Ocht dtáirge nua áilleachta don té nár chaith cent i mí Eanáir

Scríobh mé an tseachtain seo caite faoin mórtas a bhí orm nár chaith mé cent ar earraí faisin i mí Eanáir na bliana seo, cuid den rún daingean a bhí agam a bheith ciallmhara agus níos cúramaí sna roghanna a dhéanaim. Tá tuilleadh ábhar mórtais agam inniu – sé sin nár cheannaigh mé aon ábhar […]

Ocht dtáirge nua áilleachta don té nár chaith cent i mí Eanáir

Scríobh mé an tseachtain seo caite faoin mórtas a bhí orm nár chaith mé cent ar earraí faisin i mí Eanáir na bliana seo, cuid den rún daingean a bhí agam a bheith ciallmhara agus níos cúramaí sna roghanna a dhéanaim.

Tá tuilleadh ábhar mórtais agam inniu – sé sin nár cheannaigh mé aon ábhar cúram cnis ná smideadh ar bith nua le linn mhí Eanáir ach an oiread.

Bhí sé chomh deacair céanna agam seasamh siar ó na cuntair áilleachta agus na suíomhanna gréasáin a dhíolann na táirgí sin agus a bhí sé gan aon earraí faisin a cheannacht. Ba mhinic mé meallta ach sheas me an fód.

Seo mo liosta de na táirgí smididh agus cúram cnis nár cheannaigh mé ach a shantaím anois agus mí Eanáir caite. 

1.Jordan Samuel ‘The After Show Treatment Cleanser’ ó Cult Beauty ar £2.

D’úsáid mé an glantóir aghaidhe seo cheana nuair a fuair mé as Meiriceá é agus ní bréag a rá go measaim go bhfuil sé ar an gceann is fearr ar domhan. Tá fáil níos éasca anois air ón mBreatain agus súil agam nach gcuirfidh an Breatimeacht aon stop leis sin. Tá boladh álainn air agus baineann sé chuile ruainne smididh agus an fachtóir cosanta gréine díot.  Maireann an glantóir seo cúpla mí mhaith mar nach dteastaíonn ach an beagán beag a úsáid.

 

2.Essie Gel Couture Nail Polish ó ASOS ar €10.37

D’éirigh mé as a bheith ag fáil shellac ar mo chuid ingní tamall ó shin mar gur cheap mé go raibh sé ag déanamh damáiste dóibh. Thosaigh mé ag úsáid vearnais ingne ó Essie – trí cinn de chótaí i gcónaí – agus an Essie Gel Topcoat ar a bharr. Anois tá mo chuid ingne i mbarr na sláinte arís agus maireann an vearnais ar feadh coicíse mar go bhfuil mé á úsáid mar is ceart.

 

3.Charlotte Tilbury Luxury Palette The Queen of Glow ó Brown Thomas ar €50.00

Tá smideadh nua á chur ar fáil go seasta ag Charlotte Tilbury agus é ar ardchaighdeán i gcónaí. Bíonn an scáthú súl aici iontach i gcónaí agus tá an ceann ar leith seo bunaithe ar smideadh Jennifer Lopez. Tá sé seo sách daor ar €50 ach is fiú go mór é nó bheadh sé iontach ar fad mar bhronntanas do dhuine éigin.

 

 

4.Mac Glow Play Blush ó Brown Thomas ar €30

Seo luisneach nua ó Mac atá tagtha ar an margadh anois díreach – an Aoine seo caite a seoladh go hoifigiúil é. An dath ‘So Natural’ is mó a thaitníonn liom féin. Tá an luisne ón gceann seo chomh deas sin nach dteastaíonn aibhsitheoir ar bith leis. Beidh cuma ar d’aghaidh gur chaith tú seachtain faoin ngrian.

 

 

5.Puritp Deep Sea Pure Water Cream ó Yesstyle.com ar €14

Seo branda iontach ón Chóiré Theas atá tagtha chun cinn go mór ó 2019. Bíonn na brandaí cúram cnis ón Chóiré i gcónaí ar ardchaighdeán, bíonn comhábhair iontacha iontu agus iad i bhfad níos saoire ná na cinn a fhaigheann muid ar an taobh seo den domhan. Deirtear go bhfuil an maothóir seo iontach don tráth seo bliana, dóibh siúd atá díhiodráitithe ag córais aerchóirithe oifige agus mar sin de. Uisce sáile as doimhneacht na farraige atá i 60% den uachtar seo agus tá sé mar a chéile leis an uisce nádúrtha inár gcraiceann.

 

 

6.Fenty Beauty Snapshadows Palette ó Boots.ie ar €25

Tá go leor daoine ag caint faoin scáthú súl nua atá curtha ar an margadh ag Fenty Beauty, branda Rihanna. Tá ocht gcinn de bhailiúcháin dathanna i gceist agus sé cinn de dhathanna difriúla i ngach ceann acusan. Is é an ceann ar a dtugtar ‘True Naturals’ mo chéadrogha féin. Bheidís seo an-áisiúil agus duine ag taisteal mar go bhfuil siad an-bheag ach dá mbeadh péire leat is féidir iad a ghreamú le chéile le ‘snap’ beag agus beidh 12 dath agat!

7.Tan-Luxe Super Glow ó Cloud10beauty.com ar €40

Tá dhá fheidhm éagsúil ag an táirge seo – is séiream hiodráitithe é atá an-mhaith do chraiceann tirim ach chomh maith leis sin is donnú bréige don aghaidh é. Is é seo an chéad séiream donnú bréige a bhfuil comhábhar ann atá an-mhaith don chraiceann. Is féidir beagán de seo a chur ort chuile lá sula gcuireann tú maothóir ort féin agus beidh dath deas na gréine ort gan mhoill.

 

8.Glossier Generation G Lipstick ó Glossier.com ar €17

Is breá liom an branda Glossier, branda nach mbíodh ar fáil ach ar líne amháin ar dtús ach a bhfuil cúpla siopa beag acu i Meiriceá anois. Seo branda atá i gcónaí ag dul i dtreonna nua le táirgí smididh agus fócas acu ar smideadh éadrom nádúrtha a chuireann cuma iontach ar dhuine. Tá chuile rud ar an suíomh acu go maith ach is breá liom an béaldath seo thar aon ní eile, go háirithe na dathanna ‘cake’ agus ‘zip’.

Fág freagra ar 'Ocht dtáirge nua áilleachta don té nár chaith cent i mí Eanáir'