Ocht bpéire cuarán samhraidh faoi bhun €50

Más cuaráin dheasa don dea-aimsir atá uait, tá margaí maithe aimsithe ag ár gcolúnaí duit 

Ocht bpéire cuarán samhraidh faoi bhun €50

Bhí am ann agus nuair a smaoineofaí ar chuaráin chuimhneofaí láithreach ar strapaí leathair, spuaiceanna ar na cosa agus elastoplast! Ach anois, is rogha fhaiseanta iad go háirithe le linn an tsamhraidh. Tá neart stíleanna éagsúla ar an margadh faoi láthair agus tá na cinn atá roghnaithe agamsa ar fáil ar phraghsanna idir €20 agus €50.

 

 

Cuaráin le prionta liopaird orthu ó RAID ag ASOS ar €41.46.

Is maith liom an stíl fhíorshimplí atá ar na cuaráin seo le sála arda agus strapa ar an rúitín. Creid é nó ná creid, tá patrún an phrionta liopaird fós sa bhfaisean.

 

Cuaráin dhubha ó Savida, Dunnes Stores ar €25

Bheadh na cuaráin seo a bhfuil cuachóg orthu thar cionn don trá ach bheidís feiliúnach chomh maith céanna mar chuid d’fheisteas níos galánta, mar shampla, ag dul amach chuig dinnéar.

 

 

Miúileanna buí ó New Look ar €34.99

Roghnaigh mé na cuaráin chompordacha seo mar gheall ar an dath deas buí atá orthu agus an patrún craiceann crogaill.

 

Cuaráin ar a dtugtar ‘Honey’ ó Topshop ar €29

Taitníonn an stíl shimplí seo agus na strapaí liom. Tá seacht gcinn de dhathanna le fáil sa stíl seo le feiliúint do cibé feisteas a bheadh roghnaithe ag duine.

 

Cuaráin stríocacha ó H&M ar €19.99

Is breá liom an patrún agus an chuachóg bheag atá ar na cuaráin seo a bheadh an-fheiliúnach d’oíche amuigh ag dinnéar nuair a bheadh fonn ar dhuine na sála arda a fhágáil sa mbaile.

 

Cuaráin bhána sála arda ó Zara ar €49.95

Níl mé féin róchraiceáilte faoi chuaráin bhána de ghnáth ach dhéanfainn eisceacht i gcás na gcinn dheasa seo ó Zara. Is maith liom na sála adhmaid, go háirithe.

 

Cuaráin dhubha ó Mango ar €35

Cuaráin ar stíl chlasaiceach iad seo agus leathar ceart iontu. Margadh maith iad ar an bpraghas sin.

 

Cuaráin sála arda ar dhath oráiste ó Missguided ar €33.99

Seo an dath is deise liom féin ar chuaráin samhraidh agus is breá liom na sála coirc atá orthu seo freisin.

Fág freagra ar 'Ocht bpéire cuarán samhraidh faoi bhun €50'