Ó DHÚCHAS: Talmhaíocht na Caillí Béara

I gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. Éachtaí na Caillí Béara atá againn inniu...

Ó DHÚCHAS: Talmhaíocht na Caillí Béara

Bhí triúr mac ag an gCailleach Bhéarach agus bhíodh a gcuid oibre déanta in am acu i gcónaí. Bhí an Chailleach Bhéarach í féin caoch. Chuireadh sí a cuid coirce i gcónaí i mí na bhfaoillí. Tá rabharta mór a thagann go luath san Earrach agus caithfidh na faoileáin nó na faoillte móra fanacht go mbí an rabharta sin thart sula bhféadfaidh siad a neadracha a dhéanamh ar an gcladach agus sin é an fáth a dtugann siad mí na bhfaoillí uirthi.

Ní raibh a fhios ag na comharsana cén chaoi a mbíodh coirce aici níos fearr ná a bhíodh acu féin. Bhíodh an oiread coirce aici ar chéad [síl] agus a bhíodh acusan ar dhá chéad. Bhí siad ag cuimhneamh agus ag rá le chéile cén chaoi a mbíodh coirce chomh maith sin aici.

Ansin lig fear do na comharsana air féin go raibh sé ag dul an mhargaidh le mála coirce. Agus nuair a bhí sé ag dul thar an teach a raibh an Chailleach ina cónaí ann, lig sé don mhála titim mar bhí sé ag ceapadh go dtiocfadh an chailleach amach le cúnamh a thabhairt dó an mála a ardú ar an gcapall aríst.

Bhí sé ag iarraidh an mála a chur suas ar an gcapall ach bhí an oiread sin meáchain ann is nár fhéad sé mar gur chuir sé gaineamh isteach ann lena dhéanamh trom.

Ba ghearr go dtáinig an Chailleach amach le cúnamh a thabhairt dó. Rug sí ar cheann an mhála agus rug an fear ar an gceann eile lena chur suas agus ar éigean a bhí an bheirt acu in ann é a chur suas.  ‘Hea!’ a deir an Chailleach, ‘cuireadh an coirce seo i mí na bhfaoillí.’

Ansin as sin amach chuir na comharsana a gcuid coirce i mí na bhfaoillí agus bhí coirce acu chomh maith agus a bhíodh ag an gCailleach Bhéarach.

Aon uair amháin bhí bean ann, agus sé an t-ainm a bhí uirthi ná an Chailleach Bhéara, an-spealadóir a bhí inti. Bhíodh an chailleach Bhéara ag baint fhéir go minic agus bhí an-chleachtadh aici.
Bhíodh sí fhéin agus fir ag coimhlint go minic agus d’fhaigheadh sí an ceann ab fhearr i gcónaí. Bhíodh an ceann le cailleadh ag an té a mbuafadh sí air.
Aon lá amháin, bhí sí fhéin agus fear le dhul ag baint. Chuaigh an fear seo go dtí an cheárta, agus fuair sé bioranna iarainn agus chuir sé ins an bpíosa iad a bhí le baint ag an gcailleach. Nuair a bhuaileadh an chailleach an speal in aghaidh an phíosa iarainn deireadh sí, ‘faobhar, faobhar, a bhainfeadh féar’, agus deireadh an fear, ‘ní hea ach fear maith láidir agus speal mhaith ghéar’. Fuair an fear an bua uirthi, agus chuir sé deireadh léi.

Séamus Ó Coincheanainn (58), Baile an tSagairt, An Spidéal, Conamara

 

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Talmhaíocht na Caillí Béara'