TÁBLA: Cad iad na scoileanna lán-Ghaeilge is mó a bhíonn ag soláthar don tríú leibhéal?

D’éirigh le 11 scoil lán-Ghaeilge agus Gaeltachta 100% nó níos mó dá gcuid daltaí a chur ar aghaidh chuig institiúidí tríú leibhéal in 2016

TÁBLA: Cad iad na scoileanna lán-Ghaeilge is mó a bhíonn ag soláthar don tríú leibhéal?

Tá ‘ord fiúntais’ d’iarbhunscoileanna lánGhaeilge agus Gaeltachta curtha i dtoll a chéile ag Tuairisc.ie bunaithe ar staitisticí náisiúnta atá foilsithe i bhforlíonta ag The Irish Times agus The Irish Independent.

Baineann na staitisticí le líon na ndaltaí a chuaigh chun cinn go dtí an t-oideachas tríú leibhéal agus ní chuirtear toisí ar bith eile san áireamh.

As liosta na scoileanna lánGhaeilge agus Gaeltachta, d’éirigh le 11 acu 100% nó níos mó dá gcuid daltaí a chur ar aghaidh chuig institiúidí tríú leibhéal in 2016.

Éiríonn le scoil níos mó ná 100% de na daltaí a chur chun cinn mar go gcuirtear san áireamh iardhaltaí, daoine a rinne cúrsaí iar-Ardteiste agus daoine a d’éirigh as cúrsa tríú leibhéal amháin le freastal ar cheann eile.

Seo a leanas an liosta:

*Cé go léiríonn na táblaí go ndeachaigh 120% de dhaltaí Choláiste Pobail Osraí, Cill Chainnigh, ar aghaidh chuig institiúidí tríú leibhéal in 2016, ní raibh ach 15 i rang na hArdteistiméireachta. Ó tharla go ndeachaigh triúr iardhaltaí eile de chuid na scoile chun cinn chuig an tríú leibhéal an bhliain chéanna, chuirfí na táblaí as a riocht dá n-áireofaí an móriomlán 120% sna táblaí seo, dar leis The Irish Times.

Fág freagra ar 'TÁBLA: Cad iad na scoileanna lán-Ghaeilge is mó a bhíonn ag soláthar don tríú leibhéal?'