Tabharfaidh Rialtas na Breataine reachtaíocht don Ghaeilge isteach, a deir Banríon Shasana

Deir Conradh na Gaeilge nach bhfuil ‘aon chúis’ ann muinín a chur i Rialtas na Breataine maidir le cearta teanga nó go dtugann siad dáta soiléir i dtaobh na reachtaíochta

Tabharfaidh Rialtas na Breataine reachtaíocht don Ghaeilge isteach, a deir Banríon Shasana

Prionsa Charles na Breataine Bige

Deir Banríon Shasana go dtabharfaidh Rialtas na Breataine reachtaíocht don Ghaeilge isteach in Westminster.

Dúradh an méid sin sa leagan fada d’Óráid na Banríona, ar léigh Prionsa Charles na Breataine Bige an leagan gearr di thar ceann a mháthar in Westminster ar maidin.

Bhíothas ag súil go ndéanfaí tagairt shonrach san óráid don reachtaíocht teanga atá geallta le fada don Tuaisceart.

Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald inné gur gheall Státrúnaí an Tuaiscirt, Brandon Lewis, di go mbeadh tagairt dhíreach don reachtaíocht teanga san óráid.

Ina hóráidí ag Searmanas Oscailte an Stáit, tugann an Bhanríon achoimre ar an obair reachtaíochta a bheidh á déanamh ag Rialtas na Breataine sa bhliain atá le teacht.

Tá an reachtaíocht chultúir, féiniúlachta agus teanga ina hábhar conspóide ó thuaidh le roinnt blianta. Gealladh acht don Ghaeilge ar dtús in 2006 agus bhí reachtaíocht chultúir, féiniúlachta agus teanga mar chuid den chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua a aontaíodh breis is dhá bhliain ó shin.

Gheall Rialtas na Breataine anuraidh go dtabharfaí an reachtaíocht isteach in Westminster mura ndéanfaí an beart i Stormont ach tá pobal na Gaeilge ó thuaidh fós ag fanacht uirthi.

Nuair nár tharla sin gealladh i mí Eanáir go dtabharfaí isteach an reachtaíocht teanga a aontaíodh sa chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua lmí Eanáir 2020 roimh thoghchán na seachtaine seo caite sa Tuaisceart

Tá gealltanas eile tugtha anois, in Óráid na Banríona, go dtabharfar an reachtaíocht isteach.

roinnt beartas don Ghaeilge geallta ann, ina measc coimisinéir teanga agus stádas oifigiúil don teanga.

Deir Conradh na Gaeilge go raibh sé suntasach go ndéanfaí tagairt in Óráid na Banríona don reachtaíocht teanga, ach go bhfuil níos mó ná “caint” ag teastáil ó phobal na Gaeilge.

Dúirt Paula Melvin, Uachtarán, Conradh na Gaeilge: “Bhí muid anseo roimhe, go mion mion minic. Thug Rialtas na Breataine an choimitmint seo chun Acht Gaeilge a thabhairt isteach an chéaduair in 2006 mar chuid de Chomhaontú Chill Rìmhinn…

“Léiríonn ár dtaithí phianmhar ar an cheist seo go ndéantar coimitmintí ach nach ndéantar beart dá réir. Ní chuirtear i bhfeidhm iad riamh. Chuige sin, glacann muid le fógra an lae inniu le rabhadh mór. Tá dáta soiléir de dhíth orainn. Ba mhaith linn an dáta sin a fheiceáil luaite i ndialann oibre na Parlaiminte.

“Go dtí go mbíonn dáta soiléir ann maidir le cur i bhfeidhm na reachtaíochta teanga, níl aon chúis againn muinín a chur i Rialtas na Breataine maidir le cearta teanga. Anois an t-am leis an chur i bhfeidhm.”

Níor chaill an Bhanríon Elizabeth searmanas oscailte an Stáit ach faoi dhó roimhe seo. Bhí sí ag súil le páiste an dá uair, i 1959 agus 1963.

Fág freagra ar 'Tabharfaidh Rialtas na Breataine reachtaíocht don Ghaeilge isteach, a deir Banríon Shasana'

  • Fearn

    Déanfaidh an mhuc i mála seo na huirc is na háirc gan dabht!

  • Pól Ó Braoin

    Ach caithfear na sonraí a chur faoi bhráid an choiste, a scríobhfaidh tuarascáil fhada chasta faoi na himpleachtaí a d’fhéadfadh teacht lena chur i bhfeidhm. Déanfaidh coiste eile an tuarascáil a chur faoi dhianscrúdú agus cuirfear tuarascáil faoi bhráid an choiste rialtais a thabharfas chomh fada leis an teach é. Faoin am sin tiocfaidh géarchéim eicint a chuirfeas faoi deara é a chur siar go dtí am atá níos feiliúnaigh… agus faoin am sin beidh na haontachtaithe ar ais i réim agus mura mbíonn, tá an tseanseilf ann a bhfuil aire na huibhe á tabhairt do na gealltanais uilig eile uirthi i gcónai, muis…