1. An Té Atá Ann Ón Déardaoin
Casfar an duine seo ort ag an gcuntar sa bheár is ciúine san óstán agus gan aon oidhre air ach aisteoir breise as The Walking Dead. Is ann a fhanfaidh sé don deireadh seachtaine ar fad ag insint do chách go bhfuil sé tagtha ón Déardaoin mar ‘gurb í oíche Déardaoin is fearr i gcónaí’. Ní fiú labhairt leis faoi aon rud a tharla i ndiaidh oíche Déardaoin mar ní bhfaighfidh tú mar fhreagra ach ‘Is trua nach raibh tú anseo oíche Déardaoin’ nó ‘cá raibh tú oíche Déardaoin?’ nó ‘bhí an-oíche againn oíche Déardaoin’.
2. An Cruinnitheoir Cíocrach
Dar leis an duine seo is é bun agus barr an Oireachtais ná féachaint cé mhéad peann saor in aisce is féidir le duine a shá síos i mála canbháis saor in aisce. A luaithe agus a osclaítear ‘Aonach an Oireachtais’, luíonn sé isteach ar an gcarnadh. Agus é ar chamchuairt na seastán, tá sé chomh dáiríre sin faoina chúram nach mbíonn am aige ach méar a shíneadh i dtreo na n-earraí atá ar taispeáint ag na heagraíochtaí Gaeilge agus ceist ghiorraisc amháin a chur: ‘An bhfuil siadsan saor in aisce?’ Timpeall leis arís ansin nó go bhfilleann sé an athuair: ‘Tógfaidh mé ceann eile acu sin, murar mhiste leat?’
3. An Gaeilgeoir Gairmiúil
Murab ionann agus an an té atá ann ón Déardaoin, is ar an gCéadaoin a leaindeáil an Gaeilgeoir Gairmiúil agus é ag imeacht leis ó shin agus gach ‘Can I get a receipt with that?’ aige ó dhubh go dubh. Tá sé ag obair, bíodh a fhios agat, sin más ionann obair agus a bheith feicthe ag an seoladh oifigiúil agus lámh á croitheadh agat le Seán Kyne. Aon uair a chastar ort An Gaeilgeoir Gairmiúil bíonn sé ar tí dul a chodladh don oíche. ‘D’éirigh go hiontach linn ag an gceardlann inniu, ach tá lá mór oibre romham arís ar maidin,’ a déarfaidh sé leat sa bheár ag a trí a chlog ar maidin agus deoch eile á cur ar ‘chuntas an tseomra’ aige.
4. An Gaeilgeoir Galánta
Tá an Gaeilgeoir Galánta ar dhuine den treabh sin a tháinig ar an saol le Teilifís na Gaeilge 20 bliain ó shin. Bíonn ‘Hiiiiiiiii!’ mór ag na Gaeilgeoirí Galánta dá chéile i gcónaí agus an oiread sin fuinnimh sa bheannú gur beag ná go gcreidfeá gur ón gcroí a thagann sé. Ní shamhlódh an gnáthdhuine ‘evening wear’ leis an Oireachtas ach bíonn na ‘daoine áille’ seo agus suas le trí fheisteas éagsúla acu do gach lá den fhéile.
Cloisfidh tú iad ag comhrá mar seo: ‘Ta tú ag breathnú absolutely go háaaalainn!’ ‘Stopfaidh tú! Bhí mé ag ól mojitos aréir go dtí a sé ar maidin!’
5. An Gaeilgeoir Dothuigthe
Má bheireann sé seo ort, beidh ort ligean ort féin go dtuigeann tú é agus cúpla ‘Mar sin é?’, ‘Sin iad na rudaí’ nó ‘Nach bhfuil a fhios a’m?’ a scaoileadh chuige nó go n-éireoidh leat créatúr bocht eile a chur in aithne dó. (‘Bhí mé díreach ag rá an rud céanna le Darach anseo’ a mholtar agus an chros á seachadadh go dtí an chéad duine eile agat).
Sleamhnaigh leat ansin go buíoch beannachtach gan breathnú thar do ghualainn. Cé nach bhfuil an dochar céanna ann, tá gaol gairid ag An Gaeilgeoir Dothuigthe leis An Gaeilgeoir Dofhulaingthe. Beidh a leithéid ann go tréan an deireadh seachtaine seo chomh maith.
6. An Té Arb É Seo An tOireachtas Deireanach Aige
‘Ní dóigh liom go mbacfaidh mé leis an bhliain seo chugainn ar chor ar bith,’ a deireann an duine seo – faoi mar a dúirt sé anuraidh – agus é seasta ag an mbeár ag tabhairt amach gan stad faoi Oireachtas an lae inniu agus na duáilcí a bhaineann leis le hais an Oireachtais fadó. Ní ag tabhairt amach faoin Oireachtas amháin a bhíonn sé, ná baol air. Bíonn ceisteanna tromchúiseacha eile faoi chaibidil chomh maith aige: drochchaighdeán na filíochta Gaeilge, ganfhiosíocht na bhforas teanga, ‘fat cats’ an Údaráis, cúl-le-cine TG4, meath RnaG agus neamhthuiscint mholtóirí an Oireachtais ar cad is sean-nós/litríocht /Oireachtas ann.
Pléifidh sé na ceisteanna seo ar fad agus a thuilleadh nach iad leat má chastar ort é. Mura gcastar, ná bí róbhuartha faoi óir beidh sé ann arís an bhliain seo chugainn.
7. An Mac Léinn Atá ‘Loike As A Cheann’!
Feicfidh tú agus cloisfidh tú é seo ag teacht agus é gléasta don chéilí bréigéide, nó sin a shílfeadh duine ar aon nós, cé nach féidir a bheith cinnte faoi na rudaí seo. Tá an tOireachtas ‘loike iontach’ dar leis an Mac Léinn Atá ‘Loike As A Cheann’ cé nach n-aithneodh sé lúibín thar agallamh beirte, agus dá bhfreastlódh sé ar Chomórtas na bhFear nó Comórtas na mBan, ba trí thimpiste é agus aistriúchán rólitriúl déanta ar an bpóstaer aige. Tá sé ag roinnt seomra le naonúr mac léinn craiceáilte eile, seomra ina bhfuil an folcadán lán le cannaí drochbheorach. Lena cheart a thabhairt don mhac léinn atá ‘loike as a cheann’ níl mórán dochair ann, cé go mbeadh sé ar an gcéad duine ós comhair na cúirte dá mbeadh coireanna teanga á bhfiosrú sa Háig acu. Bíonn an fear bocht fós ‘excited’ nuair a fheiceann sé Dáithí Sé agus, tar éis an tsaoil, níl sé chomh dona leis an gcineál mac léinn eile a chasfaí ort, an ‘An Reibiliúnach Gan Chliú’ a thosaíonn gach re abairt le ‘Mar a dúirt an Cadhnach…’
8. An Fear A Bhí Ag An Seisiún Rúnda Aréir
Bíonn chuile dhuine bodhraithe ag a chur síos seo ar sheisiún ‘úntach’ i gcuideachta Mháirtín Tom Sheáinín is Maití Joe Shéamuis, seisiún a mhair go maidin i seomra rúnda ar an tríú hurlár nár chuala aon duine eile caint air. Bhí a leithéid seo agus a leithéid siúd ann agus casadh a leithéid seo nó a leithéid siúd d’amhrán chomh binn is a chuala tú riamh é. Á m’anam muna raibh oíche go maidin acu ní lá fós é!
9. An Comrádaí Oireachtais
Cé go bhfuil sé seo feicthe agat ag chuile Oireachtas ó 1995, níl d’ainm agaibh ar a chéile ach ‘a chomrádaí’. Is cuimhin libh beirt an comhrá doimhin a bhí agaibh go moch ar maidin faoi laigí fhealsúnacht an iarthair ag Oireachtas 2005, ach ainmneacha a chéile? Nope! Tada!
10. An Gliúcaire Gaelach
An fhaid is a bhíonn An Gliúcaire Gaelach ag caint leat bíonn sé ag breathnú thar do ghualainn ar fhaitíos go bhfeicfeadh sé duine éigin níos spéisiúla nó níos tábhachtaí ná tú. Seans gur ‘Gaeilgeoir Galánta’ freisin an ‘An Gliúcaire Gaelach’ agus, más ea, beidh a fhios agat go bhfuil an comhrá déanta agus do sheal istigh a luaithe is a chloisfidh tú an ‘Hiiiiiiiii! Tá tú ag breathnú absolutely go háaaalain!’
11. Bean An Chláir Oifigiúil
Bíonn cuma fhíordháiríre uirthi, cóip den chlár oifigiúil ina glaic aici agus fuadar fúithi ag imeacht, suas síos, siar is aniar, sa tóir ar Seomra 355 ar fhaitíos go gcaillfeadh sí comórtas tábhactach eile agus go mbeadh sé le rá fúithi nach raibh sí ag an gceann sin i mbliana. Seachain go seasfá i lár an bhealaigh roimpi! A luaithe is a thosaíonn Corn Uí Riada iompaíonn Bean an Chláir Oifigiúil isteach ina ‘Bean Chorn Uí Riada’. Anois bíonn sí isteach is amach as an gcomórtas mór, raidió beag lena cluais aici agus í ag insint don saol mór cé atá ag gabháil fhoinn anois agus cé a gheobhas an glaoch ar ais.
12. An Té a Chuirtear ‘Ó foc, seo chugainn…’ Roimh A Ainm Nuair A Fheictear Ag Teacht É…
Tá aithne agaibh ar fad ar an duine seo. Tá an saol go maith agus tú i gcomhluadar do chairde sa chúinne deas atá aimsithe agaibh. Téann tú go dtí an beár chun an chéad ‘round’ eile a fháil. Déanann tú an beart níos tapúla ná mar a cheap tú a dhéanfá. Tá rith an ráis leat. Nach aoibhinn a bheith beo i measc na nGael! Filleann tú ar do chairde, do chúram déanta agus oíche fhada chuileachta romhat amach. Ansin feiceann tú ag teacht é agus níl tada gur féidir a rá seachas ‘Ó foc, seo chugainn é…’ Ní ceart dúinn a bheith ag magadh. Cá bhfios ach gur sinn féin a bheadh ann?
13. An Té Atá ag Fáil Bháis
Is cuma an le moch maidine, i mbolg an lae nó le teacht déanaí na hoíche a chastar an duine seo ort, bíonn an scéal céanna aige agus an ceann síos céanna air nuair a chuirtear a thuairisc. Conas tánn tú? ‘Táim ag fáil bháis?’ An raibh sibh déanach aréir? ‘Déanach? Táim ag fáil bháis’. An bhfuil tú ag dul go dtí Corn Uí Riada ar ball? ‘N’fheadar, táim ag fáil bháis.’ Ach níl iomlán na fírinne ansin. Ráineodh go mbeadh sé d’ádh ort casadh leis An Té Atá Ag Fáil Bháis nuair nach bhfuil sé ag fáil bháis. Má chastar ort é agus pionta á chaitheamh siar go sona aige, tá sé i lár na ‘golden hours’, an cúpla uair a chloig fánach sin nuair atá póit na hoíche aréir curtha de aige/aici ach gan é/í imithe thar fóir arís go fóill. Bain sult as óir beidh sé/sí ag fáil bháis arís ar ball.
14. An Té a bhfuil A Fhios Aige ‘Cad ba cheart daoibhse a dhéanamh, anois…’
Tá chuile eolas ag an nGaeilgeoir seo agus go bhfóire Dia ort má tá aon bhaint ar chor ar bith agat le ‘saol’ na Gaeilge. ‘Tá tú ag obair don Raidió i gcónaí? Tá? Bhuel, an bhfuil a fhios agatsa, cad ba cheart daoibhse a dhéanamh anois…Cén fáth nach bhfuil éinne ag déanamh scéal faoi sin, hah?’ ‘Tá tú fós thiar i TG4? Bhuel…’ San Údarás? ‘Bhuel…’ Ag múineadh? ‘Bhuel…’ ‘Ag plé leis an bhfoilsitheoireacht?’ ‘Bhuel..’
‘Sea, cuirfidh an duine seo comhairle do leasa ort agus bíonn aguisín i gcónaí leis an gcomhairle sin: ‘Táim á rá seo le blianta fada agus níl aon duine ag éisteacht liom’. Ní ritheann sé riamh leis An Té a bhfuil A Fhios Aige…go mb’fhéidir go bhfuil cúis mhaith nach n-éisteann duine ar bith riamh leis.
Cad ba cheart duitse a dhéanamh má chastar ort é? Abair leis go bhfuil an ceart ar fad aige, go ndéanfaidh tú é an chéad rud maidin Dé Luain, agus tabhair do na boinn é!
15. An Té Atá ag Dul Isteach Faoin mBaile i gComhair Ceann Amháin…
Fógraíonn an Gaeilgeoir seo go bhfuil sé ag dul isteach go Cill Airne chun siúl timpeall dó féin. Beidh ceann amháin istigh aige agus beidh sé ar ais go maith in am don ócáid sin a bhfuil sé ag súil go mór leis le fada. Feicfidh tú arís é sa residents bar ag a dó ar maidin.
16. An Té Atá Níos Uileláithrí Ná Páidí Uileláithreach Ó Lionáird Féin
‘A tú fhéin atá ann arís!’. Dhá nóiméad i ndiaidh duit slán a fhágáil go croíúil leis/léi sa bheár ar an dtaobh eile den óstán, tá An Té Atá Níos Uileláithrí Ná Páidí Uileláithreach Ó Lionáird Féin romhat athuair. Cén chaoi a ndéanann sé/sí é?
17. An Té a Mhaíonn go Raibh An Craic Níos Fearr San Áit Nach Raibh Tú an Oíche Roimhe
Tá gaol gairid ag an duine seo leis An Té Atá Ann Ón Déardaoin agus An Fear A Bhí ag an Seisiún Rúnda Aréir, beirt ar casadh orainn anuraidh iad. Pé áit nach raibh tusa an oíche roimhe, is ann a bhí sé/sí agus bhí sé ‘only mighty’. ‘An raibh tú ag Club na Féile aréir? Ní raibh? Á chaill tú é! Bhí 2,000 mac léinn ag déanamh rave ar an sean-nós istigh’.
‘Bhí tú ag Club na Féile? ‘Á ‘sé an trua nach raibh tú sa front bar. Dúirt Nell ‘Seán ’s a Bhríste Leathair’ chomh binn agus a chuala tú riamh é.’
18. An Té gur Trua Nár Tháinig Sé
Casfaidh duine ort an deireadh seachtaine seo agus ní bheidh d’eolas agaibh faoina chéile ach go bhfuil aithne agaibh beirt ar An Té Gur Trua Nár Tháinig Sé.
Ní gá fiú An Té Gur Trua Nár Tháinig Sé a ainmniú.
‘Níor tháinig sé féin, ar chor ar bith?’
‘Níor tháinig, an bastard.’
‘Sé an trua nár tháinig’.
‘Sé’.
‘Cén chaoi a bhfuil sé ar aon nós, ní fhaca mé le tamall é.’
‘Ná mise. Tá a fhios agat féin.’
‘Tá’.
‘Sé an trua nár tháinig sé.’
‘Sé’.
‘Meas tú cén fáth nár tháinig sé’.
‘Tá a fhios agat féin’.
‘Tá’.
‘Ní mar a chéile é gan é’.
‘Ní hea’.
‘Déarfaidh tú leis go raibh mé ag cur a thuairisce, má bhíonn tú ag caint leis?’
‘Déarfaidh cinnte (dá mbeadh a fhios agam cé tú féin).
Féach An Comrádaí Oireachtais.
19. An Té A mBíonn Gáire Ró-Ard aige ag na Lúibíní
Is deacair cur síos ar an ngáire mínádúrtha a bhíonn ag an duine seo agus é éisteacht le lúibín lagmheasartha éigin nó agallamh beirte a chodail amuigh.
Ní gá ach tagairt a dhéanamh do Donald Trump nó Enda Kenny agus tosaíonn sé – gáire mór groí mar fhógra go bhfuil féith an ghrinn ann. Donald Trump? Ha! Tuigimse jócanna! faoi mar a dúirt Homer Simpson. Tagairt do Enda Kenny. Scairteadh mór eile. Bille cánach Apple! Cuir fios ar dhochtúir! Tagairt do 20 bliain TG4 agus Donald Trump agus Dáithí Sé in éineacht! Dá gcaillfí anois é, nach é a bheadh sona!
20. An Té A mBíonn Díreach Dóthain Eolais Aige
Ní thaobhaíonn an duine seo aon chomórtas ná aon seoladh leabhar, ach bíonn dóthain eolais i gcónaí aige chun cuma na spéise a chur air féin. Seo fíorPro an Oireachtais. Déanann sé cinnte fáil amach cé a bhuaigh Corn Uí Riada a luaithe is atá an comórtas thart, mar shampla. Má bhí aon chonspóid ann, beidh an t-eolas sin aige freisin. Sea, ní fheicfidh tú ag aon ócáid an duine seo, ach beidh díreach dóthain eolais i gcónaí aige faoi gach gné d’fhéile na nGael.
‘Chailleas faraor é, ach chuala go raibh slua breá ann. Táim ag súil lena léamh.’ ‘Bhíos gafa ag an am, ach chuala go raibh mo bheirt ar fheabhas ar fad. Sin é an dara bliain as a chéile é buaite anois acu, nach é?’ ‘Níl mórán cur amach agamsa ar an sean-nós ach chuala mé nach raibh sé tuillte aici. Is deacair léamh ar na moltóirí. Deirtear go raibh fear Charna an-mhaith.’
21. An Té A Bhí Ceart Go Leor Ar Twitter Ach Atá Cineál Creepy Anois
Tá aithne Twitter nó Facebook agat ar an duine seo le tamall, áit a mbíonn sibh an-teanntásach ar a chéile agus sibh i measc Ghaeil na meán sóisialta. Cé gur bhraith tú go ndeachaigh An Té A Bhí Ceart Go Leor Ar Twitter Ach Atá Cineál Creepy Anois thar fóir i tvuít nó dhó, bhí sé ‘ceart go leor’ ar an mórgóir. A mhalairt de scéal atá ann anois. A luaithe is a bheireann sé barróg rómhór agus rófhada ort, tuigeann tú go bhfuil tú i sáinn agus gur mór idir an duine aisteach seo romhat agus do ‘chara’ leath-aisteach ar Twitter. Tógtar an selfie ach faoin am go dtosaíonn sé ag cur síos go mion ar chomhrá ar líne a bhí agaibh trí bliana ó shin, tosaíonn tú ag smaoineamh ar sheifteanna chun teitheadh. Faraor nach féidir duine a bhlocáil sa bhfíorshaol.
22. An Conraitheoir A mBíonn An Chuma i gCónaí Air Go Bhfuil Sé Díreach Leaindeáilte Agus Cúraimí Móra Air
Gach seans go bhfuil an duine seo ann ón gCéadaoin, ach mar sin féin bíonn an chuma air an deireadh seachtaine ar fad gur anois díreach a tháinig sé, go bhfuil rudaí tábhachtacha le déanamh aige agus freagrachtaí móra ag luí go trom air. Tá siompóisiamaí le heagrú, comórtais Snapchat le reáchtáil agus teangacha le slánú. Ní hiontas nach bhfuil am ag an duine fíorghnóthach fíorthábhachtach seo labhairt leatsa. Socrú é sin a bhfuil tú breá sásta leis tú féin.
(Ní gá gur Conraitheoir a bheadh anseo, d’fhéadfadh go bhfuil daoine chomh tábhachtach céanna in aon cheann de na cúig cheanneagraíocht eile nó i bhForas na Gaeilge féin)
23. An Té a Chaitheann an Deireadh Seachtaine sa Halla ag Cogarnach go Mistéireach
Tá a fhios ag fíorphroanna an Oireachtais gur amuigh sa halla déanach san oíche atá scoth an chomhluadair ar fáil. Is ann mar shampla atá An Té a Bhíonn ag Cogarnach go Mistéireach. Cé atá chun an jab sin a fháil sa Roinn? Cé atá imithe thar claí le ceann óg ón gConradh? Cé nár labhair lena chéile ón am seo anuraidh? Céard a pléadh ag an gcruinniú sin i TG4? Cé mhéid a chosain an shite sin? Cé mhéid a thug Acadian Seaplants ar Arramara Teoranta? Is amuigh sa halla déanach san oíche a neosfar gach rún. Ní cás a rá nár chóir aon rud a deireann An Té a Bhíonn ag Cogarnach go Mistéireach a shlogadh gan chogaint.
24. An Té nár Spéis Leis Ach an Selfie le Piardaí Mór na Mioncháile
Sin EVANÍN ó Ros na Rún! Brostaigh oraibh! EVAN! EVAN! Selfie! Selfie! (I mean féinphic, féinphic!) Fan soicind! Sin Máire Treasa TG4! An bealach seo, an bealach seo, tá Dáithí Ó Sé imithe isteach sa leithreas! DÁITHÍ! DÁITHÍ! Selfie! Ná bac Dáithí! Máirtín Tom Sheáinín! Máirtín Tom Sheáinín!
25. An Té a Bhíonn AG LABHAIRT AS GAEILGE
Ag labhairt as Gaeilge a bhíonn gach duine ag an Oireachtas, ach amháin an duine seo. Bíonn sé siúd AG LABHAIRT AS GAEILGE agus thabharfadh sé a bhfuil aige sa saol go gcloisfeadh gach duine é AG LABHAIRT AS GAEILGE.
26. An Té A Déarfaidh Leat Gur Fearr Cill Airne ná Baile Átha Cliath Pé Scéal É
Bhíodh an duine seo i gcónaí ag tabhairt amach faoi Chill Airne. Bhí a sháith aige d’Oireachtas Chill Airne. Ach ansin chuaigh sé go dtí Baile Átha Cliath i gcomhair Oireachtas na Samhna 2015 (an rud is fearr a tharla riamh don Oireachtas i gCill Airne) agus tá port eile ó shin aige. ‘Dhera, pé rud a déarfá faoi Chill Airne, tá sé i bhfad níos fearr ná Baile Átha Cliath. Ní raibh cuma ná caoi anuraidh air.’
27. An Tuismitheoir Gaelach Lena Scuaidrín Gaelach Druileáilte
‘Níl ann ach píosa craic agus is aoibhinn leis/léi féin é. Is iontach an mhuinín a thugann sé dóibh ag an aois sin’.
Yeah raight! Sin an chúis mar sin go bhfuil an bheainín bhocht cráite le bliain anuas agat ag cleachtadh Úna Bán. ‘A Úna Bhán nach gránna an luí atá ort, do cheann le fána i measc na mílte corp…’
Agus nuair nach bhfaigheann an créatúr bocht aon duais?
‘Nach cuma? Níl ann ach píosa craic, ach idir mé féin agus tú féin, ní raibh an fhoghraíocht thar mholadh beirte ag an leaidín beag sin as Leitir Calaidh a tháinig sa gcéad áit. Ach cén chaoi a mbeadh agus gan aon fhocal Gaeilge á labhairt sa mbaile aige, an feairín bocht?’
Fág freagra ar 'ÓN gCARTLANN: An 27 cineál Gaeilgeoirí a chasfar ort ag an Oireachtas…'