Ocht leid faisin do Lá na mBan ag Rásaí na Gaillimhe

Tá ár gcomhfhreagraí i mbun pleanála cheana féin don mhórócáid bhliantúil faisin i gcathair na Gaillimhe

Ocht leid faisin do Lá na mBan ag Rásaí na Gaillimhe

Níl ach seachtain amháin fágtha to gcuirfear tús le Rásaí na Gaillimhe agus gan mórán le 10 lá ann go mbeidh ceann de mhórócáidí faisin na bliana ansin, Lá na mBan. Tá urraithe nua ag Lá na mBan i mbliana, an suíomh gréasáin her.ie agus tá duais bhreá ann don bhean is dea-ghléasta an lá sin – saoire ghalánta sna Séiséil chomh maith le €3,000 d’airgead póca. Beidh Rosanna Davison agus Síle Seoighe i measc na moltóirí i mbliana.

Fágfaidh mé na leideanna faoi na capaill is fearr ag féile rásaíochta na bliana seo faoi shaineolaithe spóirt Tuairisc.ie, Pádraic agus Mártan Ó Ciardha, ach seo cúpla leide faoi chúrsaí faisin do Lá na mBan.

An donnú bréige – ná téigh thar fóir leis!  Tá sé tábhachtach nach mbeidh donnú bréige ró-dhorcha ort ag dul chuig na rásaí. Ó tharla gur amuigh faoin aer, le linn an lae, a bhíonn na rásaí ar siúl, is mó a thabharfar faoi deara aon bhotúin sa donnú bréige.  Mholfainn an t-uachtar seo ó Bondi Sands mura mbeidh deis agat spraedhonnúchán a fháil.

 

Feisteas compordach – roghnaigh gúna nach bhfuil rófháiscthe sa gcaoi nach mbeidh an chuma ort go bhfuil do bholg ata ag gach greim a chuirfidh tú i do bhéal ón bhflúirse bia ag na rásaí. Taitníonn an gúna deas seo ar dhath oráiste liom féin. Tá sé ar fáil ó ASOS ar €62.21. Ní hamháin go bhfuil dath álainn air ach tá fabraic bhreise sa mbásta a choinneodh bolg ata faoi cheilt.

Sála arda compordacha – seo an leid is tábhachtaí agus is maith atá a fhios agam ón mbotún a rinne mé féin anuraidh. Fulaingt cheart is ea an lá a chaitheamh i sála nach bhfuil compordach. Mholfainn féin sála tiubha in áit cinn thanaí lá mar seo agus is margadh maith iad an péire seo ó New Look ar €27.99.

Cuircín – sin an leagan atá ag téarma.ie ar an mball faisin a bhíonn mar rogha na coitiantachta ag na rásaí – fascinator.  Go pearsanta, is fearr liom féin an banda gruaige mar go bhfuil sé níos simplí agus níos discréidí. Chomh maith leis sin is mó úsáid a bhainfidh tú as ceann acu ná mar a bhainfeá as cuircín foirmeálta. Taitníonn an banda gruaige seo liom féin agus péarlaí air. Tá sé ar fáil ó ASOS ar €16.59.

Mála réasúnta mór – Tá sé tábhachtach go mbeadh mála faiseanta agat atá ag teacht le do rogha feistis ach tá sé tábhachtach freisin go mbeadh sé sách mór do na rudaí ar fad a theastóidh uait. Breathnaíonn málaí beaga go deas ach ní fiú an tairbhe an trioblóid agus tú ag streachailt chun gach rud a bhrú isteach iontu. Tá an ceann seo ó Missguided iontach don samhradh agus neart spáis ann do ghiuirléidí an lae.

‘Flats’ agus plástair do na spuaiceanna – Cá mbeifeá gan na bróga beaga gan sála in íochtar do mhála do dheireadh na hoíche nuair atá na cosa tuirseach agus spuaiceanna ort ón siúl i sála arda. Ar ndóigh, ní Lá na mBan amháin atá i gceist mar gur lá agus oíche a bhíonn ann.  Mura mbeidh na plástair uait féin beidh tú i do laoch ag na cairde sin a mbeidh siad ag teastáil go géar uathu.  Taitníonn na bróga ísle seo atá ar fáil ar shladmhargadh i Zara liom féin agus is iad a bheadh go deas go cinnte i ndeireadh na hoíche.

Sprae smididh, béaldath agus folaitheoir – Beidh an smideadh ort an lá ar fad agus is mór is fiú sprae smididh a thabhairt leat lena chinntiú go bhfanfaidh an smideadh ag breathnú go maith cuma cé chomh fada is a bheidh sé ort. Bain triail as an All Nighter Spray ó Urban Decay atá ar fáil ar €31. Ná déan dearmad ar bhéaldath agus ar fholaitheoir chomh maith.

Dioralyte – seo an leide is tábhachtaí do dheireadh na hoíche. Má ólann tú neart den táirge seo sula dtéann tú a chodladh tá seans réasúnta maith ann nach mbeidh aon tinneas ort an mhaidin dár gcionn fad is nach ndeachaigh tú thar fóir ar fad leis an seaimpéin ná an prosecco.

Fág freagra ar 'Ocht leid faisin do Lá na mBan ag Rásaí na Gaillimhe'