Ó DHÚCHAS: Shíl an mhuintir eile go raibh sé ar mire agus gur an mhuc a ba chiontaí leis

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. Múineann gá seift agus ocras ar stócach a bhí ar fostú ar an Lagán…

Ó DHÚCHAS: Shíl an mhuintir eile go raibh sé ar mire agus gur an mhuc a ba chiontaí leis

Bhí fear ina chónaí ar an tSeanbhaile uair amháin agus bhí sé an-tugtha do chleasa. Brian Ó Feosaidh a b’ainm dó. Lá amháin dúirt sé leis a mháthair “Gabh anseo go dtaispeánfaidh mé duit caidé an rud ‘War out’.”

Chuir sé bata faoi chomhlaí agus chuir sé rópa ar an bhata. “Anois,” ar seisean leis a mháthair. “Gabh thusa isteach faoin chomhlaí.” Chuaigh. Nuair a fuair sé faoin chomhlaí í tharraing sé an rópa agus thit an chomhlaí ina mullach. Anois ar seisean, tá fhios agat caidé an rud “War out”.

Chuaigh Brian ’un Lagáin agus rinne fastadh [fostú]. Ní raibh teach maith bídh aige. Lá amháin bhí sé ag tabhairt a gcuid do na muca agus smaoinigh sé ar chleas. Chuir sé biorán mór isteach i gcluais cheann de na muca. Thosaigh sí a’ léimtigh suas ar an bhalla agus dhá tochailt fhéin. Nuair a chonaic Brian seo d’inis sé don mháistir go raibh ceann de na muca ar mire. Chuaigh an máistir a dh’amharc uirthi agus nuair a chonaic sé an bhail a bhí uirthi d’iarr sé ar Bhrian í a mharú agus a cur i bpoll.

“Maróidh mé í ach ní chuirfidh mé i bpoll í,” ar seisean. “Íosfaidh mé féin uilig í,” arsa Brian “agus má théim ar mire féin is cuma liom agus is cuma leatsa ach oiread creidim.” 

Mharaigh sé an mhuc agus d’íosfadh sé giota di gach lá. Ní raibh sí a’ déanamh a dhath air agus bhí Brian ag éirí breá ramhar. Nuair a bhí sé tuairim ar mhí dá hithe chonaic na seirbhísigh eile nach raibh an mhuc a’ déanamh a dhath air agus thoisigh siad féin dá hithe. 

Nuair a chonaic Brian go raibh an mhuintir eile ag cuidiú leis an mhuc a ithe ní raibh sé sásta. Thoisigh sé a’ ligint air go raibh sé ag dul as a chéill. Thoisigh sé ag éirí in airde ar na ballaí, ag baint a chuid éadaigh de agus a’ scairtigh agus a’ scréachaigh. Shíl an mhuintir eile go raibh sé ar mire agus gur an mhuc a ba chiontaí leis.

Stad siad uilig d’ithe na muice agus fuair Brian an chuid eile den mhuc ó shin amach.

Sorcha Ní Chuireáin (15), An Seanbhaile, Gort an Choirce a fuair an seanchas seo óna hathair Pilip. 

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Shíl an mhuintir eile go raibh sé ar mire agus gur an mhuc a ba chiontaí leis'