Líon na suíochán: 4
Tá dhá athrú mór déanta ar an toghcheantar seo, thart ar 9,000 vóta aistrithe isteach i gCorcaigh Thuaidh Lár agus thart ar 3,500 vóta curtha isteach i gCorcaigh Thiar-Thuaidh. De bharr na n-athruithe is cosúil gur shocraigh Seán Sherlock (LO) ó Mhala gan seasamh an babhta seo mar go raibh a cheantar tacaíochta thart ar Mhala le hathrú isteach i gCorcaigh Thuaidh Lár.
Tá ochtar déag (18) iarrthóirí san iomaíocht do na ceithre shuíochán, ina measc na Teachtaí Dála James O’ Connor (FF) agus Pat Buckley (SF).
Bhí Pat Buckley (SF), arb as Mainistir na Corann dó, ar bharr an chomhairimh in 2020 le 12,587 vóta. Cosúil le James O’ Connor (FF) tá a cheantar tacaíochta i ndeisceart an dáilcheantair agus níl aon vótaí caillte ag an gceantar sin sna hathruithe ar an dáilcheantar ó 2020.
Beidh coimhlint ghéar i bhFianna Fáil don suíochán idir James O’Connor (FF) i ndeisceart an dáilcheantair agus an comhairleoir Deirdre O’Brien (FF) a fuair 1,891 vóta sna toghcháin áitiúla i dtoghcheantar Mhainistir Fhear Maí. Tógfaidh duine acu suíochán.
Beidh Fine Gael ag súil le dhá shuíochán sa dáilcheantar seo ach níl mórán seans acu. Tá Mark Stanton (FG) réasúnta cinnte go mbeidh sé in ann suíochán a bhí ag a athair David ó 1997 a choinneáil d’Fhine Gael. Ag seasamh in éindí le David Stanton (FG) tá an Comhairleoir Noel McCarthy (FG) a fuair 2,624 vóta sna toghcháin áitiúla i gceantar Mhainistir Fhear Maí. Má bhíonn sé chun tosaigh ar an gcomhairleoir Deirdre O’Brien (FF), beidh seans aige ar an gceathrú suíochán a thógáil.
Don tríú olltoghchán as a chéile tá an comhairleoir Mary Linehan-Foley (Nspl) as Eochaill san iomaíocht. Sna toghcháin áitiúla bhí sí ar bharr an chomhairimh le 2,962 vóta i gceantar Mhainistir na Corann. Fuair sí 3,903 vóta san olltoghchán in 2020. Aistriú a cuid vótaí ba chúis le James O’Connor (FF) dul chun cinn ar Kevin O’Keefe (FF), a chaill a shuíochán sa Dáil dá bharr. Gan é ach 22 bliain nuair a toghadh é in 2020, ba é James O’ Connor (FF) an Teachta Dála ab óige a bhí sa 33ú Dáil.
An babhta seo d’fhéadfadh sé tarlú go mbeadh an comhairleoir Mary Linehan-Foley (Nspl) sa rása don cheathrú suíochán. Iarrthóir láidir neamhspleách eile is ea an comhairleoir William O’Leary (Nspl). Fuair sé 2,920 vóta i dtoghcheantar Mhainistir Fhear Maí sna toghcháin áitiúla. Má bhíonn an comhairleoir Deirdre O’Brien (FF) chun cinn air, cabhróidh a chuid aistriúchán léi agus vice versa.
Tá roinnt iarrthóirí neamhspleácha eile san iomaíocht: Ross Cannon (Nspl); Frank Roche (Nspl) agus John O’Leary (Nspl), fear atá ag seasamh i roinnt dáilcheantar eile i gcontae Corcaí.
Tá beirt iarrthóirí ag an ngrúpa Independent Ireland ar an bpáipéar ballóide: Kathryn Bermingham (Ind Ire) agus Catherina Lynch (Ind Ire).
San iomaíocht don Chomhaontas Glas tá Clíona O’Halloran (CG). Tá Asch Ní Fhinn (PSB) ag seasamh don ghrúpa Pobal seachtas Brabús agus Mona Stromsoe (Aon) ag seasamh d’Aontú. Níl aon iarrthóir ag Páirtí an Lucht Oibre, cé go raibh Teachta Dála sa dáilcheantar acu ar feadh blianta. San iomaíocht do na Daonlathaithe Sóisialta tá an Comhairleoir Liam Quaide (DS). Sheas sé sa dáilcheantar céanna in 2020 don Chomhaontas Glas agus fuair sé 3,749 vóta. Sna toghcháin áitiúla fuair sé 1,606 vóta i dtoghcheantar Mhainistir na Corann.
Tá James Peter O’Sullivan (IP) ag seasamh don pháirtí ar an eite dheis, The Irish Freedom Party.
Tuar Tuairisc: FF 1; FG 1; SF 1; Nspl 1
Líon na suíochán: 5
Tá suíochán breise le líonadh sa toghcheantar de bharr Mala agus an ceantar thart air a bheith tógtha ó Chorcaigh Thoir agus curtha leis an dáilcheantar seo.
Tá 21 iarrthóir ainmnithe le dul san iomaíocht do na cúig shuíochán atá le líonadh. I measc na n-iarrthóirí tá na Teachtaí Dála seo a leanas a toghadh in 2020: Thomas Gould (SF); Pádraig O’Sullivan (FF); Colm Burke (FG) agus Mick Barry (SP).
Le suíochán breise le líonadh tá Fianna Fáil ag iarraidh an dara suíochán a fháil, mar atá Fine Gael. Cé go bhfuil Fianna Fáil níos láidre sa chathair ná mar atá Fine Gael, nuair a chuirtear Mala san áireamh is a mhalairt atá fíor. Is i gcathair Chorcaí nó in aice léi atá an triúr iarrthóirí ag Fianna Fáil lonnaithe, Pádraig Ó Súilleabháin (FF) agus an comhairleoir Tony Fitzgerald (FF) sa chathair agus Sandra Murphy-Kelleher (FF) i mBaile an Chollaigh ar imeall na cathrach, áit a bhfuil 14,000 vóta nó mar sin agus atá curtha leis an dáilcheantar don toghchán seo. Is iarrthóir láidir cathrach é Tony Fitzgerald (FF). Sna toghcháin áitiúla mí an Mheithimh fuair sé 1,930 vóta in iarthuaisceart na cathrach.
Tá triúr iarrthóirí ag seasamh d’Fhine Gael chomh maith, Colm Burke (FG) a toghadh in 2020 den chéad uair; Imelda Daly (FG) a fuair 876 vóta in oirthuaisceart na cathrach agus an comhairleoir Garret Kelleher (FG) a toghadh in iardheisceart na cathrach le 1,559 vóta.
Tá Páirtí an Lucht Oibre sa tóir ar an gcúigiú suíochán agus seans maith ag páirtí Ivana Bacik (LO) é a fháil. Bhíodh suíochán sa dáilcheantar seo ag Kathleen Lynch (LO) ach chaill sí in 2016. Curtha leis an dáilcheantar tá Mala agus an ceantar timpeall air. Is ann a bhí tacaíocht láidir ag Seán Sherlock (LO) ó Pháirtí an Lucht Oibre. Tá iarrthóir ag an Lucht Oibre ó Mhala, an comhairleoir Eoghan Kenny, a fuair 2,239 vóta ar an gcéad chomhaireamh sna toghcháin áitiúla. Ag seasamh chomh maith ar thicéad Pháirtí an Lucht Oibre tá an comhairleoir John Maher (LO), as tuaisceart chathair Chorcaí. Toghadh John Maher (LO) ar an gcéad chomhaireamh in oirthuaisceart na cathrach le 2,005 vóta. Má bhíonn ráta aistrithe maith idir an bheirt iarrthóirí atá ag Páirtí an Lucht Oibre, tá seans maith ann go mbeidh suíochán ag duine acu.
Toghadh Thomas Gould (SF) in 2020 ar an gcéad chomhaireamh le 14,286 vóta agus 3,455 vóta le spáráil. Fuair Mick Barry (SP) 1,459 acu, rud a chuir chun cinn ar Kenneth Flynn (Ind Ire) é. Níor cheart go mbeadh aon stró ar Thomas Gould (SF) a shuíochán a choinneáil. Drochsheans go mbeidh aon fharasbarr aige an babhta seo, mar tá an Comhairleoir Joe Lynch (SF), cainteoir Gaeilge, ag seasamh chomh maith agus beidh vóta Shinn Féin scoilte idir an bheirt acu. Le 1,027 vóta céadrogha aige, toghadh an Comhairleoir Joe Lynch don chomhairle cathrach mí an Mheithimh seo caite i ndeisceart na cathrach. Ní dóigh liom go bhfuil sé sách láidir le bheith san iomaíocht ag an deireadh.
Gabhfaidh sé rite ar Mick Barry (SP) ón bPáirtí Sóisialach a shuíochán a choinneáil. Bhí sé ag brath ar go leor vótaí aistrithe ó fharasbarr Thomas Gould (SF) agus ón gComhaontas Glas in 2020, Seans nach mbeidh na vótaí aistrithe sin ar fáil chomh flúirseach an uair seo.
Ag seasamh in athuair don Chomhaontas Glas tá an Comhairleoir Oliver Moran (CG), a fuair 3,205 vóta in 2020. Toghadh é ar Chomhairle Cathrach Chorcaí mí Meitheamh seo caite le 906 vóta. Is as an gceantar céanna é le John Maher (LO) ó Pháirtí an Lucht Oibre agus ba cheart go mbeadh aistriú maith vótaí le fáil ag an gcomhairleoir Maher (LO) ón gcomhairleoir Moran (CG).
Tá beirt san iomaíocht chomh maith ó na Daonlathaithe Sóisialta: Susan Doyle (DS) a fuair 799 vóta sna toghcháin áitiúla agus Ciaran Mc Carthy (DS) a fuair 1,008 vóta. Níor toghadh ceachtar acu. D’fhéadfadh go mbeadh tábhacht lena gcuid vótaí aistrithe agus go gcabhróidís le John Maher (LO) a choinneáil sa rás.
Is iarrthóir láidir é an Comhairleoir Ken O’Flynn (Ind Ire), atá ag seasamh do Independent Ireland. Cúlra Fianna Fáil atá aige agus is é is mó a fuair vótaí i gcathair Chorcaí sna toghcháin áitiúla. 3,134 vóta a bhí aige sa toghcheantar céanna le John Maher (LO) agus Oliver Moran (CG). Tá seans láidir aige ar shuíochán a thógáil do Independent Ireland.
Tá Derek Blighe (IF) ar an dticéad don eagraíocht fhrithimirceach ar an eite fhíordheis, Ireland First. Fuair sé tacaíocht shuntasach, beagnach 4%, nuair a sheas sé sna toghcháin do Pharlaimint na hEorpa, agus é chun cinn ar iarrthóir Pháirtí an Lucht Oibre. Beidh sé spéisiúil a fheiceáil cé a gheobhaidh a chuid vótaí aistrithe. Seans go dtacóidh a vótaí le Ken O’Flynn (Ind Ire).
Ag seasamh do Pháirtí na nOibrithe tá Rachel Hurley Roche (WP) agus tá Finian Toomey (Aon) agus seasamh d’Aontú. Ar an bpáipéar ballóide chomh maith tá na hiarrthóirí neamhspleácha Martin Condon (Nspl); John Donohue (Nspl) agus Joseph Peters (Nspl).
Tuar Tuairisc: FF 1; FG 1; LO 1; SF 1; Ind Ire 1
Líon na suíochán: 5
Tá suíochán breise le líonadh sa toghcheantar seo de bharr ceantar taobh ó dheas den abhainn, thart ar Bhaile an Easpaig, a bheith aistrithe isteach sa dáilcheantar ó Chorcaigh Thuaidh-Lár.
Tá 22 iarrthóir ag seasamh, ina measc beirt de na Teachtaí Dála a toghadh in 2020, An Tánaiste Micheál Martin (FF) agus Donnchadh Ó Laoghaire (SF) a bhí ar bharr an chomhairimh in 2020 le 14,057 vóta. Níl an tAire Simon Coveney (FG) ag seasamh agus tá Michael McGrath (FF) imithe go Coimisiún na hEorpa.
Idir an dá Mhicheál d’éirigh le Fianna Fáil 35.5% den vóta céadrogha a fháil in 2020. Tá an tríú hiarrthóir ag Fianna Fáil an babhta seo, Margaret Kenneally (FF), bean ghnó ó Bhaile an Easpaig, an ceantar nua le daonra mór atá curtha leis an dáilcheantar. Tá Fianna Fáil réasúnta cinnte de dhá shuíochán a fháil idir an Tánaiste Micheál Martin (FF) agus an comhairleoir Séamas McGrath (FF), deartháir leis an gCoimisinéir Eorpach, Michael McGrath. Sna toghcháin áitiúla fuair Séamas McGrath (FF) 5,191 vóta i dtoghcheantar Carraig Uí Leighin, an vóta ab airde go náisiúnta sna toghcháin áitiúla. An cheist mhór, má bhíonn farasbarr ag an dá Mhicheál an aistreofar na vótaí breise sách láidir le seans a thabhairt don tríú hiarrthóir, Margaret Kenneally (FF), ar an gcúigiú suíochán.
Ag seasamh in éindí le Donnchadh Ó Laoghaire (SF) do Shinn Féin tá Michelle Cowhey Shahid (SF). Togadh Donnchadh Ó Laoghaire (SF) ar bharr an chomhairimh in 2020, le 14,057 vóta, 2,628 vóta thar an gcuóta. Cainteoir maith Gaeilge é agus é ina urlabhraí ar chúrsaí oideachais ag a pháirtí. Ní bheidh aon stró air a shuíochán a choinneáil ach seans maith go mbeidh air fanacht go gcuirfear a chomhiarrthóir Michelle Cowhey Shahid (SF) as an rása.
Tá triúr iarrthóirí ag seasamh d’Fhine Gael: an Seanadóir Jerry Buttimer (FG), an comhairleoir Úna Mc Carthy (FG) agus an Comhairleoir Shane O’Callaghan (FG). Chaill Jerry Buttimer (FG) a shuíochán in 2016. Nuair a sheas sé in 2020 fuair sé 2,828 vóta. Gan Simon Coveney san iomaíocht an babhta seo beidh Jerry Buttimer (FG) ag súil le vóta i bhfad níos airde ná mar a fuair sé in 2020, go speisialta nuair atá a bhunáit tacaíochta, Baile an Easpaig, ar ais sa dáilcheantar. Tá Gaeilge réasúnta maith aige.
Má tá Fine Gael le suíochán breise a fháil anseo is ag an gcomhairleoir Shane O’Callaghan (FG) is fearr atá seans aige. Sna toghcháin áitiúla bhí sé ar bharr an chomhairimh i lár na cathrach, le 1,870 vóta. Is i gceantar Charraig Uí Leighin a bhí an Comhairleoir Úna McCarthy (FG) ag seasamh, an ceantar ina bhfuil an Comhairleoir Séamas McGrath (FF) an-láidir.
Ag seasamh do Pháirtí Lucht Oibre tá an Comhairleoir Laura Harmon (LO). Bean réasúnta óg le togha na Gaeilge, bhí sí ina hUachtarán tráth ar Aontas na Mac Léinn in Éirinn. Tá feachtas láidir ar bun aici, ag iarraidh an suíochán a chaill Páirtí an Lucht Oibre in 2016 a fháil ar ais. Toghadh í den chéad uair ar Chomhairle Cathrach Chorcaí mí an Mheithimh seo caite, nuair a fuair sí 1,240 vóta. Le suíochán a fháil beidh uirthi a bheith chun cinn ar an gcomhairleoir Pádraig Rice (DS) ó na Daonlathaithe Sóisialta. Toghadh Pádraig Rice (DS) ar an gcomhairle cathrach mí an Mheithimh le 1,081 vóta. Má bhíonn aistriú réasúnta maith vótaí idir Laura Harmon (LO) agus Pádraig Rice (DS) beidh duine acu san iomaíocht don chúigiú suíochán – gach seans gurb é an comhairleoir Shane O’Callaghan (FG) a bheidh ina dteannta.
San olltoghchán in 2020 sheas Lorna Bogue don Chomhaontas Glas. Fuair sí 5,379 vóta agus bhí sí san iomaíocht go dtí an deireadh. Ó shin scar sí leis an gComhaontas Glas agus bhunaigh sí Rabharta in éindí le daoine eile nach raibh sásta leis an gComhaontas Glas, tar éis an toghcháin in 2020. Sheas Lorna Bogue (Rabh) i dtoghchán na hEorpa ach bhí sí i bhfad chun deiridh. Chaill sí a suíochán ar Chomhairle Cathrach Chorcaí mí an Mheithimh nuair a fuair sí 523 vóta céadrogha. Ag seasamh don Chomhaontas Glas tá Monica Oikeh (CG) a fuair 550 vóta sna toghcháin áitiúla.
Ní féidir an Comhairleoir Mick Finn (Nspl) a chur as an áireamh. Níor sheas sé in 2020 ná sna toghcháin áitiúla. San olltoghchán in 2016 fuair sé 2,378 vóta. Tá an Comhairleoir Paudie Dinneen (Nspl) san iomaíocht chomh maith, mar a bhí in 2020 nuair a fuair sé 429 vóta. Sna toghcháin áitiúla fuair Dinneen (Nspl) 879 vóta.
Valerie Ward (Ind Ire) agus Veronica Houlihan (Ind Ire) atá ag seasamh don ghrúpa Independent Ireland agus Ted Neville (NP) atá ag seasamh don National Party.
Ag seasamh do Phobal seachas Brabús tá Shane Laird (PsB), Anna Daly (Aon) atá san iomaíocht d’Aontú. Ar an bpáipéar ballóide chomh maith tá na hiarrthóirí neamhspleácha seo a leanas: Graham de Barra (Nspl); Tony Field agus John O’ Leary (Nspl).
Tuar Tuairisc: FF 2; FG 1; LO 1; SF 1
Fág freagra ar 'Páirtí an Lucht Oibre, Fianna Fáil agus neamhspleáigh ag súil le suíocháin bhreise i gcathair agus oirthear Chorcaí'