Ó DHÚCHAS: Creideann na seandaoine nach ceart an rud é duine a thógáil arís agus dá dtógfaí, go dtiocfadh stoirm mhór…

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo faighimid cur síos ar stoirmeacha in Acaill agus eachtraí a tharla lena linn

Ó DHÚCHAS: Creideann na seandaoine nach ceart an rud é duine a thógáil arís agus dá dtógfaí, go dtiocfadh stoirm mhór…

Bhí garda farraige (coast guard) céad bliain ó shin ar an Chaol. Oíche amháin tháinig an stoirm ba mhó a tháinig riamh in Acaill. Bhí gabha ar an Chaol darbh ainm Ó Mongáin, bhí an garda ina aghaidh agus an t-ainm a bhí air sin, Reynolds. Oíche amháin san bhliain 1839 (5 Eanáir) bhí sé ólta agus bhí sé ar mire. Bhí sé ag dul ar fud an Chaoil agus a chlaidheamh tarraingthe aige. Bhí tlú ag Ó Mongáin, mar bhí Reynolds ag briseadh an dorais isteach air. Sheas sé taobh thiar den doras agus nuair a tháinig Reynolds isteach, thug sé buille dó agus leag sé é. Mhair sé cúpla lá agus cailleadh é. Cuireadh é san Chuileannach.

Bhí Nangle san áit ansin agus thóg siad arís Reynolds go bhfeicfeadh siad an mbeadh siad ábalta dlí a chur ar Ó Mongáin agus chuir. Bhí na tithe leagtha an oíche sin, agus bhí gach rud leagtha, ach níor tháinig aon mhaitheas ar an dlí a chuir siad ar Ó Mongáin. Bhí an stoirm sin ar fud Éireann uilig, an t-ainm a thug siad ar an oíche sin “Oíche na Gaoithe Móire”. Ar fud Éireann an t-ainm atá ar an oíche sin “Oíche na Gaoithe Móire” agus in Acaill “Oíche Reynolds” a thugtar uirthi.

Bhí bean i nDumha Goirt tuairim is an bhliain 1878 darbh ainm Ní Gábháin. Cailleadh í agus cuireadh í i Sliabh Mór.Tháinig brón orthu agus thóg siad arís í, agus thug siad amach í go Baile Uí Fhiacháin ins an oíche ar chairt Mhaitiú Ó Gallchobhair as Tóin an tSeanbhaile. An oíche sin tháinig stoirm mhór. Tugadh “Oíche Caillí Uí Ghábháin” ar an oíche sin. Creideann na seandaoine nach ceart an rud é duine a thógáil arís agus dá dtógfaí, go dtiocfadh stoirm mhór.

Bailitheoir: Páid Ó Cabharcaigh,
Tóin an tSeanbhaile,
Acaill,
Co Mhaigh Eo

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Creideann na seandaoine nach ceart an rud é duine a thógáil arís agus dá dtógfaí, go dtiocfadh stoirm mhór…'