Ó DHÚCHAS: Ní fhaca aon duine riamh an leipreachán mura bhfaca na daoine fadó é…

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie  foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo leipreachán Dhúiche Sheoigeach atá againn

Ó DHÚCHAS: Ní fhaca aon duine riamh an leipreachán mura bhfaca na daoine fadó é…

An Leipreachán

Is é an sórt rud é an leipreachán ná feairín beag agus tá dhá chois chama faoi agus tá súile móra dubha ann agus tá cluasa fada air.

Deirtear nach mbíonn sé in aon áit ach áit an-uaigneach sna cnoic nó i ngleann uaigneach. Fadó riamh bhíodh na daoine ag tóraíocht an leipreacháin ach ní bhfuaireadar é.

Bhíodar ag ceapadh go bhfaighidís an pota óir a bhí aige. Ní fhaca aon duine riamh an leipreachán mura bhfaca na daoine fadó é. Bíonn pota óir ar iompar aige agus gach uile áit a mbíonn sé bíonn an pota óir sin aige.

Bhí fear ann fadó agus bhí sé le dul chuig aonach agus ba as Leitir Seanbhaile é. Bhí sliabh agus moingeanna le dul tríothu aige. D’éirigh sé ag a dó dhéag a chlog san oíche agus bhí sé le dul chuig aonach a bhí in Uachtar Ard agus chuaigh sé thart ag breathnú ar an spéir ag ceapadh go raibh sé in am aige a bheith ag imeacht chuig an aonach.

Ghléas sé a chapall bán agus chuir an diallait uirthi agus thug a aghaidh ar an aonach. Ní raibh sé i bhfad imithe nó gur chuala sé ceol i bhfogas dó. Dhearc sé thart agus céard a d’fheicfeadh sé ach leipreachán agus ualach bróg aige do na sióga agus é le taobh an fhir ar an gcapall agus bean sí in éineacht leis.

Bhí a fhios ag an bhfear gurb é an leipreachán a bhí ann mar bhí sé ag iarraidh caint a bhaint as ach bhí an fear saolta róchríonna aige agus ní thabharfadh sé freagra ar bith air.

Faoi dheireadh, ghlaoigh coileach agus dúirt an bhean ‘préacháinín fómhair chugat’. Ghlaoigh dhá choileach déag cúpla uair, iad i bhfad ó chéile agus bhí siad ag taitneamh leo agus chonaic an fear saolta go raibh an lá ag gealadh agus chonaic sé droichead uaidh agus dúirt sé ina intinn féin más daoine sí iad seo ní ghabhfaidh siad thar an droichead mar ní féidir le daoine sí dul thar uisce san oíche.

Faoi dheireadh ghlaoigh an tríú coileach déag agus dúirt an bhean ‘sin é an coileach Márta agus ní fhéadfaidh mé a ghabháil níos faide’.  Ansin dúirt sí ‘tá tú chomh críonna leis an té nach n-inseodh brionglóid na hAoine don Satharn ach dá bhfaighinn focal amháin féin asat, d’íocfá as. Thabharfainn liom thú agus bheadh tú ag obair go crua dúinne agus bheadh tú i d’fhear oibre chomh maith le duine’.

Tháinig an bhean agus an leipreachán den chapall agus bhí ualach bróg ag an leipreachán.

Pádhraic Seoige Pádhraic, Tamhnach Mór, An Sraith Salach, Conamara a d’inis an scéal seo don mhúinteoir i Scoil Dhoire Bhó Riada, Hannraoi Ó Coinnigh

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Ní fhaca aon duine riamh an leipreachán mura bhfaca na daoine fadó é…'