‘Ón Punjab go Parlaimint na hAlban’ – Humza Yousaf ceaptha ina cheannaire ar an SNP

37 bliain d’aois atá ceannaire nua an SNP, Humza Yousaf, agus beidh sé ar an duine is óige riamh le bheith ina chéad-aire ar Pharlaimint na hAlban

‘Ón Punjab go Parlaimint na hAlban’ – Humza Yousaf ceaptha ina cheannaire ar an SNP

Tá Humza Yousaf ceaptha ina cheannaire ar Pháirtí Náisiúnta na hAlban, an SNP.

52.1% den vóta a fuair Yousaf agus an ceann is fearr faighte aige ar Kate Forbes, a raibh 47.9% aici, agus Ash Reagan a díbríodh tar éis an chéad chomhairimh.

37 bliain d’aois atá ceannaire nua an SNP agus beidh sé ar an duine is óige riamh le bheith ina chéad-aire ar Pharlaimint na hAlban. Chomh maith leis sin, beidh sé ar an gcéad duine sa phost sin ar de bhunadh na hÁise é.

Dúirt sé gurb í an ghlúin seo a thabharfadh neamhspleáchas d’Albain.

Dúirt sé gur léirigh aistear a mhuintire “ón Punjab go dtí Parlaimint na hAlban” gur cúis cheiliúrtha an inimirce.

Dúirt Yousaf go raibh “an t-ádh dearg” air a bheith tofa ina cheannaire ar pháirtí ar thacaigh sé leis le breis is fiche bliain.

Ghabh sé buíochas leis na hiomaitheoirí eile agus dúirt sé go mbeadh gach duine acu ag tarraingt le chéile agus ag obair go dian le “Foireann an SNP”.

Dúirt an ceannaire nua gur phribhléid a shaoil a bheadh ann dó é a thoghadh ina chéad-aire ar Pharlaimint na hAlbain amárach.

Dúirt sé go n-oibreodh sé go dícheallach chun meas agus muinín mhuintir na hAlban a thuilleamh agus mhaígh sé nach mbeadh aon ghealltanais gan cur leo ná buaileam sciath aige.

D’fhógair Nicola Sturgeon an mhí seo caite gor raibh sí ag éirí as ceannaireacht Pháirtí Náisiúnta na hAlban agus an chéad-aireacht.

Fág freagra ar '‘Ón Punjab go Parlaimint na hAlban’ – Humza Yousaf ceaptha ina cheannaire ar an SNP'