Ordú tugtha ag CLG go n-imreofaí athuair cluiche ceannais chlubanna na hÉireann

Tá sé ina raic ó tháinig sé chun solais go raibh 16 imreoir ar an bpáirc ag Crócaigh Chill Mochuda ag deireadh na himeartha in aghaidh CLG Watty Graham

Ordú tugtha ag CLG go n-imreofaí athuair cluiche ceannais chlubanna na hÉireann

Pictiúr:

Tá cinneadh déanta ag CLG go ndéanfar Cluiche Ceannais Sinsir Chraobh Peile Chlubanna na hÉireann a athimirt.

I ndiaidh éisteacht a bhí ar siúl aréir, d’ordaigh Lárchoiste Smachta na gComórtas (an CCCC) go mbeadh ar Chrócaigh Chill Mochuda as Baile Átha Cliath agus cumann peile Watty Graham as an nGleann i gcontae Dhoire a chéile a imirt arís.

Tá sé ina raic ó cuireadh críoch chonspóideach leis an gcluiche ceannais a imríodh ar an 22 Eanáir.

Agus iad 1-11 in aghaidh 1-09 chun cinn, bhí imreoir sa bhreis ar an bpáirc ag seaimpíní Átha Cliath ag deireadh na himeartha.

Chuir Crócaigh Chill Mochuda beirt ionadaithe chun páirce ach níor tháinig ach imreoir amháin amach. D’fhág sin go raibh 16 ar an bpáirc ag foireann Bhaile Átha Cliath agus seaimpíní Chúige Uladh ag tabhairt faoina seans deireanach.

Thug Danny Tallon pas gairid uaidh ó chic 45 méadar agus chruthaigh fir an Ghleanna deis ar chúl do Ryan Dougan, deis a cailleadh ar éigean.

Nuair a ciceáladh amach an pheil arís, séideadh an fheadóg dheireanach agus is ansin a d’imigh Dara Mullin, an 16ú fear a bhí ag na Crócaigh, den pháirc.

D’ardaigh Crócaigh Chill Mochuda Corn Andy Merrigan don tríú bliain as a chéile ach thosaigh an chaint faoi na rialacha a bheith sáraithe acu go gairid i ndiaidh an chluiche.

Rinne Cumann Watty Graham achomharc oifigiúil faoi thoradh an chluiche Dé Máirt seo caite.

Dé hAoine seo caite rinne Crócaigh Chill Mochuda frithagóid in aghaidh achomhairc an chumainn as Doire.

Chuir an CCCC éisteacht ar bun aréir chun déileáil leis an scéal, éisteacht ag a raibh ionadaithe ón dá chumann i láthair.

Sheas an CCCC le hachomharc Chumann Watty Graham.

Tá trí lá ag Crócaigh Chill Mochuda chun achomharc faoi chinneadh an CCCC a chur faoi bhráid Lárchoiste Éisteachta CLG.

 

Fág freagra ar 'Ordú tugtha ag CLG go n-imreofaí athuair cluiche ceannais chlubanna na hÉireann'