithe tá siad iompaithe i bhfabhar agus ag tabhairt foláirimh faoin gcontúirt d’Éirinn, thuaidh agus theas, dá nglacfaí le ‘Breatamach’ – Brexit mar a thugtar air.
Níorbh iontas é nuair a d’fhógair an Státrúnaí Theresa Villiers go mbeadh sí ag feachtasaíocht chun an tAE a fhágáil. Bhí sé á thuar go mbeadh sí sa bhuíon d’airí sa bhfreasúra, cuma cén margadh a dhéanfadh Cameron. Glactar leis gur sa Bhreatain amháin a dhéanfaidh Villiers stocaireacht mar nach bhfuil aon vóta aici abhus; dúirt ceannaire an SDLP, Colum Eastwood, gur éiligh sé an gheallúint sin uaithi agus go mbeidh sé ag faire go géar uirthi chun a chomhlíonadh. Tá sí cáinte go géar ag Sinn Féin a mhaígh go bhfuil a seasamh ag teacht salach ar leas Thuaisceart Éireann, réigiún a fuair an-tacaíocht ón AE. Dúirt Martin McGuinness, Sinn Féin, gur cheart di éirí as a post i dTuaisceart Éireann. Seafóid, arsa urlabhraí ar a son.
I súile na náisiúnach tá Comhaontú Aoine an Chéasta á chur i mbaol aici mar gur ghné an-mhór den chonradh idirnáisiúnta é ballraíocht na Breataine agus na hÉireann san AE. Níl aon dabht ach go raibh náisiúnaithe toilteanach fíorú na haislinge faoi Éire aontaithe a chur ar an méar fhada mar gheall ar pháirtíocht san AE agus cealú teorainneacha. B’fhéidir gur scéal chailleach an uafáis é a bheith ag rá go mbeadh teorainn agus stadanna custaim arís idir tuaisceart agus deisceart ach thabharfadh athrú stádais cnámh spairne eile d’easaontóirí foréigneacha.
Anuas air sin cuirtear i leith Villiers go bhfuil infheistíocht á cur i mbaol. Sin ceist do na haontachtaithe freisin agus cé go bhfuil lucht gnó ag iarraidh polaitíocht pháirtithe a sheachaint níl aon dabht ach go gcreideann siad gur bhua é a bheith san AE agus gur chontúirt mhór é an tAontas a fhágáil. Is annamh a dhéanann príomhfheidhmeannach Invest NI (leathbhadóir an IDA ó dheas) agallamh ach dúirt sé ar an teilifís le gairid gur bhuntáiste é ballraíocht san AE san idirbheartaíocht le lucht rachmais i Meiriceá. Déanann daoine a mbítear ag tathant orthu infheistíocht a dhéanamh i dTuaisceart Éireann tagairt go rialta do ‘bhealach isteach’ san AE, a dúirt sé.
Bí cinnte go gceisteofar an Chéad Aire, Arlene Foster agus an Leas Chéad Aire, Martin McGuinness, nuair a ghabhfaidh siad go Meiriceá i gceann cúpla seachtain ag iarraidh tacaíocht eacnamaíochta. Beidh Foster mar cheannaire an DUP ag rá leo nach fiú a bheith san Aontas Eorpach agus a mhalairt sin á rá ag McGuinness. Ní údar uchtaigh é sin.
Díol suntais é cé chomh teasaí is atá an argóint faoin reifreann cheana féin. Tá daoine corraithe faoin scéal. Cá bhfios céard a tharlóidh sna ceithre mhí amach romhainn? Faoi láthair, is cosúil go bhfuil an ceart ag na polaiteoirí go dtiocfaidh an reifreann salach ar a bhfeachtais do Stormont. Tá feirmeoirí, oibrithe, ceardchumainn, nach mór gach duine san earnáil phríobháideach agus an-chuid de phobal na teorann imníoch faoin a bhfuil i ndán dóibh, cibé taobh ar a bhfuil siad. Sa mullach air sin, i bhfianaise na huimhríochta, tá a bhformhór den bharúil gur vótóirí i Sasana a dhéanfaidh an cinneadh a mbeidh tionchar mór aige ar a saol.
Fág freagra ar 'Páirtithe an Tuaiscirt sna píobáin ar a chéile cheana faoi Brexit…'