Os cionn 1,000,000 úsáideoir ag Focloir.ie in 2016 agus ‘grandma’ an focal ba mhó cuardach

Rinneadh beagnach deich milliún cuardach ar shuíomh an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge ó thús na bliana seo — méadú 82% ar líon na gcuardach in 2015

Os cionn 1,000,000 úsáideoir ag Focloir.ie in 2016 agus ‘grandma’ an focal ba mhó cuardach

Thug os cionn milliún duine cuairt ar shuíomh an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge, foclóir.ie, i mbliana— méadú 82% ar líon na gcuairteoirí in 2015. Is í seo an chéad bhliain a mheall an foclóir níos mó ná milliún úsáideoir.

Rinneadh beagnach 10 milliún cuardach ar an suíomh i gcaitheamh na bliana agus tugadh 2,560,000 milliún cuairt air. Chaith úsáideoirí Foclóir.ie sé nóiméad go leith ar an meán ar an suíomh agus bhreathnaigh siad ar thuairim is cúig leathanach in aghaidh na cuairte.

Thug 784,000 duine 2.3 milliún cuairt ar Teanglann.ie, an suíomh ar a bhfuil na leaganacha digitithe d’Fhoclóirí de Bhaldraithe agus Uí Dhomhnaill, i measc ábhar eile. Cé gur thug líon níos lú daoine cuairt ar Teanglann.ie, caitheadh i bhfad níos mó ama, ar an meán, ar an suíomh sin — tuairim is ocht nóiméad go leith an chuairt.

Dúirt Cathal Convery, bainisteoir tionscadail an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge, go bhfuil an fhoireann “sásta go leor” leis an líon ard cuairteoirí i mbliana.

“Ceithre bliana ó shin, ní raibh ach 30% den ábhar ar an suíomh agus bhí i bhfad níos lú daoine ag teacht chuige. Bliain go leith ó shin, thosaíomar ag scaipeadh an scéil faoin bhfoclóir agus d’fhreastalaíomar ar roinnt comhdhálacha agus cruinnithe eile le múinteoirí agus araile, chomh maith leis an Oireachtas ar ndóigh.

“Bhí feachtas mór poiblíochta againn agus rinneadh treoirfhíseán agus a leithéid. Chuir sé sin ar fad le líon ard na gcuairteoirí i mbliana,” a dúirt Cathal Convery.

Is léir go bhfuil an-spéis ag foghlaimeoirí Gaeilge i gcúrsaí teaghlaigh. Ba é an focal ‘grandma’ (mamó) an focal ba mhó cuardach i mbliana agus é i bhfad chun cinn ar na focail eile ar an liosta den 100 focal is mó cuardach a chuir Foclóir.ie ar fáil do Tuairisc.ie.

Tá an focal ‘grandpa’ (athair mór), ‘brother’ (deartháir), agus ‘family’ (teaghlach) i measc na ndeich bhfocal is mó cuardach i mbliana. Is é seo an chéad uair don fhocal ‘grandpa’ a bheith ar an liosta ar chor ar bith agus chuaigh ‘brother’ ón 46ú háit anuraidh go dtí an 5ú háit i mbliana.

Mar sin féin, is beag difríocht atá le feiceáil idir liosta na bliana seo agus liosta na bliana seo caite. Tá ‘hello’ (heileo), ‘happy’ (sona) agus ‘play’ (a bheith ag spraoi) chomh maith le ‘love’ (grá) agus ‘warrior’ (laoch) ar an liosta arís in 2016.

I measc na bhfocal atá ar an liosta den chéad uair i mbliana tá ‘book’ (leabhar), ‘moon’ (gealach), agus ‘writer’ (scríbhneoir).

Is díol suntais é nár imir imeachtaí móra na bliana seo tionchar mór ar na focail is mó cuardach ar Foclóir.ie. Murab ionann agus foclóirí móra an Bhéarla agus mórtheangacha eile an domhain, ní raibh tionchar mór ag toghchán Mheiriceá, an reifreann ar imeacht na Breataine ón Aontas Eorpach, ná an sceimhlitheoireacht ar liosta na bhfocal is mó cuardach i nGaeilge.

“Is iondúil go mbíonn tionchar ag scéalta móra na meán, nó ag cúrsaí ollscoile agus meánscoile ar na focail a bhíonn ar an liosta. Sa chás go mbeadh ábhar faoi leith molta do chúrsaí ollscoile, nó ábhar ar leith ar chúrsa na hArdteiste, cuir i gcás, bheimis ag súil go mbeadh tionchar aige sin ar chúrsaí.

“Tá sé i gceist againn i bhfad níos mó anailíse a dhéanamh ar na staitisticí atá ar fáil dúinn amach anseo. Go dtí seo, bhíomar gafa le críochnú an fhoclóra, ach beidh deis níos fearr againn anois anailís a dhéanamh ar na húsáideoirí agus ar na

focail a bhíonn á gcuardach acu,” a dúirt Convery.

Is in Éirinn a bhí formhór mór na n-úsáideoirí lonnaithe, os cionn 70% acu agus ba ar ríomhaire deisce a bhí siad agus an suíomh á chuardach acu. Tá titim réasúnta mór tagtha ar líon na ndaoine a bhíonn ag úsáid an ríomhaire deisce (52% – 45%), áfach, agus ardú réasúnta suntasach ar líon na n-úsáideoirí a bhíonn ar an bhfón póca (35%-42%). Tháinig 13% de na cuairteoirí ó Stáit Aontaithe Mheiriceá, 6% ón mBreatain agus 10% ó thíortha eile.

Beidh an babhta mór deireanach uaslódála ceannfhocal á chur i gcrích i mí Eanáir. Tá sé beartaithe an foclóir ‘iomlán’ a sheoladh go poiblí ina dhiaidh sin. Beidh 24,000 comhad fuaime (8,000 i ngach ceann de na mórchanúintí) á n-uaslódáil chuig an suíomh i mí Eanáir

Fág freagra ar 'Os cionn 1,000,000 úsáideoir ag Focloir.ie in 2016 agus ‘grandma’ an focal ba mhó cuardach'