Pádraig Mac Fhearghusa le hinsealbhú ina Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge

Tá sé fógartha ag Conradh na Gaeilge chomh maith go bhfuil Gradam an Uachtaráin le bronnadh ar Mháirín Ní Ghadhra, craoltóir RTÉ agus colúnaí le Tuairisc

Pádraig Mac Fhearghusa le hinsealbhú ina Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge

Pádraig Mac Fhearghusa atá le hinsealbhú ina Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge agus Máirín Ní Ghadhra a bhfuil Gradam Uachtarán Chonradh na Gaeilge le bronnadh uirthi

Tá an file aitheanta Pádraig Mac Fhearghusa le hinsealbhú ina Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge tráthnóna mar chuid d’imeachtaí Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge, atá ar siúl i mBaile Bhlainséir i mBaile Átha Cliath.

Tá sé fógartha ag an gConradh chomh maith go bhfuil Gradam an Uachtaráin le bronnadh ar Mháirín Ní Ghadhra, craoltóir le RTÉ RnaG agus colúnaí le Tuairisc, as an obair atá déanta aici ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta.

De bhunadh Chorcaí é Mac Fhearghusa ach tá formhór a shaoil caite aige i dTrá Lí, áit a bhfuil sé ag gníomhú i gcónaí ar son cearta teanga agus ar son an oideachais lánGhaeilge. Chomh maith le hiliomad saothar filíochta agus próis a bheith scríofa aige, bhí sé ina eagarthóir chomh maith ar an iris liteartha mhíosúil, Feasta idir 1996-2019, agus ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge idir 2008-2011. Is de thoradh a shaothair a bunaíodh Scoil Mhic Easmainn i dTrá Lí i 1978 agus Gaelcholáiste Chiarraí ina dhiaidh sin.

Agus í ag trácht ar ainmniúchán Mhic Fhearghusa mar Uachtarán, chuir Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais, fáilte mhór roimh an Chorcaíoch.

“Is laoch é Pádraig Mac Fhearghusa i measc Gael, ní hamháin ar son na bhfeachtas misniúil a throid sé ar shon chearta daltaí scoile oideachas trí Ghaeilge a fháil ó thús a gcuid scolaíochta ach freisin ar son na tacaíochta a thugann sé do scríbhneoirí óga agus iad ag tosú amach i mbun ceirde,” a dúirt Nic Dhonnchadha.

“Is beag údar atá ag scríobh i nGaeilge inniu nach raibh tionchar aige orthu agus focal misnigh, chomh maith le tacaíocht phraiticiúil, á tabhairt aige dóibh.  Is crann taca de chuid an Oireachtais agus de chuid Chonradh na Gaeilge é le fada an lá agus is onóir dúinn é a bheith ag dul i mbun oifige mar Uachtarán an Oireachtais 2024.”

Déanfar Mac Fhearghusa a insealbhú mar Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge ag 6.00in tráthnóna in Óstán Carlton Bhaile Bhlainséir.

Inniu chomh maith a fógraíodh gur ar Mháirín Ní Ghadhra a bhronnfar Gradam Uachtarán Chonradh na Gaeilge.

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Paula Melvin, go raibh an gradam tuillte go maith ag Ní Ghadhra as an obair mhór a bhí déanta aici san iriseoireacht.

“Tá croí Mháirín curtha isteach aici san iriseoireacht, sa chraoltóireacht agus sa teanga ar feadh na mblianta, agus ba mhaith linn aitheantas a thabhairt di as an obair ar fad atá déanta aici,” a dúirt Melvin.

“Is cara mór le Conradh na Gaeilge í Máirín, agus tá a cuid ama, a cuid fuinnimh agus a cuid tallainne tugtha go fial flaithiúil aici dúinn i gcónaí. As sin, táimid thar a bheith buíoch di agus is féidir liom a rá nach bhfuil duine ar bith gurbh fhearr liom an onóir seo a bhronnadh orthu i mbliana.”

Agus í le glacadh leis an ngradam, dúirt Máirín Ní Ghadhra go raibh an t-ádh uirthi gurb as an nGaeltacht di agus go raibh an deis aici a teanga dhúchais a úsáid chomh minic agus a d’fhéadfaí.

“Tá mé thar a bheith buíoch as an aitheantas a thugann an gradam seo dom, cé go ndéarfainn féin nach ndearna mé aon rud ar leith riamh seachas mo theanga dhúchais a labhairt agus an oiread de mo shaol agus ab fhéidir a reáchtáil trí mheán na teanga sin. Tá an t-ádh dearg orm gur rugadh agus gur tógadh sa nGaeltacht mé agus go bhfuair mé deis mo chlann féin a thógáil ina croílár. Sin deis a ba cheart, ar ndóigh, a bheith ag chuile dhuine beo sa tír seo.”

Beidh Gradam an Uachtaráin agus an Gradam d’Oibrí Deonach Náisiúnta na bliana le bronnadh oíche amárach, Dé Sathairn.

Reáchtálfar Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2024 idir an Aoine agus an Domhnach i mBaile Bhlainséir. Tá an tAire Stáit Jack Chambers le hóráid a thabhairt thar ceann an Taoisigh, Leo Varadkar, ag an seoladh oifigiúil anocht agus pléifear gnó na hArd-Fheise agus na rúin amárach.

Fág freagra ar 'Pádraig Mac Fhearghusa le hinsealbhú ina Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge'

  • Muireann Ní Mhóráin

    Tréaslaím a cheapachán mar Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge le Pádraig.
    Duine de laochra na teanga le blianta fada anuas, gan an tacaíocht a bhí ag dul dá chuid oibre dheonach le Feasta agus a lán eile.
    Guím gach rath air.
    Muireann Ní Mhóráin.

  • Pat Butler

    Gach rath agus séan ort, a shean-chomrádaí. Iontach!

  • Carraig53@protonmail.com

    Tair slán a Phádraig.