Ó DHÚCHAS… ‘Is dócha gur airigh sé an scéal mar gheall ar an ór agus bhí sé a’ pócáil timpeall lena mhaide’

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol

Ó DHÚCHAS… ‘Is dócha gur airigh sé an scéal mar gheall ar an ór agus bhí sé a’ pócáil timpeall lena mhaide’

Ar an taobh thuaidh den oileán seo, beagáinín siar ó Fhaill Chunnais, tá carnán cloch ann agus Clochán Uí Chrónacháin a thugtar air. De réir an tseanchais tá bosca óir i bhfolach in áit éigin idir an clochán san agus Faill Chunnais. Níl aon tuairisc acu ar conas
mar a tháinig sé ann. Tá an áit breactha le leaca agus ní fios d’éinne cén leac a bhfuil an stór fúithi.

Pé ar domhan é bhí an fear seo ag aoireacht bó in aice na háite an lá seo. Is dócha gur airigh sé an scéal mar gheall ar an ór agus bhí sé a’ pócáil timpeall lena mhaide ag iompú na leac féachaint an mbeadh sé de rath air go n-aimseodh sé é. San obair dó cad deirir ná gur iompaigh sé an leac áirithe seo agus istigh fúithi chonaic sé an bosca óir. Bhí sé díreach a’ cromadh anuas chun é a ardú leis, nuair a thug sé súilfhéachaint éigin ar na ba agus cá rabhadar ach ar bhruach na faille agus baol ann go n-imeoidís síos le fána isteach sa bhfarraige. Leis sin do sháigh sé a mhaide sa talamh in aice an bhosca chun go mbeadh sé mar mharc aige, agus do chuir sé de síos fá dhéin na faille chun teacht roimis na ba. Do chas sé aníos arís iad, agus tháinig sé thar n-ais go dtí an áit mar ar fhág sé an bata ina sheasamh, dar leis.

Do chuardaigh sé timpeall ins gach aon áit ach ní raibh bata ná leac ná bosca óir le fáil aige, na sióga a thóg é nuair a bhí sé i ndiaidh na mbó, mar tá cáil an uaignis ar an áit chéanna.

Ní bhfuarthas an stór sin riamh ó shin ach chreid na daoine go daingean go raibh sé ann. Is minic a chaith daoine ón oileán tamall ag iompú na leac i nDrom Ruadh ag iarraidh é a fháil. Bíonn siad ag aoireacht na mbó ar eagla iad a dhul le faill, agus go dtí na blianta deireanacha seo, fiú amháin, is minic seandaoine an oileáin ag cuardach fés na leacaibh. Tá an stór fé leac éigin, ach ní fios d’éinne cé acu leac é.

Faisnéiseoir: Nóra Ní Dhuinneacha
Aois: 73 bliain
Seoladh: Oileán Baoi, Cill Mhichíl, Co Chorcaí

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS… ‘Is dócha gur airigh sé an scéal mar gheall ar an ór agus bhí sé a’ pócáil timpeall lena mhaide’'