Oiléan Gaeltachta ag súil le haitheantas a bhaint amach mar láthair ‘spéir dhorcha’

Tá súil ag muintir Chléire go bhfaighidh siad aitheantas oifigiúil ó Chumann Idirnáisiúnta na Spéire Dorcha

Oiléan Gaeltachta ag súil le haitheantas a bhaint amach mar láthair ‘spéir dhorcha’

Tá iarracht ar bun ag Cléire, an t-oileán Gaeltachta ar chósta Chorcaí, a bheith ar cheann de na chéad láithreacha sa domhan a bheadh aitheanta go hoifigiúil mar láthair spéir dhorcha.

Is é atá i láthair spéir dhorcha ná áit a bhíonn ainmnithe mar áit mhaith don réaltóireacht.

Beidh an chéad ócáid Spéir Dhorcha ar siúl ar an oileán Gaeltachta faoi cheann coicíse, deireadh seachtaine an 22-24 Bealtaine, tráth a mbeidh an Stáisiún Spáis Idirnáisiúnta os cionn an oileáin.

Beidh cainteanna agus ceardlanna ar siúl le linn an deireadh seachtaine chomh maith agus beidh réalteolaithe agus treoraithe oilte i láthair lena gcuid eolais faoin spéir a roinnt.

Dhá pháirc spéir dhorcha ‘céim óir’ atá in Éirinn – ceann i gcontae Mhaigh Eo idir Sléibhte Néifinne agus cósta an Atlantaigh, agus an ceann eile i gcontae Chiarraí, páirc spéire a chuimsíonn Cathair Saidhbhín, Dairbhre, An Caladh, Baile an Sceilg, an Coireán, An Dromaid agus Cathair Dónall.

Is beag páirceanna spéire dorcha eile den chaighdeán sin atá aitheanta sa domhan. Tá súil anois ag muintir an oileáin go bhfaighidh siad aitheantas oifigiúil ó Chumann Idirnáisiúnta na Spéire Dorcha, aitheantas den chineál atá ag an dá pháirc in Éirinn agus ag áiteanna amhail an Grand Canyon agus Páirc Náisiúnta Joshua Tree, péire sna Stáit Aontaithe a bhfuil a gcáil amuigh.

Shane O’Neill, atá ag múineadh i mbunscoil an oileáin, a chuimhnigh ar an togra seo ar dtús.

“Tá an-cháil ar éin, míolta móra, deilfeanna agus liamháin ghréine an oileáin seo le fada, agus is acmhainn nádúrtha iontach eile atá againn anseo ar an oileán í spéir ghlan na hoíche,” a dúirt Shane O’Neill. 

Tá Comhairle Chontae Chorcaí, Údarás na Gaeltachta, Ollscoil Chorcaí agus Fáilte Ireland ag tabhairt tacaíochta d’iarratas Chléire.

Níl aon pholasaí náisiúnta ná aon reachtaíocht againn sa tír seo le déileáil le truailliú solais agus beidh cruinniú poiblí ar siúl i Halla an Chontae i gCorcaigh Dé Luain seo chugainn faoin ábhar. Spéir Dhorcha Éireann atá ag eagrú an chruinnithe sin.

Labhróidh an saineolaí ar thruailliú solais, an tOllamh Brian Espey as Coláiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath agus Georgia McMillan, duine de lucht tacaíochta Chairde Spéartha Dorcha Mhaigh Eo ag an gcruinniú.

Fág freagra ar 'Oiléan Gaeltachta ag súil le haitheantas a bhaint amach mar láthair ‘spéir dhorcha’'