I gCois Fharraige is cuid den seanchas an t-oileán draíochta a bheith le feiceáil Oíche Chinn an Dá Lá Dhéag

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol

I gCois Fharraige is cuid den seanchas an t-oileán draíochta a bheith le feiceáil Oíche Chinn an Dá Lá Dhéag

I gCois Fharraige is cuid den seanchas an t-oileán draíochta a bheith le feiceáil i gCuan na Gaillimhe Oíche Chinn an Dá Lá Dhéag (oíche Nollaig na mBan). Théadh comhluadair síos le cladach deireanach san oíche ag súil le hamharc a fháil air agus bhí aithne agam féin ar dhaoine a mhionnódh go bhfaca siad é. Má fheiceann tú é, agus má éiríonn leat bonn airgead geal nó fód as an tine a chaitheamh air, is leatsa go deo é. Filí Bhaile na mBroghach, Joe Shéamais Sheáin Ó Donnchadha (1908-1991) as Cois Fharraige i gConamara a scríobh an dán breá seo faoin oileán.

An tOileán Draíochta

Oíche Chinn an Dá Lá Dhéag,
Thar ar cruthaíodh d’oícheanta faoin spéir,
Sea nochtar oileán gléigeal
Go hard i lár an chuain.
Píosa aniar ó Árainn
Sea fheictear é an tráth sin,
Is leathuair roimh an lá
Sea íslíonn sé fán toinn.

An té a dhearc go grinn air
Is a chonaic sa meán oíche é,
Nuair a chuir sé síos air,
Sé’n tsamhail a thug sé dhó
Ná lóchrann soilseach príomhchathair
A bheadh lasta suas le aoibhneas,
Nó solas geal ó réalta neamh
Le glasreo seaca móir.

Nach álainn is nach aoibhinn,
An radharc ins an meán oíche
Na tonnta ar fad ina thimpeall
Is iad cloíte síos le áthas.
An fharraige ina calm
Is an draíocht ina cheo dhá leagan
Ar thúr agus ar mhansion,
Ar charraig is ar aill.

Na cúirteanna is iad déanta
Gan mairg uaidh na saora,
Na caisleáin is iad líonta,
Le soilse suas go barr.
Togha gach bia is gach dí ann
Dár leagadh ag aon rí ariamh,
Damhsa ag clann sí ann
Is lánsiamsa ins gach bán.

Na baird ag seinm cheoil ann
Ar chláirsigh sreangaibh óir bhuí,
Na draoithe go ciúin ag comhrá
Is ag cur síos ar thogha na laoch,
Na flatha ag ithe is ag ól ann
Is an claimhteoir amuigh ag foghlaim,
Is torthaí ann ina scórtha
Ag tarraingt síos na gcraobh.

Arb iúd é tír na hóige
A bhí faoi theas an tsamhraidh i gcónaí,
Is ar fhan Oisín ann go bródúil
I bhfad i ndiaidh na bhFiann?
Nó arbh amhlaidh a ghlac dobhrón
A chéile, Niamh Chinn Óir, ann
Is go bhfuil sí ag teacht ar chóstaí
Le uaigneas ina dhiaidh?

Nó arbh iúd é tír an mbeo
A bhí gan pian gan bás gan dólás,
Nár facthas sneachta mór ann,
Ná sioc ariamh san oích’?
Bhíodh an mhil ar uachtar beoir ann
Is gach éan dár dheise ag ceol ann
Is gach pabhsae b’áilne cóta,
Dár fhás trí thalamh aníos.

Nó arb iúd é tír na mbua
Is na ngaiscíoch crua nach ngéillfeadh
Is nár loic ariamh ón té sin
I gcath ná i ngairm ghliadh,
Is nár briseadh ar a rannaí
An lá a chruinnídís le chéile
Is a mbíodh buaite ag sciath gach aon fhear
Tráth a mbíodh an ghrian ag gabháil faoi?

Nó arb iúd é an t-oileán Maí Meall
Ar fuadaíodh Connla Tréan ann
Is nár fhill ar ais go hÉirinn
Arís go deo ina dhiaidh;
Is nár chaith sluaite Teamhrach téarma
Dhá thóraíocht ins na réigiúin,
Is nár fhill i dteannta a chéile
An lá a bhí deireadh leis an bhfiach?

Nó an ríocht í a thit i bpeaca
I bhfad roimh am na díleann
Is nár fhan Dia lá ná oíche
Lena mheascadh isteach san ár,
Ach a ruaigeadh síos faoin teiscinn,
I bhfad ó ghrian is ó léargas,
Is nach n-éireoidh go Lá an tSléibhe
Ar nóin nó maidin bhreá.

Ach nuair nach bhfuair mé fáirnéis
Go cé dár díobh an áit sin,
Nó cén rí nó an t-ardfhlaith
Atá i gceannas ins an tír,
Stopfaidh mé den áibhéil
Agus dúnfaidh mé na stártha;
Tá deireadh le mo ráite
Anois faoin oileán draíochta.

Fág freagra ar 'I gCois Fharraige is cuid den seanchas an t-oileán draíochta a bheith le feiceáil Oíche Chinn an Dá Lá Dhéag'