Géarchéimeanna tithíochta agus teanga faoi chaibidil ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge

Cuirfear tús tráthnóna le hArd-Fheis 2024, atá ar siúl in Óstán Carlton i mBaile Bhlainséir, agus tá an tAire Stáit Jack Chambers le hóráid a thabhairt thar ceann an Taoisigh, Leo Varadkar ag an seoladh oifigiúil anocht

Géarchéimeanna tithíochta agus teanga faoi chaibidil ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge

Is í an ghéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht agus cur chuige an stáit i leith na Gaeilge sa chóras oideachais is mó atá ag dó na geirbe ag lucht na teanga faoi láthair más aon chomhartha na rúin atá le plé Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo.

Cuirfear tús tráthnóna le hArd-Fheis 2024, atá ar siúl in Óstán Carlton i mBaile Bhlainséir, agus tá an tAire Stáit Jack Chambers le hóráid a thabhairt thar ceann an Taoisigh, Leo Varadkar ag an seoladh oifigiúil anocht.

Pléifear gnó na hArd-Fheise agus na rúin amárach. Tá cúrsaí tithíochta agus oideachais á moladh i rúin ó chraobhacha ar fud na tíre.

Ó thaobh cúrsaí oideachais de, moltar i rún go gcáinfí cinneadh an Aire Oideachais Norma Foley an líon ama do theagasc na Gaeilge sna bunscoileanna a laghdú 30 nóiméad sa tseachtain agus go n-éileofaí ar an Aire dul siar ar an gcinneadh sin.

Moltar chomh maith cáineadh a dhéanamh ar an ardú atá tagtha ar líon na ndaltaí a fhaigheann díolúine ó staidéar na Gaeilge. Tá sé molta i rúin ar leith go gcuirfí deireadh le córas na ndíolúintí, mar atá molta ag coiste Oireachtais, agus go bhforbródh an tAire Oideachais múnla nua don Ghaeilge sa chóras oideachais trí chéile.

Tá an-chuid rún ar an gclár maidir leis an nGaeilge agus na hinstitiúidí tríú leibhéal, ag áireamh cur chun cinn na teanga i measc na mac léinn agus tuilleadh cúrsaí a theagasctar trí Ghaeilge a fhorbairt.

Tá Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) agus Cumann Gaelach Ollscoil Luimnigh ag moladh go mbeadh Oifigeach Gaeilge ag aontas na mac léinn i ngach ollscoil agus mic léinn Luimnigh ag moladh gur chóir gur ról lánaimseartha a bheadh ann, mar atá déanta ag aontas na mac léinn in Ollscoil na Gaillimhe agus ag AMLÉ le roinnt blianta anuas agus atá beartaithe anois ag Aontas Mac Léinn Choláiste na Tríonóide

Tá roinnt rún ann ag moladh go bhforbrófaí tuilleadh scéimeanna cónaithe Gaeilge agus Comhaltas na Mac Léinn in Ollscoil na Gaillimhe ag iarraidh go ndéanfaí sin i ngach ollscoil in Éirinn, thuaidh agus theas.

Tá AMLÉ freisin ag iarraidh go ndéanfaí iarracht cumann Gaelach a bhunú i ngach coláiste tríú leibhéal sa tír agus go mbeidís sin ina gcraobh de Chonradh na Gaeilge.

Tá Cumann Gaelach Institiúid Oideachais Marino ag cur rúin chun cinn ag iarraidh go gcuirfí breis acmhainní ar fáil trí mheán na Gaeilge d’ábhar oidí, múinteoirí agus daltaí araon.

Tá an Ardchraobh ag moladh go ndéanfaí na coláistí oiliúna do mhúinteoirí a “athbhunú” ionas go n-ardófaí caighdeán teagaisc na teanga agus go mbeifí in ann ábhair eile a mhúineadh as Gaeilge.

Tá Gaelphobal Ard Mhacha Theas ag iarraidh go nglacfaí le rún ag éileamh Acht Gaelscolaíochta a thabhairt isteach ó thuaidh den teorainn a chinnteodh go dtabharfaidh an riatas tacaíocht don earnáil le fás agus forbairt a dhéanamh. Tá rún eile ag éileamh go lorgófaí maoiniú chun cúntóirí lánaimseartha a chur isteach i scoileanna Béarla ó thuaidh leis an Ghaeilge a theagasc.

Tá Craobh na hUaimhe ag iarraidh go n-oibreodh Conradh na Gaeilge ionas go dtarlódh sé go mbeadh gach scoil sa tír ar fad ag leibhéal réamhscoile, bunscoile agus iar-bhunscoile ag feidhmiú trí Ghaeilge.

Maidir le cúrsaí tithíochta, tá Coiste Dúiche na Gaillimhe ag iarraidh go n-oibreodh Údarás na Gaeltachta, Roinn na Gaeltachta agus an Roinn Tithíochta le chéile chun ‘Plean Daonra agus Tithíochta’ a chur le chéile do gach limistéar pleanála teanga sa Ghaeltacht agus go mbeadh eolas ar an daonra agus an tithíocht reatha sna limistéir san áireamh ann.

Moltar tacaíocht a léiriú ledon ghrúpa feachtais BÁNÚ a bunaíodh ag deireadh na bliana seo caite agus tá rún in ainm Uachtarán an Chonartha, Paula Melvin, ag éileamh go gcuirfeadh an tAire Tithíochta Darragh O’Brien moltaí atá déanta ag Conradh na Gaeilge maidir le cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht i bhfeidhm agus go mbeadh siad san áireamh sna dréacht-treoirlínte don phleanáil sa Ghaeltacht ba chóir a fhoilsiú gan aon mhoill eile, a deirtear.

Dúirt an tAire O’Brien an tseachtain seo caite go raibh na dréacht-treoirlínte le foilsiú aimsir na Cásca.

An ghéarchéim aeráide a spreagann rún suimiúil eile ag Craobh 1916 ag éileamh go mbeadh na hearraí bolscaireachta a scaiptear chun an Ghaeilge a chur chun cinn níos inbhuanaithe. I measc na moltaí atá sa rún, moltar méid na n-earraí a cheannaítear a laghdú chomh fada agus is féidir, nach gceannófaí earraí atá déanta as plaisteach aon-úsáide agus go ndéanfaí iarracht earraí atá déanta in Éirinn nó i dtíortha níos gaire d’Éirinn a cheannach leis an lorg carbóin a bhaineann leo a laghdú.

I measc na n-ábhar eile atá le plé sna rúin, éilítear feachtas náisiúnta a eagrú le húsáid logainmneacha Gaeilge in ionad logainmneacha Béarla a spreagadh mar ghnáthnós ag comhlachtaí poiblí agus go ginearálta sa phobal. Tá rún eile ar an gclár a éilíonn go mbeadh aird ar leith ag ranna rialtais agus comhairlí áitiúla ó thuaidh ar an nGaeilge ar chomharthaí oifigiúla.

Chomh maith leis na rúin a phlé ar an Satharn, déanfar Seachtain na Gaeilge le Energia a sheoladh in Ionad Siopadóireachta Bhaile Bhlainséir ag 2.00in agus ag Dinnéar na hArd-Fheise an oíche sin, bronnfar Gradam Uachtarán Chonradh na Gaeilge agus Gradam Oibrí Deonach Náisiúnta na bliana.

Fág freagra ar 'Géarchéimeanna tithíochta agus teanga faoi chaibidil ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge'