Ócáid chlainne agus ócáid do dhaoine de chuile aois atá sa Traidphicnic


Ní fhacthas an oiread daoine le fada is a bhí sa Spidéal ag an Traidphicnic agus thug sé chun cuimhne oícheanta samhraidh sna 1970idí agus sna 1980idí nuair a bhíodh an baile beag ag cur thar maoil le daoine…

Ócáid chlainne agus ócáid do dhaoine de chuile aois atá sa Traidphicnic


As Cill Mhantáin a tháinig fear an rothair, fearas campála ar a chúl aige. Bhí sé idir dhá chomhairle an bhfanfadh sé an oíche sin sa Spidéal nó an ndéanfadh sé a bhealach siar go Leitir Móir, ach bhí cloiste aige go raibh féile ar bun sa Spidéal agus bhí sé fiosrach fúithi. D’fhág sé an rothar taobh thiar den chlaí agus suas leis ó thuaidh den Cheardlann, áit a raibh Traidphicnic 2019 faoi lán seoil. Duine fial a bhí ann – chuir sé nóta €20 i gceann de na buicéid ina raibh airgead á bhailiú ar mhaithe leis an fhéile bhliantúil cheoil agus chultúir seo a choinneáil ar an bhfód.

Faoin tráth sin an Aoine seo caite, an chéad lá den fhéile, bhí togha na gceoltóirí as Conamara ar stáitse is iad ag seoladh an dlúthdhiosca An Tower le Neansaí Ní Choisdealbha agus Tommy Mellett. Tugadh aitheantas faoi leith d’amhránaithe óga an cheantair i mbliana agus is gearr go raibh an lucht féachana faoi dhraíocht ag Fódhla Ní Bhraonáin as Indreabhán, agus ag an réalta nua Róisín Seoighe, as Ros an Mhíl.

Bhí fidléir as contae an Chláir sa lucht féachana, í ag déanamh camchuairt ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin lena máthair. Bhí sise den tuairim go bhfuil an Traidphicnic níos fearr ná Scoil Shamhraidh Willie Clancy agus bhí sí ag súil go mór le freastal ar cheann de na ceardlanna cheoil i Scoil Éinne an mhaidin dár gcionn. Tháinig bean eile as Uachtar Ard lena fear céile go speisialta chun an grúpa Ye Vagabonds a fheiceáil – ba iad a chuir críoch le ceol na hAoine.

Ar feadh an tráthnóna, bhí na veaineanna campála – cinn bheaga den seandéanamh agus cinn nua ghalánta – ag bailiú ar Shean-Chéibh an Spidéil agus bhí corrphuball le feiceáil sna garrantaí.

Ba í seo an t-ochtú bliain ag an Traidphicnic agus chuile chosúlacht ar chúrsaí go bhfuil an fhéile ag dul ó neart go neart ó bhí an chéad cheann ann in 2012. Fearacht blianta eile, bhí réimse leathan ceoil le cloisteáil – naoi gcinn déag de cheolchoirmeacha éagsúla a bhí ar bun i gcaitheamh na dtrí lá.

Oíche Aoine, bhí na tithe tábhairne lán go doras, le ceoltóirí agus le custaiméirí. Má bhí do dhóthain cloiste agat de na fidléirí Liz agus Yvonne Kane i dTigh Ghiblin (drochsheans!), d’fhéadfá dul béal dorais go dtí an Droighneán Donn nó trasna an bhóthair go dtí an Chrúiscín Lán le ceoltóirí iontacha eile a chloisteáil. Amuigh ar an tsráid, thug grúpa damhsóirí ar an sean-nós taispeántas spleodrach gan choinne. (Is cosúil go bhfuil an físeán thuas feicthe ag na mílte ar Facebook go dtí seo.)

Oíche Shathairn, chomh maith, bhí cuid den dream a bhí ar stáitse an lá sin i mbun ceoil arís. Bhí na deirfiúracha Friel – Anna, Sheila agus Clare – as Glaschú ag casadh sa Droighneán Donn fhad is a bhí Muintir Uí Cheannabháin ag ceol is ag gabháil fhoinn Tigh Ghiblin.

Deir muintir na háite nach bhfacthas an oiread daoine sna tithe ósta le fada agus go dtugann an Traidphicnic chun cuimhne oícheanta samhraidh siar sna 1970idí agus sna 1980idí nuair a bhíodh an baile beag ag cur thar maoil le daoine.

I dteannta mhuintir an Spidéil agus cuairteoirí as chuile cheard, tagann go leor daoine aniar le freastal ar an bhféile. Bíonn neart Gaeilge le cloisteáil ón stáitse agus i measc an lucht féachana. Bhí sé suntasach scata cailíní óga ón gceantar a aireachtáil ag labhairt i nGaeilge amháin le linn an deireadh seachtaine.

Ba é an Satharn lá mór na gceardlann ceoil le ceoltóirí aitheanta, amhail Colm Ó Dubháin, Liz Coleman, Cathal Ó Curráin, Jack Talty,
Mary Bergin agus Tommy Hayes
.

Thosaigh an lá amach brádánach, ach bhí aiteall déanta aige faoin am gur cuireadh tús leis an gceol ag a dó a chlog. Orthu seo a chuaigh chun stáitse an tráthnóna sin, bhí Doireann Glackin agus Sarah Flynn, Stevie Dunne, Brian McGrath agus Gerdy Thompson agus an t-amhránaí óg Bertie Ó Dómhnaill.  Ba iad an banna breá Ulaid, in éineacht le Muireann Nic Amhlaoibh, is deireanaí a bhí ag ceol.

Maidin Dhomhnaigh, ba dheas fear a fheiceáil ag casadh ar an gcruit taobh amuigh de dhoras cúil Chill Éinde fad is a bhí daoine ag teacht amach ón Aifreann. Ní radharc é sin a fheictear go minic!

An Contempo Quartet, leis an bpíobaire Pádraic Keane, is túisce a bhí ar stáitse ar an Domhnach agus iad ag casadh meascán mealltach den cheol clasaiceach is an ceol traidisiúnta. Níos deireanaí, chuir ceol bríomhar an ghrúpa Back West cosa chuile dhuine ag preabadh.

Ócáid chlainne agus ócáid do dhaoine de chuile aois atá sa Traidphicnic. Tá spiorad faoi leith ag baint léi. Cuireann sé leis an spiorad sin nach mbíonn aon táille le híoc le freastal ar an bhféile, ach go bhfuil an deis ag daoine an méid airgid is mian leo a chur isteach sna buicéid. Bíonn an coiste deonach a bhíonn á reáchtáil ag brath go mór ar mhaoiniú ón gComhairle Ealaíon, ó Ealaín na Gaeltachta Teo, ó Údarás na Gaeltachta, ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe, chomh maith le hurraíocht  ó eagraíochtaí go leor eile agus ó ghnóthaí áitiúla. Bhí fadhbanna faoi leith le sárú i mbliana mar gheall ar athrú suímh, ach d’éirigh go geal leis na himeachtaí uilig.

Ceoltóirí Óga Cois Fharraige a chuir tús leis an Traidphicnic ar an Aoine agus ba iad a gcomhghleacaithe sna déaga a chuir críoch spleodrach leis an bhféile tráthnóna Domhnaigh. Bhí fear an rothair fós ann, é sínte ar an bhféar is é ag baint sásamh as an gceol. Cá bhfios ar bhain sé Leitir Móir amach riamh, ach bí cinnte de go raibh deireadh seachtaine den scoth aige i mBaile an Droichid. An oíche sin agus an ghrian ag dul faoi, agus an chuid is mó den slua bailithe leo, chonaic mé beirt bhan óg ag damhsa cois cladaigh – iad ag iarraidh gan scaoileadh, go fóill, le spiorad an Traidphicnic.

Fág freagra ar 'Ócáid chlainne agus ócáid do dhaoine de chuile aois atá sa Traidphicnic
'