Ó DHÚCHAS: Rinne an mhaighdean mhara i gCois Fharraige gáire den chéad uair le seacht mbliana…

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo an mhaighdean mhara i gCois Fharraige atá againn…

Ó DHÚCHAS: Rinne an mhaighdean mhara i gCois Fharraige gáire den chéad uair le seacht mbliana…

Bhí fear ann fadó agus bhí sé an-bhocht. Bhí sé lá amháin ag iascach agus chonaic sé maighdean mhara ag teacht aníos as an uisce agus gan cochall ar bith uirthi. Bhreathnaigh sé isteach ar an duirling agus chonaic sé an cochall agus é leagtha ar chloch ann.

Isteach leis agus d’ardaigh sé leis an cochall uaithi. Nuair a chonaic sí ag imeacht é agus an cochall aige d’iarr sí air é a thabhairt di ach ní thabharfadh. Lean sí abhaile ansin é ach ní thabharfadh sé di an cochall. D’fhan sí sa teach ansin aige agus ní raibh sí ag labhairt focal ar bith leis.

Aon lá amháin nuair a bhí an fear ag tuíodóireacht chuir sé an cochall i bhfolach sa díon.

D’fhan sí sa teach ansin aige ar feadh seacht mbliana gan focal a labhairt ach i gcónaí i gcónaí ag iarraidh an chochaill air. Faoi cheann seacht mbliana tháinig bean isteach ar cuairt aige agus bhí an fear seo ag ithe a bhéile roimpi agus thairg sé cuid den bhia don mhnaoi a tháinig isteach ach ní ghlacfadh sí é. Nuair a chonaic an mhaighdean mhara nach nglacfadh sí an bia thosaigh sí ag gáirí agus ní dhearna sí aon gháirí roimhe sin le seacht mbliana.
Oíche amháin faoi cheann seacht mbliana eile bhí an fear seo ag dul a chodladh agus bhuail sé a chos faoi bhun an dorais agus leagadh san doras é agus ansin thosaigh an mhaighdean mhara ag gáirí arís. Maidin lá arna mhárach nuair a d’éirigh an fear d’fhiafraigh sé den mhaighdean mhara cén fáth ar thosaigh sí ag gáirí nuair nach nglacfadh an mhnaoi an bia uaidh seacht mbliana ó shin.

‘Ó,’ a deir sí, ‘ní inseoidh mé é sin duit nó go dtuga tú mo chochall ar ais dom.’

‘Tá go maith,’ arsa an fear agus d’imigh leis ar a thóir. Ní raibh sé i bhfad imithe nuair a tháinig sé ar ais arís agus bhí an cochall aige agus thug sé di é. Ghlac sí buíochas leis, agus ansin a d’innis sí dhó é. ‘Nuair a chuir an bhean suas den bhia,’ a deir sí, ‘a thairg tusa di an oíche sin chuir sí suas don ádh an uair sin.’

Nuair a bhí an méid sin ráite aici d’fhiafraigh an fear di cén fáth ar thosaigh sí ag gáirí an oíche roimhe sin.
‘Ó’ a deir sí, ‘nuair a bhí tú ag dul isteach san seomra sin aréir bhuail tú do chos faoi phota óir agus ní raibh a fhios agat é.’ ‘Agus an bhfuil sé ann fós?’ a deir an fear.
‘Tá,’ a deir sí, ‘agus tóg é.’ Agus ansin d’imigh sí as a amharc ar an nóiméad. Chart sé an áit faoi bhun an dorais agus thóg sé an pota agus bhí clár air. Chaith sé an clár uaidh ar an urlár agus choinnigh sé an pota óir. Bí sé dhá chaitheamh sin ansin agus bhí saol maith aige féin agus ag a mhnaoi air.

Lá amháin píosa maith ina dhiaidh sin tháinig scoláire bocht isteach acu. Chonaic sé an clár seo agus é caite go fánach ar an urlár. Thóg sé é agus bhí rud éigin scríofa air. Léigh sé é agus seo í an chaint a bhí ar an bpáipéar: ‘Ní ádhúla an taobh sin don doras ná an taobh eile.’

Ach níor thuig an scoláire brí na cainte sin a léigh sé ach bhí an fear ag éisteacht le gach focal a léigh sé ar an leic. Chomh luath agus bhí an scoláire imithe d’éirigh an fear agus chart sé an taobh eile don doras agus fuair sé pota eile.

Micheál Ó Tuairisg (14), Lochán Beag, Conamara a fuair an scéal seo óna athair Seán (40)

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Rinne an mhaighdean mhara i gCois Fharraige gáire den chéad uair le seacht mbliana…'