Ocht rogha do shamhradh na ngúnaí polcaphoncacha é 2019

Ní féidir na patrúin pholcaphoncacha a sheachaint ar shráideanna na mbailte móra i mbliana

Ocht rogha do shamhradh na ngúnaí polcaphoncacha é 2019

Nuair a bheidh daoine ag smaoineamh siar ar fhaisean an tsamhraidh i mbliana measaim go gcuimhneofar ar 2019 mar an bhliain a dtáinig an gúna polcaphoncach i réim arís. Chaith mé féin ceann gorm a cheannaigh mé i Zara chun na hoibre le gairid agus is féidir liom a rá go macánta nach bhfuair aon rud a chaith mé roimhe sin oiread airde agus moladh ó mo chomhghleacaithe.

Gúnaí éadroma samhraidh iad na cinn atá le feiceáil go fíorchoitianta ar shráideanna na mbailte móra faoi láthair. Seo cuid de na cinn is mó a thaitníonn liom féin agus atá ar fáil faoi láthair ar phraghsanna idir €17 agus €69. 

Gúna polcaphoncach dubh ar meánfhad ó ASOS ar €67.74

Is breá liom an gearradh ar an ngúna seo – gan aon mhuinchillí ach muineál ard air. Is féidir an ceann seo a chaitheamh le sála arda nó go neamhfhoirmeálta le cuaráin éadroma. 

Gúna cídeoige ó Warehouse ar €64

Ar dhath na meirge atá an ceann seo agus tá stíl na cídeoige ar an dearadh is fearr liom féin. Bhreathnódh an ceann seo go hálainn ar chuid mhór daoine.

 

Mionghúna uaine ó &Other Stories ar €49

Tá dath breá bríomhar agus strapaí deasa ar an ngúna iontach samhraidh seo. Seo rogha dheas tráth a bhfuil na mionghúnaí ar ais sa bhfaisean.

 

Gúna fada gorm ó Zara ar €49.95
Seo an gúna a cheannaigh mé féin le gairid agus a tharraing oiread sin suntais ó mo chomhghleacaithe. Bónas breise iad na pócaí deasa atá ar an gceann seo.

 

Gúna bán ar stíl ‘bardot’ ó Topshop ar €68

Seo ceann a mholfainn féin do dhuine d’ócáid shóisialta a bheadh beagán foirmeálta. Tá na polcaphoncanna dubha ar an ngúna bán gan ghuaillí an-ghalánta agus fíor-oiriúnach don samhradh.

 

Gúna cídeoige uaine ó H&M ar €17

Uaine dhorcha nó ‘dusky green’ an dath atá ar an ngúna breá éadrom seo. Seo ceann iontach do laethanta saoire agus é ar fáil ar shladmhargadh faoi láthair.

 

Gúna ar dhath na meirge ó PrettyLittleThing ar €35

Tugtar ‘tea-dress’ nó gúna an tae ar an stíl atá ar an ngúna clasaiceach seo. Tá sé gearr ach níl sé ró-sheanfhaiseanta. Bheadh an ghúna seo go deas le cuaráin shimplí do chóisir shamhraidh agus cuaráin shimplí ort.

 

 

Gúna polcaphoncach ar dhath béas ó River Island ar €18

Tá an gúna seo ar fáil ar shladmhargadh faoi láthair freisin agus an praghas laghdaithe ó €55 go €18. Ar phraghas mar sin, cé a bheadh gan gúna polcaphoncach!

Fág freagra ar 'Ocht rogha do shamhradh na ngúnaí polcaphoncacha é 2019'