Fadó tháinig bean isteach go hÁrainn as lár na hÉireann agus chuir sí fúithi i gCill Éinne. Tar éis tamaill phós sí iascaire agus chónaigh an bheirt acu go socair sásta le chéile.
Ansin sa mbliain 1847 tháinig an ‘calar’ go hÁrainn agus d’fhág muintir Chill Éinne an baile agus d’ardaigh siad suas ar an gcnoc i mbotháin bheaga a thóg siad fhéin agus in éineacht leo d’imigh an bhean uasal sin darbh ainm ‘Nialla an Tobair’ agus a fear agus theann siad soir ar an gcnoc go dtí áit darbh ainm An Carn Buí agus is ansin a thosaigh siad ag stracadh leis an saol.
Aon oíche amháin chuaigh Nialla amach ar an tsráid faoi cheann gnaithe eicínt agus ní raibh sí i bhfad amuigh nuair a tháinig puth gaoithe agus scuab sé leis í síos, síos go dtí ‘barr na coise’.
Baineadh an mheabhair aisti agus nuair a tháinig sí chuici féin arís, dúirt sí “má tá sibh chomh maith sin ar mhiste libh mé a thabhairt ar ais arís?” agus ní raibh an focal as a béal aici nuair a bhí sí os comhair a dorais féin arís agus isteach léi abhaile.
Níor lig sí tada uirthi féin agus níor thug an fear tada faoi deara. D’imigh na blianta thart agus chuaigh an bheirt acu ar aghaidh go maith go dtí ar deireadh cailleadh bó a bhí acu agus ní fearacht anois é b’fhiú na céadta punt bó an uair sin.
Ina dhiaidh sin thit an lug ar an lag ar an mbeirt acu agus níor fhan croí ná misneach iontu go dtí aon oíche amháin dhúisigh an fear amach san oíche agus fuair sé Nialla imithe.
D’éirigh sé agus amach leis ar fud na gcreaga á cuartú ach ní raibh sí le fáil in aon áit. Choinnigh sé air ag cuartú go dtí go raibh an lá ag breacadh agus é ag teacht aniar leis an aill nuair a d’airigh sé an ceol. Chonaic sé an long agus cheap sé nach raibh gléas ceoil ar domhan nach raibh á seinm inti. D’fhan sé ag cuartú na mná go dtí an tráthnóna agus nuair a tháinig sé abhaile bhí sí sa mbaile roimhe.
D’fhiafraigh sé di cá raibh sí, agus d’inis sé a eachtraí di. Nuair a d’airigh sise é ag caint ar an gceol, dúirt sí go raibh an-spórt acu i dTír na nÓg an t-am sin.
Uaidh sin amach bhí a fhios ag chuile duine go raibh cumhacht aici ó na sióga, agus cheap daoine gurbh í an oíche sin a tógadh ón teach go dtí ‘Barr na Coise” í a fuair sí é. Faigheadh sí an oíche sin é nó ina dhiaidh sin, bhí an chumhacht aici agus is iomaí duine a leigheas sí.
Padhraig Ó Maoláin as Cill Rónáin, Árainn a thóg an seanchas seo óna athair Bairtle.
Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Na daoine maithe cneasta le bean Árann'