Tá diúltaithe ag Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson gealltanas a thabhairt don Taoiseach Micheál Martin nach ndéanfaidh Rialtas na Breataine cinneadh aontaobhach an Prótacal iarBhreatimeachta a chur ar ceal.
Bhí comhrá fóin ag an mbeirt cheannairí inniu inar aontaigh siad go raibh sé ríthábhachtach go gcuirfí feidhmeannas Stormont ar bun arís a luaithe agus ab fhéidir.
I ráiteas a chuir Oifig na Taoisigh amach faoin gcomhrá, dúirt sé gur leag Micheál Martin béim ar an tábhacht a bhain leis na cainteanna idir an Bhreatain agus an tAE agus ar an ngá le cinntí aontaobhacha a sheachaint.
Ach sa ráiteas a chuir Rialtas na Breataine amach i ndiaidh an chomhrá, níor cuireadh cinneadh aontaobhach i leith an Phrótacail as an áireamh.
Dúradh go raibh scéal an Phrótacail ag éirí “an-tromchúiseach”, go raibh dochar á dhéanamh do Chomhaontú Aoine an Chéasta agus gur léirigh toghchán Stormont nach bhféadfaí an Prótacal a fhágáil mar atá.
Mhaígh Johnson nach raibh an méid ba ghá déanta ag an gCoimisiún Eorpach chun dul i ngleic leis na fadhbanna eacnamaíochta agus polaitiúla a bhí, dar leis, á gcruthú ag an bPrótacal.
Dúradh go ndúirt Johnson leis an Taoiseach go ndéanfadh Rialtas na Ríochta Aontaithe gníomh chun an tsíocháin agus an tseasmhacht pholaitiúil a chosaint i dTuaisceart Éireann “sa chás nach bhféadfaí teacht ar réiteach”.
Tuairiscíodh ar maidin go raibh Rialtas na Breataine ar tí a fhógairt go ndéanfaí gníomh aontaobhach i leith an Phrótacail trí reachtaíocht a thabhairt isteach a cuireadh go leor de ar ceal.
De réir na dtuairiscí, gheobhadh Rialtas na Breataine réidh go haontaobhach leis na seiceálacha ar earraí á seoltar as an mBreatain go dtí Tuaisceart.
Cheadódh an reachtaíocht chomh maith do lucht gnó sa Tuaisceart neamhaird a dhéanamh ar rialacha an AE agus bhainfeadh sí de Chúirt Bhreithiúnais na hEorpa an t-údarás rialú faoi cheisteanna a bhaineann leis an Tuaisceart.
Ní raibh aon tagairt shonrach in Óráid na Banríona in Westminster inniu don reachtaíocht i dtaobh an Phrótacail atá dreáchtaithe ag Rialtas na Breataine ach bhí sé le tuiscint gur ag tagairt don dréachtreachtaíocht sin a bhíothas i gcuid áirithe den óráid ina leagtar amach clár reachtaíochta an Rialtais.
Dúirt Prionsa Charles na Breataine Bige, a thug an óráid thar cheann a mháthar go raibh “rath agus sláine” na Ríochta Aontaithe ar fad “fíorthábhachtach”, ag áireamh “na ceangail eacnamaíochta inmheánacha idir na codanna go léir di [an Ríocht Aontaithe]”.
Fág freagra ar 'Diúltaithe ag Johnson gealltanas a thabhairt do Martin nach gcuirfear an Prótacal ar ceal go haontaobhach'