Ó DHÚCHAS… Seachain thú féin ar an táilliúir…

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol

Ó DHÚCHAS… Seachain thú féin ar an táilliúir…

Bhí teach an fhir rua agus teach athar an chailín i bhfostú dhá chéile i gContae Mhaigh Eo. ’Sí an cheird agus an tslí mhaireachtála a bhí ag an bhfear rua – ag ceannach stocaí agus dá ndíol arís agus d’éirigh leis go ndearna sé saibhreas mór leis an obair seo ach bhí athair an chailín bocht go leor.

Fá dheireadh cheap an ceannaí stocaí go mba cóir dó cur faoi, agus d’iarr sé an iníon ar a chomharsa. Sin a raibh ón gcomharsa agus faoi Fhéile Pádraig rinneadh an cleamhnas. Bhí táilliúir i ngean leis an gcailín freisin. ’Séard a bhí sa táilliúir fear breá ligthe aigeanta agus le meidhir agus le fiántas, d’imigh leis ina óige agus liostáil sé.

Tar éis dhá bhliain do chaitheamh ag saighdiúireacht i mbaile beag i gContae Mhaigh Eo, d’éalaigh sé abhaile arís i ngan fhios. Is cosúil gur mó an gean do bhí ag an gcailín ar an táilliúir ná ar aon duine eile agus tráthúil go leor bhí sé sa mbaile in am le bheith ag an gcleamhnas.

In imeacht na hoíche thairg an fear rua gloine biotáille don cailín ach d’eitigh sise í agus tamall ina dhiaidh sin thairg an táilliúir gloine di agus ghlac sí uaidhsean í. Chuir sin éadóchas ar an bhfear rua ach níor lig sé air gur ghoill sé air agus críochnaíodh déanamh an chleamhnais.

An tseachtain dár gcionn bhí gnó ag an bhfear rua go Baile Átha Cliath mar is ann do thugadh sé na stocaí agus cheannaíodh rudaí ina n-áit, le díol ar ais arís ar fud na cuairte. Bhí sé lá ag ceannach stocaí ó sheanbhean ar an mbaile, cúpla lá sula raibh sé le himeacht agus mar is iondúil le mná a bheith cainteach cabach, thosaigh sí seo ag caint ar an bpósadh agus ag rá go raibh ríméad ortha ar fad, é a bheith ag cur faoi sa mbaile ‘na measc.

‘Ach,’ a deir sí ‘seachain thú féin ar an táilliúir.’

Níor lig seisean dada air ach dúirt sé leis féin nach raibh gá aige dul go Bleá Cliath agus an táilliúir a fhágáil sa mbaile agus cheap sé dá bhféadfadh sé an táilliúir a thabhairt leis go ndéanfadh sin cúis dó. Dúirt sé ansin le hathair an chailín gur theastaigh fear glic uaidh in éineacht leis. Dúirt an t-athair leis an táilliúir d’iarraidh. D’iarr agus d’eitigh seisean é. D’iarr athair an chailín ansin ar an táilliúir dul leis an bhfear rua agus chuaigh. Chuadar araon go Baile Átha Cliath.

Chríochnaíodar a ngnó ann agus chuadar a chodladh in aon seomra amháin san oíche. Ar maidin go moch liúigh an fear rua amach gur ghoid an táilliúir a chuid airgid uaidh san oíche agus amach leis faoi dhéin na bpóilíos.

Gabhadh an táilliúir acht chruthaigh sé sa gcúirt go dtáinig luach na stocaí agus luach na n-earraí do cheannaigh sé le chéile agus gur éagóir a cuireadh airsean.

Scaoileadh amach ansin é ach d’inis an fear rua go raibh an táilliúir ina shaighdiúir agus gur éalaigh sé as an arm – gabhadh fear na snáthaidí arís agus fán gcoir sin cuireadh i bpríosún é go ceann dhá bhliain.

Tháinig an fear rua abhaile agus phós sé, agus nuair a bhí an dá bhliain istigh ag an táilliúir tháinig sé abhaile agus d’éalaigh bean an fhir rua leis cé go raibh beirt chlainne aicí lena fear.

Ghoill sé chomh mór sin ar an bhfear rua go dtáinig saochan céille fá dheireadh air agus d’imigh sé i bhfiántas i ndiaidh a chinn roimhe agus tamall sular cailleadh é ní aithneodh sé aon duine, ní hamháin a bhean féin.

Nóra Ní Loinseacháin,
Gaoth Sáile,
Co Mhaigh Eo.

Fuair sí an t-eolas ó Eibhlín Ní Chioghan,
feirmeoir as Tulachán Dubh in Iorras.

 

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS… Seachain thú féin ar an táilliúir…'