Cumhachtaí le tabhairt do Státrúnaí Thuaisceart Éireann i dtaobh reachtaíocht Gaeilge

Cor nua i scéal fada achrannach na reachtaíochta Gaeilge é an gheallúint is déanaí ina taobh ó Rialtas na Breataine

Cumhachtaí le tabhairt do Státrúnaí Thuaisceart Éireann i dtaobh reachtaíocht Gaeilge

Tabharfar cumhachtaí do Státrúnaí Thuaisceart Éireann gníomhú lena chinntiú go gcuirfidh an Feidhmeannas in Stormont na gealltanais i reachtaíocht teanga i gcrích.

Tugadh an méid sin le fios in ‘Óráid na Banríona’ in Westminster, óráid ina ndéantar cur síos ar chlár reachtaíochta Rialtas na Breataine don chéad bhliain eile.

Deir Conradh na Gaeilge nach “socrú foirfe” an socrú nua faoi Státrúnaí an Tuaiscirt ach go mb’fhearr é ná “veto” a bheith ag páirtí aontachtaithe i leith na reachtaíochta Gaeilge.

Bhí an reachtaíocht cultúir, féiniúlachta agus teanga a gealladh sa chomhaontú New Decade New Approach beagnach dhá bhliain ó shin i measc na bpíosaí reachtaíochta a gealladh san óráid.

Gheall Rialtas na Breataine cheana go dtabharfaí an reachtaíocht isteach in Westminster mura mbeadh an beart déanta in Stormont faoi mhí Dheireadh Fómhair.

Níor comhlíonadh an gheallúint sin, ná an gheallúint a tugadh ina diaidh go dtabharfaí an reachtaíocht isteach in Westminster roimh thoghchán Stormont na seachtaine seo caite.

Ach cor nua i scéal fada achrannach na reachtaíochta Gaeilge é an gheallúint is déanaí a thabharfadh an chumhacht do Státrúnaí an Tuaiscirt gníomhú sa chás nach mbeadh an reachtaíocht nua á cur i bhfeidhm.

Seachas na cumhachtaí sin a bhronnadh ar an Státrúnaí, tá an cur síos a rinneadh ar na reachtaíocht a gealladh in Óráid na Banríona ag teacht leis an méid a bhí geallta i New Decade, New Approach.

Dúradh in Óráid na Banríona go dtabharfadh Rialtas na Breataine isteach “pacáiste cothrom cúramach de bhearta teanga agus féiniúlachta a aithneoidh agus a dhéanfaidh ceiliúradh ar an éagsúlacht féiniúlachta agus cultúir i dTuaisceart Éireann…”

Dúradh go ndéanfaidh an reachtaíocht nua freastal ar na “difríochtaí cultúrtha” sa Tuaisceart agus go ndéanfaidh sí “forbairt agus bisiú ar thraidisiún na hUltaise agus na mBriotanach Ultach i dTuaisceart Éireann” agus “ag an am céanna” go dtabharfaidh sí “cosaint don Ghaeilge”.

Dúradh go ndéanfaí reachtaíocht “de mhír thábhachtach” sa gcomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua ar mhaithe “leis an athmhuintearas”.

Dhéanfadh an reachtaíocht plé ceart a chothú eatarthu siúd nach ionann a bhféiniúlacht ná a gcultúr, a gealladh.

Dúradh go mbeadh an tacaíocht chuí ar fáil le freastal “ar na riachtanais éagsúla” atá ag traidisiún na hUltaise/na mBriotanach Ultach agus na Gaeilge.

Deir Rialtas na Breataine go gcuirfidh an reachtaíocht nua “deis ar fáil” do mhuintir an Tuaiscirt “bogadh ar aghaidh ó thaobh cúrsaí féiniúlachta náisiúnta agus cultúir”.

Faoin reachtaíocht nua, cheapfaí beirt Choimisinéirí Teanga, ceann don Ghaeilge agus ceann don Ultais, agus bhunófaí oifig chultúir agus féiniúlachta.

Le cead an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire, thabharfadh an Coimisinéir Teanga isteach córas caighdeáin faoina ndéanfaí rangú ar eagrais phoiblí agus freagrachtaí a leagan orthu dá réir.

Chomh maith leis sin, chuirfeadh an pacáiste reachtaíochta atá molta ar ceal ‘Acht (Éire) Riar na Córa (Teanga) 1737’, dlí a achtaíodh 283 bliain ó shin a chuireann cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna.

Chuirfí dualgas chomh maith ar Roinn Oideachais Thuaisceart Éireann úsáid agus tuiscint na hUltaise a chur chun cinn agus a éascú sa chóras oideachais.

“Ó tharla gur theip ar an bhFeidhmeannas seasamh leis na gealltanais faoin reachtaíocht teanga agus féiniúlachta, tá Rialtas na Ríochta Aontaithe tiomanta sin a dhéanamh,” a dúradh inné.

Deir Conradh na Gaeilge go mb’fhearr leo nach mbeadh aon bhaint ag Rialtas na Breataine leis an reachtaíocht don Ghaeilge ach gur beag rogha eile a bhí fágtha.

“Sa chás go bhfuil Rialtas na Breataine chun an reachtaíocht a thabhairt isteach, is gá go gcoinneodh siad cuid de na cumhachtaí iad féin sa chás go mbeadh siad de dhíth,” arsa Pádraig Ó Tiarnaigh ó Chonradh na Gaeilge.

“Sa chás nach mbeadh na cumhachtaí seo ag an Státrúnaí, d’fhéadfadh Westminster an reachtaíocht a thabhairt isteach ach ní beadh aon fheidhm léi mar bheadh feidhmeannas de dhíth ort agus bheadh Céad-Aire agus LeasChéad-Aire de dhíth ort le coimisinéirí a cheapadh agus gach ní eile ina dhiaidh sin a fheidhmiú…”

“Ní socrú foirfe é. Níor mhaith linn go mbeadh lámh ag Rialtas na Breataine ar fheidhmiú na reachtaíochta seo. Ní chreideann muid gur cairde iad agus is dóigh linn go bhfuil seo á dhéanamh acu [an reachtaíocht a thabhairt isteach] mar go bhfuil brú orthu é a dhéanamh.”

B’fhearr le Conradh na Gaeilge go mbeadh “polaiteoirí atá tofa go háitiúil” ag plé “le ceisteanna áitiúla”.

“B’fhearr linn go mbeadh an reachtaíocht seo ag dul tríd an Tionól, agus go mbeadh an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire i gceannas ach bheadh go leor dúshlán i gceist ansin mar bheadh tú ag tabhairt veto don DUP nó cibé páirtí aontachtach a bheadh i gceann de na hoifigí sin.”

“Níl an bhunreachtaíocht foirfe, ní scríobhfadh muid mar seo í. B’fhearr linn dá mbeadh an coimisinéir féin i gceannas ar fheidhmiú na reachtaíochta agus go mbeadh neamhspleáchas ag an choimisinéir ón ionchur polaitiúil sin.”

An “laige is mó” sa reachtaíocht, a deir Pádraig Ó Tiarnaigh, go bhfuil sí bunaithe ar thoil oifig atá roinnte idir dhá dhream nach mbíonn “ag aontú faoi aon rud, go háirithe ó thaobh ceist na teanga de”.

“Níl an reachtaíocht maith go leor, níl an socrú seo ach ag freastal ar laige a cuireadh sa reachtaíocht an chéad lá agus ar an dóigh sin, caithfidh sé a bheith ann nó ní bheadh muid in ann aon dul chun cinn a dhéanamh nuair a thiocfadh an reachtaíocht isteach.”

D’fhógair Rialtas na Ríochta Aontaithe chomh maith inné go raibh sé i gceist aige rialacháin bhreise a thabhairt isteach lena chinntiú go mbeidh teacht ag mná agus cailíní ar chúram ginmhillte d’ardchaighdeán i dTuaisceart Éireann.

Fág freagra ar 'Cumhachtaí le tabhairt do Státrúnaí Thuaisceart Éireann i dtaobh reachtaíocht Gaeilge'