Os cionn €60,000 ceadaithe ag an Aire Joe McHugh do thograí Gaeltachta

Roinnfear an maoiniú thar thrí thogra Gaeltachta i gConamara agus i gCorca Dhuibhne

Joe McHugh
Joe McHugh

Cheadaigh an tAire Stáit Gaeltachta Joe McHugh os cionn €60,000 do thograí Gaeltachta an tseachtain seo caite. Tabharfar an t-airgead do trí thogra i nGaeltacht Chonamara agus i nGaeltacht Chorca Dhuibhne.

€19,246 ceadaithe don eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta, a thugann cúnamh do thuismitheoirí atá ag tógáil clainne le Gaeilge sa Ghaeltacht, le hionad tacaíochta teaghlaigh ar an gCeathrú Rua i gConamara a fheabhsú agus chun trealamh breise a chur ar fáil ann.

Dúirt Tuismitheoirí na Gaeltachta go bhfuil siad thar a bheith buíoch den Aire McHugh as an maoiniú atá faighte acu agus go bhfuil pleananna móra acu don ionad. Ionad sóisialta do theaghlaigh a bheidh ann chomh maith le hoifig na heagraíochta agus leabharlann do ghasúir.

Cúpla míle soir an bóthar ón gCeathrú Rua atá Coiste Ionad Pobail Ros a’ Mhíl a ceadaíodh €8,299 dóibh chun “oibreacha riachtanacha” a chur i gcrích san ionad pobail.

Earcófar Comhordaitheoir Gaeilge le freastal a dhéanamh ar Phobalscoil Chorca Dhuibhne i nGaeltacht Chiarraí leis an €33,600 a ceadaíodh d’Oidhreacht Chorca Dhuibhne.

Dúirt an tAire McHugh go bhfuil “tionchar fíorthábhachtach ag Pobalscoil Chorca Dhuibhne ar bhuanú agus cur chun cinn na Gaeilge” sa cheantar agus go bhfuil lúcháir air a bheith in ann an deontas a chur ar fáil.