Oideas Cásca do dhinnéar mór do scata daoine

Is minic gurb í an cheathrú bhreá uaineola rósta a shamhlaítear le haimsir na Cásca. Seo oideas 12 céim ó úinéir an chaifé iomráitigh POTA ar an Tulaigh i gConamara

Oideas Cásca do dhinnéar mór do scata daoine

Ceathrú Uaineola Rósta le Prátaí Dauphinoise agus Lus Súch Griollta le Gremolata Creamha

Tá an Cháisc linn. Tá bachlóga ag oscailt ar na crainn, tá síolta ag péacadh sa talamh agus beidh fáil againn ar go leor comhábhar úr, glas gan mhoill. Tá fáil againn ar chuid den uaineoil is fearr ar domhan anseo in Éirinn freisin agus is lú i bhfad an lorg carbóin atá ag an uaineoil i gcomparáid leis an mairteoil. Bíonn uaineoil Chonamara ar an mbiachlár againn sa chaifé go minic agus is féidir é a úsáid ar iliomad bealaí.

Mar sin féin, nuair a chuimhním ar an gCáisc sa bhaile, is í an cheathrú bhreá uaineola rósta a shamhlaím i gcónaí. Seo oideas deas don tréimhse seo den bhliain agus tá sé go hálainn le haghaidh dinnéar mór le slua daoine a thabhairt le chéile. Is minic a bhíonn faitíos ar dhaoine roimh an rósta mór, ach seo oideas an-simplí agus an-bhlasta.


Dóthain do: 6-8

Am Ullmhúcháin: 30 nóiméad

Am Cócarála: 25 nóiméad in aghaidh gach 500g uaineola, 60-75 nóiméad don dauphinoise.

Comhábhair

Ceathrú Uaineola (2-2.5kg)

10 nIonga Gairleoige

1.2kg Prátaí

450ml Uachtar

Beart Beag Maróis

20-30 Péacán Lus Súch

Ola Chócaireachta

Salann agus Piobar

40g duillí gairleog fhiáin (nó 40g peirsil agus 1 ionga gairleoige)

1 Líomóid, sú agus craiceann


  1. Téigh an t-oigheann go 180°C.
  2. Bain an craiceann de na hingne gairleoige ar fad. Gearr 4-5 cinn acu ina dhá leath.
  3. Leag an cheathrú uaineola ar thráidire bácála atá clúdaithe le scragall stáin. Doirt braon maith ola os a cionn agus cuimil thart timpeall ar an gceathrú ar fad é le do láimh. Le scian bheag ghéar, cuir 8-10 bpoll sa chuid is mó feola den cheathrú. Isteach sna poill ar fad sin, cuir leath-ionga gairleoige agus craobhóg bheag mharóis. Cuir an mhias san oigheann mar sin ar feadh 30 nóiméad. Bain amach ansin é, clúdaigh le scragall stáin é agus cuir ar ais é don chuid eile den tréimhse rósta mar atá luaite agam [25 nóiméad in aghaidh gach 500g feola].
  4. Bain an craiceann de na prátaí agus gearr iad ina slisíní an-tanaí (thart ar 1mm ar tiús.) Cuir isteach i mbabhla mór iad agus clúdaigh le huisce iad. Bainfidh sé seo cuid den stáirse astu.
  5. Déan an chuid eile den ghairleog a bhrú.
  6. I mias bheag, measc le chéile an t-uachtar, an ghairleog bhrúite, gráinne salainn agus piobair. Doirt isteach ar bharr na bprátaí é agus measc le chéile go maith iad.
  7. Doirt na prátaí isteach sa mhias bhácála agus déan cinnte go dtugann tú leat an t-uachtar ar fad. Ba cheart go dtiocfadh an leacht aníos chomh fada leis an tsraith atá in uachtar ach níor cheart go mbeidís clúdaithe aige. Cuir san oigheann é ar feadh 60-75 nóiméad.
  8. Bain an chuid chrua de bhun na bpéacán lus súch.
  9. Cuir pota mór ina bhfuil thart ar 2cm uisce ag fiuchadh le beagán salainn. Cuir mias mhór uisce fuar in aice leis. Cuir isteach sa phota na péacáin lus súch agus lig dóibh fiuchadh/galú ar feadh 3 nóiméad, agus claibín ar an bpota agat, go dtí go mbeidh siad cócaráilte ach gan a bheith ró-bhog. Tóg amach ansin iad agus cuir isteach san uisce fuar iad láithreach leis an gcócaráil a stopadh go dtí go mbeidh an chuid eile den bhéile beagnach réidh agat.
  10. Tóg amach an cheathrú uaineola agus cinntigh go bhfuil sí cócaráilte tríd ar fad. Cuir forc nó sáigh bíor isteach sa chuid is tibhe. Níor cheart go mbeadh dath dearg ar bith ar an leacht a thiocfaidh amach. Má tá an fheoil bruite, dún an scragall stáin arís agus cuir tuáille thart air. Fág mar sin é in áit theolaí go dtí go mbeidh tú réidh lena ithe. Is deise i bhfad an fheoil le gearradh agus le hithe más féidir í a fhágáil ar feadh tuairim is leathuair sula n-íosfaidh tú í.
  11. Bain amach an dauphinoise agus cinntigh go bhfuil siad cócaráilte tríd. Ba cheart go mbeadh na prátaí breá bog i lár báire agus donn-óir agus brioscánach in áiteanna ar a mbarr. Más maith leat go mbeidís beagáinín níos brioscánaí fós, is féidir iad a chríochnú tamaillín faoin ngríoscán.
  12. Don gremolata, gearr na duillí creamha [an ghairleog fhiáin] go mion agus measc iad leis an sú líomóide agus an craiceann líomóide atá grátáilte go mion.
  13. Cuir friochtán gridil ag téamh ar theocht ard le braoinín beag ola. Nuair a bheidh sé an-te, leag na péacáin lus súch anuas air agus déan iad a scalladh ar feadh 2-3 nóiméad. Iompaigh ansin iad agus déan an rud céanna ar an taobh eile. Bain den fhriochtán iad, caith an gremolata os a gcionn agus tabhair chun boird iad láithreach i dteannta na nprátaí agus na huaineola.

Fág freagra ar 'Oideas Cásca do dhinnéar mór do scata daoine'