Ón mbeagán go dtí an mórán agus ar ais arís – scéal cráite Ricky Hatton

Tugtar léargas in ‘Hatton’ ar an mbriseadh croí, an t-achrann agus an t-ísliú céime a thagann i ndiaidh an ghaisce

Ón mbeagán go dtí an mórán agus ar ais arís – scéal cráite Ricky Hatton

“Is fearr an té a éiríonn ná an té a thiteann,” a deir an seanrá linn. Tá seo fíor agus bréagach nuair a thagann sé chuig an spórt, an dornálaíocht ach go háirithe.

Tugann an spórt brúidiúil, neamhthrócaireach sin deis do dhuine ó cheantar atá faoi míbhuntáiste gaisce a dhéanamh, cáil a bhaint amach agus carn airgid a dhéanamh. Ní haon saineolaí dornálaíochta mé ach ní dóigh liom go bhfuil mórán daoine a d’fhreastail ar scoil phríobháideach tar éis barr na cruaiche dornálaíochta a bhaint amach. Ní haon dreasáiste atá againn anseo.

B’fhéidir, agus tá seo amhlaidh do gach réalta, go dtagann an rath, an cháil agus an t-airgead róthapaidh. Níl an duine réitithe chuige. Níl sé in ann é féin a chosaint ón áiféis ar fad agus ó dhaoine atá ag iarraidh sochar a bhaint as.

Léiríonn an clár faisnéise Hatton (Sky Documentaries/Now TV) é sin ar fad go paiteanta. Rugadh Ricky Hatton in eastát comhairle áitiúil i Manchain agus d’éirigh leis cáil dhomhanda a bhaint amach sa bhfáinne. Faoi mar a deir sé féin, áfach “sooner or later it fucking bursts”.

Taibhsítear dom gur duine deas é atá leochaileach ina shlí féin agus a dhein a chuid de bhotúin i gcaitheamh a shaoil. Nuair a chuimhníonn tú gurbh iad Floyd Mayweather Jr. agus Manny Pacquiao na dornálaithe a chur de dhroim seoil é tuigeann tú cé chomh maith is a bhí sé.

Tugann Ricky cuntas ionraic ar a shaol féin agus tá cúpla carachtar tábhachtach sa scéal seo. An chéad duine acu sin ná athair Hatton, Ray agus a iarthraenálaí Billy Graham. Neartaíonn sé an saothar go mór go bhfuil dreasanna móra cainte leis an mbeirt acu agus iad ag caint faoi ábhair áirithe den chéad uair.

Bhí gealladh faoi Ricky óna óige agus bhain sé cáil dhomhanda amach in 2005 nuair a fuair sé an fear maith ar Kostya Tszyu. Measadh go bhfaigheadh an curadh IBF agus The Ring an ceann is fearr ar Ricky ach ní mar a síleadh a bhí. B’in buaic a shaoil spóirt i ndáiríre. Fuair an cháil agus an brú greim ansan air.

Seanscéal agus meirg air ansin. An briseadh croí, an t-achrann agus an t-ísliú céime a thagann i ndiaidh an ghaisce. Chuir Mayweather Jr. de dhroim seoil é agus dhein Pacquiao file caoch de. Bhí caidreamh ar leith aige le Billy agus ba bhriseadh croí dóibh beirt é nuair a scar siad. Níor labhair siad lena chéile le blianta agus is aonarán é Billy anois atá fós ciaptha ag na blianta iontacha, truamhéalach sin. Níor labhair Ricky lena thuismitheoirí ar feadh ocht mbliana; útamáil airgid gan amhras. É ag imeacht le haer an tsaoil agus ar an drabhlás. Gan amhras bhí súp go cluasa ar na meáin agus iad ag fógairt an ísliú céime.

I rith an ama bíonn tú ag cuimhneamh ar na brionglóidí nár fíoraíodh. Níor thug sé an oiread sin aire dó féin agus é i mbarr a réime; fry gach maidin agus bleaist pínt gach oíche. Lena chois sin dá mbeadh Ray agus Billy ag tarrac le chéile níos fearr an mbeadh an t-orlach breise faighte aige i gcoinne Mayweather?

Fág freagra ar 'Ón mbeagán go dtí an mórán agus ar ais arís – scéal cráite Ricky Hatton'