Ó Thóiceo go dtí an tSlóvaic tá bliain chinniúnach roimh ghaiscígh na hÉireann

Beidh na cluichí Oilimpeacha ar siúl i dTóiceo i mbliana agus bliain mhór a bheidh in 2020 chomh maith do ghalfairí, imreoirí rugbaí agus imreoirí sacair na hÉireann

Ó Thóiceo go dtí an tSlóvaic tá bliain chinniúnach roimh ghaiscígh na hÉireann

Andy Farrell, Sanita Puspure, Shane Lowry agus Shane Duffy. Pictiúir: INPHO

Sacar

Agus cúrsaí ina gcíor thuathail san FAI, tá ábhar misnigh ag teastáil go géar ó lucht sacair na tíre agus tá deis ag Mick McCarthy agus a chuid imreoirí an spreagadh sin a thabhairt dóibh mí an Mhárta. Caithfidh Éire dul as baile agus an ceann is fearr a fháil ar an tSlóvaic agus ansin ar Thuaisceart Éireann nó ar an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin chun áit a bhaint amach ag EURO 2020.

Tabharfaidh an taispeántas a thug foireann na hÉireann i gcoinne na Danmhairge beagán misnigh dóibh. Ní chuirfidh na foirne atá ina gcoinne mórán as d’imreoirí na hÉireann ach an oiread agus tá cluichí tábhachtacha buaite as baile ag an bhfoireann seo, i gcoinne na hOstaire agus i gcoinne na Breataine Bige in 2016 agus in 2017.

Dá n-éireodh le hÉirinn áit a bhaint amach ag EURO 2020, bheadh dhá chluiche acu i Staid Aviva mí an Mheithimh, i gcoinne na Polainne agus i gcoinne na Sualainne, sula mbeadh orthu aghaidh a thabhairt ar an Spáinn in Bilbao.

Pé rud a tharlaíonn, beidh Stephen Kenny ag teacht i gcomharbacht ar McCarthy i ndiaidh an tsamhraidh agus a chéad chluichí mar bhainisteoir ar an bhfoireann shinsir aige i Sraith na Náisiún mí Dheireadh Fómhair.

Bliain mhór í seo d’fhoireann na mban chomh maith agus deis acu áit a bhaint amach ag EURO 2021, a bheidh ar siúl i Sasana. Tá foireann na hÉireann sa dara háit ina ngrúpa cáilithe faoi láthair, taobh thiar den Ghearmáin. Má chríochnaíonn Éire sa dara háit, beidh deis acu áit a bhaint amach sa chomórtas tríd na babhtaí cáilithe, a imreofar mí Dheireadh Fómhair.


Rugbaí

Cuirfear tús le ré nua mí Feabhra nuair a rachaidh foireann rugbaí na hÉireann chun páirce den chéad uair faoi cheannas Andy Farrell. Imreoidh Éire i gcoinne na Breataine Bige i mBaile Átha Cliath sa chéad bhabhta den chomórtas. Ní bheidh rudaí éasca ag Farrell agus Éire ag imirt as baile i gcoinne Shasana agus in aghaidh na Fraince.

Tá drochghortú ag cur as do Jonathan Sexton chomh maith ach b’fhéidir go dtabharfadh sé sin deis do Farrell a rian a fhágáil i gceart ar an bhfoireann. Tubaiste cheart a bhí i gCorn an Domhain d’fhoireann na hÉireann agus beidh JP Cooney, Jordan Larmour, Joey Carbey agus a leithéidí ag súil go dtabharfar deis cheart dóibh anois.


Galf

Bhí bliain iontach ag Shane Lowry in 2019 nuair a bhuaigh sé Craobh Oscailte na Breataine i bPort Rois agus beidh sé ag súil le bliain mhór eile in 2020. Tá ráite aige go minic gur sprioc mhór aige imirt i gCorn Ryder agus tá seans maith aige áit a fháil ar fhoireann na hEorpa do chomórtas na bliana seo i Whistling Straits. Má éiríonn le Lowry mórchomórtas eile a bhuachan bainfidh sé áit amach ar an bhfoireann cinnte, ach fiú mura n-éiríonn leis é sin a dhéanamh, tá seans maith ann go roghnófar é agus Pádraig Harrington ina chaptaen ar fhoireann na hEorpa.

Beidh Rory McIlroy go mór faoi bhrú arís ag an gcéad mhórchomórtas gailf in 2020, comórtas na Máistrí in Augusta, an t-aon cheann mór nach bhfuil buaite aige go dtí seo. Bhí McIlroy ar fheabhas in 2019, ach tá cúig bliana go leith caite ó bhuaigh sé mórchomórtas.


Cluichí Oilimpeacha

Bliain thábhachtach í seo do scata mór lúthchleasaithe agus na Cluichí Oilimpeacha á reáchtáil i dTóiceo mí Iúil agus mí Lúnasa. Go hoifigiúil, níl áit bainte amach ag na Cluichí ach ag ceathrar Éireannach go dtí seo, an gleacaí Rhys McClenaghan, an peantatlanaí Natalya Coyle agus beirt snámhaithe, Darragh Greene agus Shane Ryan.

Beifear ag súil go mbeidh rámhaithe na hÉireann in ann boinn a bhuachan i mbliana agus gaiscí móra á ndéanamh ag roinnt acu le blianta beaga anuas. Bhuaigh Paul O’Donovan, a thug bonn airgid as Rio 2016, agus Fintan McCarthy boinn óir sa rás Bád Beirte Éadrom ag Craobhacha an Domhain i mbliana agus tá Sanita Puspure tar éis Craobh an Domhain a bhuachan faoi dhó, in 2018 agus in 2019.

Níor éirigh go maith le dornálaithe na hÉireann ag na gCluichí ceithre bliana ó shin ach beidh foireann na bliana seo chugainn, atá faoi cheannas Zaur Antia, ag iarraidh é sin a chur ina cheart. Beidh seans maith ag Kellie Harrington, a bhuaigh Craobh 60kg an Domhain in 2018, má cháilíonn sí agus tá deis iontach ag bean Ghaeltachta, Christina Desmond as Cill na Martra, áit a bhaint amach i dTóiceo chomh maith. Tar éis di Craobh na hÉireann a bhuachan dhá bhliain as a chéile, ba cheart go mbeadh Desmond ag troid i mbabhtaí cáilithe na hEorpa mí an Mhárta.

Fág freagra ar 'Ó Thóiceo go dtí an tSlóvaic tá bliain chinniúnach roimh ghaiscígh na hÉireann'