Ó DHÚCHAS: Clocha péire, cloch nirt, cead agus báire….

I gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear míreanna ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo faighimid cur síos as Cois Fharraige faoi chluichí beaga na bpáistí sna 1930idí…

Ó DHÚCHAS: Clocha péire, cloch nirt, cead agus báire….

Maidir le cluichí iomána agus peile ní mór an cleachtadh a bhí ag aos óg na háite seo orthu riamh mar nach raibh áit ar bith feiliúnach acu le hiad a imirt. Bíonn cuid de na buachaillí ag iarraidh a bheith le peil ach cheal ionad feiliúnach is deacair dóibh dul chun cinn léi.

Pingineacha: Ag imirt pingineacha ar leataobh an bhóthair is mó a chaitheann na buachaillí an Domhnach.

Cloch Nirt: Bíonn siad ag caitheamh ‘cloch neart’ freisin féachaint cé acu is faide a chuirfidh í – seasann gach duine ag an marc agus caitheann siad cloch réasúnta trom féachaint cé acu is faide a chuirfidh í gan í a leanacht.

Cead: Bíonn buachaillí óga ag imirt ‘cead’ i bpáirc sa ngeimhreadh nuair nach mbíonn aon dochar dul isteach sa ngarraí.

Báire: Bíonn na cailíní óga ag imirt báire an t-am céanna ach níl ceachtar den dá chluiche chomh coitianta agus a bhíodh.

Púicín: Sin cluiche a bhíonns ag gasúir. Cuireann siad éadach ar shúile dhuine éigin acu agus bíonn air a bheith ag iarraidh greim a fháil ar dhuine éigin eile. Bíonn na gasúir eile ag rith uaidh agus an té a bheireann sé air, caithfidh seisean an púicín a chur air agus an cleas céanna a dhéanamh is a rinne an duine a raibh an púicín air roimhe sin.

Geataí Arda: Beireann roinnt gasúr ar lámha a chéile. Ritheann beirt eile i ndiaidh a chéile isteach sna geataí agus má bheireann an geata ar dhuine acu caithfidh sé dul  isteach sa bhfáinne agus an duine a leagann an ceann eile a lámh air, caithfidh sé an té a d’fhan istigh a leanacht. Agus mar sin de..

Clocha Péire: Faightear ceithre chloch bheag chruinn agus caitear suas san aer iad agus má bhailíonn sé isteach in éineacht iad san aon iarracht amháin, buaileann sé ar aghaidh nó go gcliseann air agus go dtiteann ceann éigin ar an talamh agus ansin tógann duine éigin eile uaidh na clocha péire.

Siopadóireacht: Déanann cúpla gasúr teach beag agus cuireann siad seanrudaí isteach ann. Bíonn duine acu ag díol agus tagann duine eile ag ceannach uaidh agus clocha beaga á n-úsáid mar airgead acu.

Ag déanamh scoil: Bíonn duine amháin ina mhúinteoir agus bíonn sé ag múineadh an chuid eile agus ag cur smacht orthu.

Rásaí: Cuireann muid dhá chuaille nó marc éigin ag dhá cheann na páirce. Seasann an buachaillí nó na cailíní ag an marc. An duine is túisce a shroichfidh an cuaille sa rás is é a gheibheann an duais.

Tarraingt an rópa: Téann roinnt gasúr ag ceann an rópa agus an oiread céanna ag an gceann eile agus bíonn siad á tharraingt óna chéile. An fhoireann is fearr, is acu a bhíonn an báire.

Folach bíog: Cromann duine a chloigeann agus téann an chuid eile i bhfolach. Má bheireann sé ar aon duine acu, cromann an duine sin agus leanann siad orthu mar sin.

Cairrín asail: Beireann beirt ar dhá lámh ar a chéile agus suíonn duine eile isteach  ar na lámha. Ritheann gasúir eile timpeall orthu agus bíonn an té atá ina shuí ag iarraidh iad a bhualadh lena chosa.

Gabhairín: Bíonn ceathrar páistí i ngreim ina chéile. Bheadh duine amháin ag iarraidh greim a bhreith ar na páistí agus duine eile aríst ag iarraidh iad a shábháil. Má éiríonn leis greim a fháil ar dhuine acu téann sé sin amach agus beidh sé amuigh go bhfaighidh sé greim ar an gcuid eile. An chéad duine a bhíonns amuigh, is é sin an gabhar.

An codladh ag éirí: Cuirtear amach go leor gasúr agus an chéad duine a sháitear, is leisean cromadh. Ansin téann gach duine i bhfolach air agus bíonn sé ag iarraidh iad a fháil amach ach má éalaíonn aon duine acu air agus má shánn sé é sula mbeidh sé ag an daoradh beidh air cromadh aríst.

Brighid Breathnach, Cnoc Carrach, Na Mine, Contae na Gaillimhe

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Clocha péire, cloch nirt, cead agus báire….'