Bhí cluiche báire ar siúl i mBaile Chláir tuairim is trí seachtainí ó shin. Bhí buachaillí Bhaile Chláir agus na saighdiúirí as an Rinn Mhóir ag imirt agus fuair buachaillí Bhaile Chláir an bua. Bhí cúig fhear déag ar gach taobh.
Dhá pharóiste a bhí in aghaidh a chéile. Bhí geata ann agus scilling le n-íoc ag gach duine fásta agus sé pingine le haghaidh páistí.
Bhí camán adhmaid ag gach duine agus bhíodar ag bualadh na liathróide ó dhuine go duine go ceann leathuaire agus ansin bhí sos acu ar feadh deich nóiméad. Bhí buachaillí Bhaile Chláir gléasta i mbríste bán agus cóta dearg.
Ba iad na himreoirí ba mhó le rá ná Seán Ó Oisín, Pádraig Ó Dubhgáin, Tomás Ó Nuáin agus go leor eile.
Máirtín Ó Cuilleanáin (52), An Chreig Bhuí, Baile Chláir, Co na Gaillimhe
Coicís ó shin a bhí an cluiche iománaíochta deiridh thart anseo. Dhá pharóiste a bhí in aghaidh a chéile Baile Chláir agus Meáraí. Bhí cúig fhear déag ar gach taobh agus is é an captaen a bhí orthu ná Máirtín Ó Dúgáin, Baile Chláir. Bhuail Baile Chláir iad le dhá chúl agus cúilín. Bhí geata ann. Bhí orthu sé pingine a íoc. Níor íoc ach cuid de na daoine; isteach thar an mballa [leo]. Ba shuarach an rud é sin mar bhí ar na buachaillí na jerseys nua a cheannacht. Nuair a bhí an báire thart bhí ceann eile ann. Dhá pharóiste eile, na saighdiúirí ar an Rinn Mhóir agus Baile Chláir. Sé an captaen a bhí orthu ná Tomás Ó Conchubhair. Bhuail an Rinn Mhóir Baile Chláir.
Ní bhíonn aon pheil thart anseo ach bíonn sé in áiteanna eile. B’fhearr liom féin báire. Bíonn camán fuinseoige agus liathróid amháin leathair acu.
Séamus Ó Grálaigh (57), Cluain Bigid, Baile Chláir, Co na Gaillimhe
Fág freagra ar 'Ó Dhúchas… ‘Ní bhíonn aon pheil thart anseo, b’fhearr liom féin báire’ – cluichí iománaíochta i nGaillimh 70 bliain ó shin'