Ocht bpéire buataisí rúitín idir €30 agus €130

Agus séasúr na gcuarán thart chuaigh ár gcomhfhreagraí ar thóir buataisí rúitín

Ocht bpéire buataisí rúitín idir €30 agus €130

Níor theastaigh Lorenzo le meabhrú dúinn go raibh séasúr na gcuarán thart. Buataisí rúitín mo rogha féin bróg don tráth seo bliana mar nach bhfuil a sárú le fáil le thú a choinneáil teolaí ach faiseanta ag an am céanna.

An gnáthshlat tomhais a bhíonn agam agus mé ar thóir buataisí rúitín ná compord, stíl agus luach ar airgead. Faraor, ó am go chéile téim in aghaidh mo dhea-chomhairle féin agus ligim don stíl agus don fhaisean an ceann is fearr a fháil ar an gcompord.

Luath nó mall bíonn aiféala orm faoin rogha sin agus mo ladhracha bochta brúite fáiscthe san áit nach bhfuil dóthain spáis dóibh, geallaim dom féin ansin nach dtarlóidh sin arís.

Níor cheart go mbeadh an fhadhb sin le haon cheann de na buataisí rúitín atá roghnaithe agam anseo an tseachtain seo. Caithfidh mé a rá go bhfuil margaí maithe le fáil faoi láthair agus fiú roghanna deasa ar bheagán le cois €30.

 

 

 

Buataisí dubha Chelsea déanta as leathar ar €69.95 ó Zara

Péire álainn iad seo agus is breá liom na stodaí ar dhath an airgid mar mhionghné bhreise.

 

Buataisí Chelsea ar dhath burgúnach ar €34.56 ó Boohoo ar ASOS

 Snasleathar atá sa bpéire seo ar phatrún an chraicinn crogaill. Tá an stíl seo go mór sa bhfaisean i láthair na huaire agus an dath burgúnach ar fheabhas don fhómhar.

 

Buataisí svaeide ar dhath béas ar €87.00 ó River Island

 Bróga deasa simplí le sála troma iad seo ar dhath atá gar go maith de chrón. Bheidís seo ar fheabhas d’ócáid fhoirmiúil agus is cinnte go mbeifeá breá compordach freisin. 

 

Buataisí rúitín leathair ar €59.99 ó Mango

Seo margadh maith ar bhróga cearta leathair. Dath béas atá orthu seo cé go bhfuil ruainne beag den uaine le tabhairt faoi deara ann freisin.

 

Buataisí rúitín le sála bloic ar €69.99 ó H&M

Dath bándearg dorcha atá ar an bpéire seo agus iad beagán daor do H&M ach nach iad a chuirfeadh brí i bhfeisteas a bheadh duairc nó dorcha!

 

Buataisí dubha ‘Gallery’ le sála blaosc toirtíse ar €35 ó Dunnes Stores

 Is cinnte gurbh iad na sála blaosc toirtíse a mheall mo shúil anseo. Margadh maith iad seo agus beidh siad sa bhfaisean go ceann fada go leor.

 

Buataisí ar dhath tóp le sála adhmaid ar €57 ó Topshop

Deartha mar a bheadh an t-adhmad ó chrann beithe atá na sála ar na bróga seo. Dath deas é tóp atá neamhghnách go maith ach feiliúnach don séasúr seo.

 

Buataisí dúghorma Moulin Rouge ar €129.95 ó bhailiúchán Amy Huberman

Is deas an rogha iad seo don bhean ar nós léi buataisí dubha a chaitheamh i gcónaí. Tá siad an-simplí, clasaiceach agus fíorchompordach.

Fág freagra ar 'Ocht bpéire buataisí rúitín idir €30 agus €130'