Ocht rogha – spéaclaí gréine nach ligfidh do sholas na gréine an radharc a bhaint díot

Spéaclaí saora agus daora á meas ag ár gcomhfhreagraí idir €10 agus €150 agus grian an tsamhraidh fós ag taitneamh

Ocht rogha – spéaclaí gréine nach ligfidh do sholas na gréine an radharc a bhaint díot

Bhí na spéaclaí gréine orm go cinnte nuair a d’éirigh mé amach as an gcarr i nGaillimh agus iad sáite siar ar bharr mo chinn agam nuair a thug mé cuairt ar roinnt siopaí i lár na cathrach. Ag ól caife a bhí mé nuair a thug mé faoi deara go raibh siad imithe amú orm agus ó tharla go raibh pingin mhaith caite agam orthu chuaigh mé á lorg.

Faraor, níor aimsigh mé iad agus níl de rogha agam anois ach dul ag ceannacht arís. An rogha atá agam ná cinn réasúnta saor a fháil agus dul sa seans iad a chailleadh arís iad nó cinn mhaithe dhaora a fháil agus aire ar leith a thabhairt dóibh.

Chonaic mé cinn dheasa chomh saor le €10 agus cinn ardfhaiseanta ó Prada ar €215 ach atá ar fáil ar shladmhargadh faoi láthair ar €151.

Ar ndóigh, bíonn sé tábhachtach i gcónaí spéaclaí gréine a chaitheamh chun do shúile a chosaint ar an ngrian. Moltar cinn a thugann cosaint 100% in aghaidh gathanna ultraivialait (UV). Ní hionann cinn atá polaraithe agus a ghearrann dallrú na gréine agus cosaint a bheith iontu ó ghathanna UV. Is fiú smaoineamh freisin gur fearr lionsaí móra seachas cinn bheaga agus nach bhfuil cosaint níos fearr ó lionsaí dorcha ná mar atá ó chinn ar dhath níos éadroime.

Ach, is ‘ráiteas faisin’ freisin iad na spéaclaí gréine, go háirithe na cinn is saoire agus cuireann siad barr smaise ar do rogha feistis.

As na hocht bpéire seo a dhéanfaidh mé mo rogha féin a luaithe agus a shocraím an saor nó daor a bheidh mo rogha.

 

Spéaclaí Gréine ‘Omen’ i Topshop ar €60

Branda faiseanta Quay Australia a dhéanann na cinn seo agus is breá liom an cruth ciorclach atá ar na lionsaí. Tá an dearadh seo go mór sa bhfaisean faoi láthair. 

 

 

Spéaclaí Gréine Polaraithe ó H&M ar €39.99

Is breá liom an patrún iontach ar na cinn seo, mar a bheadh blaosc toirtíse agus dathanna donn, béas agus liath ann. Feileann an stíl seo do chuid mhór aghaidheanna difriúla freisin.

 

Spéaclaí Gréine dubha ó Mango ar €19.99

Más péire simplí clasaiceach atá uait is fiú go mór triail a bhaint as na cinn seo ó Mango. Tá siad ar fáil i ndath donn freisin agus an praghas an-réasúnta.

 

Spéaclaí Gréine ‘Keyhole Wayfarer’ ó Ray-Ban ag ASOS ar €135.49

Is dócha go bhfuil Ray-Ban ar an mbranda spéaclaí gréine is cáiliúla dá bhfuil ann. Stíl shimplí atá i gceist ar an bpéire seo agus mairfidh siad sa bhfaisean ar feadh na mblianta fada. Daor ach is fiú an t-airgead iad.

 

Spéaclaí Eitleora ó River Island ar €17

Tá an dearadh sin ar a dtugtar ‘spéaclaí eitleora’ an-choitianta agus ard-éileamh orthu. Tá dath álainn gorm sa lionsa orthu seo agus imeall órga orthu.

 

Spéaclaí Ciorclacha Bándearga ó Missguided ar €9.99

Chuirfeadh na spéaclaí deasa bándearga seo brí in aon fheisteas. Bheidís ar feabhas dá mbeadh spéaclaí gréine uait mar ‘ráiteas faisin’ agus tú ag freastal ar fhéile éigin.

 

Spéaclaí Gréine ‘Beautiful Stranger’ ó Le Specs ar Net-a-Porter ar €65

Branda sách nua é seo atá ag tarraingt go leor cainte le deireanaí agus is breá liom na cinn seo a bhfuil stíl ‘súile an chait’ i gceist leo.

 

Spéaclaí Gréine Phantos ó Prada ag Brown Thomas ar €151

Má tá an sparán teann agus do shúil ar dhearthóir faisin mór le rá, nach bhfuil sé chomh maith agat dul chuig Prada! Bíonn €215 ar na cinn seo de ghnáth ach iad ar fáil faoi láthair ar shladmhargadh ar €151. Tá siad seo sách simplí ach is breá liom an patrún blaosc toirtíse sin.

Fág freagra ar 'Ocht rogha – spéaclaí gréine nach ligfidh do sholas na gréine an radharc a bhaint díot'