O’Neill le ‘brú mór’ a chur ar Rialtas na Breataine a ngealltanas i leith na Gaeilge a chomhlíonadh

Dúirt ceannaire Shinn Féin sa Tuaisceart nach bhfuil aon mhuinín aici as Rialtas na Breataine go ndéanfaidh siad beart de réir a mbriathair i dtaobh na reachtaíochta teanga atá geallta acu

O’Neill le ‘brú mór’ a chur ar Rialtas na Breataine a ngealltanas i leith na Gaeilge a chomhlíonadh

Deir ceannaire Shinn Féin sa Tuaisceart Michelle O’Neill go gcuirfidh sí brú mór ar Boris Johnson agus na Tóraithe chun tabhairt orthu seasamh lena ngealltanas go dtabharfaidh siad reachtaíocht don Ghaeilge isteach in Westminster.

Bhí O’Neill, atá i dteideal na céad-aireachta i bhFeidhmeannas Stormont, ag caint faoin scéala go raibh reachtaíocht don chultúr agus teanga ar chlár reachtaíochta Rialtas na Breataine, a foilsíodh inné.

Bhí an reachtaíocht chultúir, féiniúlachta agus teanga a gealladh sa chomhaontú New Decade New Approach beagnach dhá bhliain ó shin i measc na bpíosaí reachtaíochta a gealladh in Óráid na Banríona inné

Gheall Rialtas na Breataine anuraidh go dtabharfaí an reachtaíocht isteach in Westminster mura ndéanfaí an beart i Stormont.

Nuair nár comhlíonadh an gealltanas sin gealladh go dtabharfaí isteach an reachtaíocht roimh thoghchán Stormont na seachtaine seo caite, ach tá pobal na Gaeilge ó thuaidh fós ag fanacht uirthi.

Cé gur luadh an reachtaíocht arís ar an gclár oibre a foilsíodh inné, dúirt Michelle O’Neill nach gcreidfeadh sí Rialtas na Breataine nó go bhfeicfeadh sí an reachtaíocht féin.

“Ní raibh aon mhuinín agam riamh as  Boris Johnson, níl aon mhuinín agam as na Tóraithe, ach an rud a dhéanfaidh mé ná brú mór a chur orthu faoi na gealltanais pholaitiúla atá déanta acu.

“Tá léirithe arís agus arís eile acu nach ndéanann siad a ngealltanais pholaitiúla a chomhlíonadh, agus fanfaidh mar sin go bhfeicfidh an dúch ar an leathanach i gcás na mbillí teanga agus cultúir.”

Idir an dá linn, dúirt Jeffrey Donaldson, ceannaire an DUP, nach raibh cinneadh déanta go fóill ag a bpáirtí an dtacóidís le ceapadh ceann comhairle nua do Thionól Stormont Dé hAoine.

Ag labhairt dó ar an gclár Good Morning Ulster ar an BBC, dúirt Donaldson go mbeadh cinneadh a pháirtí ag brath ar cad a dhéanfadh Rialtas na Breataine faoin bPrótacal iarBhreatimeachta.

Mura gceapfaí spéicéir nua don Tionól, ní fhéadfaí go leor de chúraimí Stormont a chur i gcrích.

Dhiúltaigh Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson inné gealltanas a thabhairt don Taoiseach Micheál Martin nach ndéanfadh Rialtas na Breataine cinneadh aontaobhach an Prótacal iarBhreatimeachta, nó cuid de, a chur ar ceal.

Tá amhras mór léirithe chomh maith ag Conradh na Gaeilge h faoi a dháiríre is atá Rialtas na Breataine faoina ngeallúint I leith na reachtaíochta cultúir, féiniúlachta agus teanga.

I mí Aibreáin, shiúil ionadaithe ó Chonradh na Gaeilge amach as cruinniú le Conor Burns, Aire Stáit in Oifig Thuaisceart Éireann, tar éis dó diúltú am a chinntiú le cur i gclár ama Westminster chun an reachtaíocht don Ghaeilge a thabhairt isteach.

Dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge inné go raibh “dáta soiléir de dhíth” i gcás na reachtaíochta.

“Ba mhaith linn an dáta sin a fheiceáil luaite i ndialann oibre na Parlaiminte,” arsa Uachtarán an Chonartha.

“Go dtí go mbíonn dáta soiléir ann maidir le cur i bhfeidhm na reachtaíochta teanga, níl aon chúis againn muinín a chur i Rialtas na Breataine maidir le cearta teanga. Anois an t-am leis an chur i bhfeidhm.”

Deir Rialtas na Breataine go dtabharfar cumhachtaí do Státrúnaí Thuaisceart Éireann gníomhú lena chinntiú go gcuirfidh an Feidhmeannas in Stormont na gealltanais i reachtaíocht teanga i gcrích.

Deir Conradh na Gaeilge nach “socrú foirfe” an socrú nua faoi Státrúnaí an Tuaiscirt ach go mb’fhearr é ná “veto” a bheith ag páirtí aontachtaithe i leith na reachtaíochta Gaeilge.

Fág freagra ar 'O’Neill le ‘brú mór’ a chur ar Rialtas na Breataine a ngealltanas i leith na Gaeilge a chomhlíonadh'