Ó DHÚCHAS: Ar maidin ag iarraidh ubh a bhreith a bhí an fear

Uair sa tseachtain, foilsítear píosa seanchais i gcomhar le Dúchas.ie. An tseachtain seo, tá cuntas as Dún na nGall againn faoi iontas mór, fear ag breith…

Ó DHÚCHAS: Ar maidin ag iarraidh ubh a bhreith a bhí an fear

Bhí bean ina cónaí i Machaire Loiscthe aon uair amháin agus bhí fear aici agus ní rabh sé ábalta codladh. Bhí cuid mhó cearc aici agus ní rabh siad ábalta uibheacha a bhreith.
Lá amháin chuaigh an bhean chuig an dochtúir agus d’inis sí dó caidé bhí cearr.

Thug an dochtúir dhá bhuidéal cógais di agus d’inis sé di an ceann ceart a thabhairt don fhear.
D’imigh sí na bhaile, agus an dá bhuidéal léi. Nuair a shroich sí an teach rinne sí dearmad cén cógas a ba chóir di a thabhairt don fhear. Thug sí an cógas dó a ba chóir di a thabhairt do na cearca, agus thug sí an cógas do na cearca a ba chóir di a thabhairt don fhear.
Ar maidin lá thar na mhárach chuaigh an bean amach chuig cró na gcearc agus fuair sí na cearca ina gcodladh, agus fuair sí an fear ag iarraidh ubh a bhreith.
Brighid Nic Daibhéid, An Trian Caol i nDún na nGall a fuair an scéal seo ó Phadaí Tonair i 1937.

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Ar maidin ag iarraidh ubh a bhreith a bhí an fear'