Ó DHÚCHAS: Cé acu is faide a ghabhfas an fhírinne nó an bhréag?

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo an fhírinne agus an bhréag atá á meas…

Ó DHÚCHAS: Cé acu is faide a ghabhfas an fhírinne nó an bhréag?

Bhí beirt fhear ann fadó agus dúirt duine acu go rachadh an bhréag níos faide ná an fhírinne. Chuir sé geall cúig phunt leis an bhfear eile agus d’fhiafraigh an fear de ansin cé a dhéanfadh an socrú eatarthu agus dúirt sé an chéad fhear a chasfaí orthu ar an mbóthar.
Nuair a casadh fear orthu d’fhiafraigh siad de an rachadh an bhréag níos faide ná an fhírinne agus dúirt sé go rachadh agus chaill duine acu a chúig phunt.

Chuir sé cúig phunt eile ansin agus fágadh é le socrú ag an gcéad fhear eile a chasfaí orthu ar an mbóthar. Dúirt seisean go rachadh an bhréag níos faide agus chaill an fear a dúirt go rachadh an fhírinne níos faide a chúig phunt. Bhí deich bpunt caillte aige ansin agus bhí sé gnóite ag an bhfear eile.
Chuir sé cúig phunt eile ansin, agus nuair a casadh fear orthu dúirt sé go rachadh an bhréag níos faide. Ní raibh aige le tabhairt dó ach a sheanchulaith éadaigh agus bhain sé dhe í agus thug sé dó í. Ní raibh aon éadach air ansin agus chaith sé dul isteach i seanmhainistir.

Is gearr gur thosaigh na cait ag cruinniú. Tháinigeadar as gach áit agus bhí gach dath orthu agus bhí gach saghas cait ann. Bhí cat an-mhór ann agus ba é an t-ainm a bhí air, Rí na gCat. Dúirt ceann de na cait leis scéal a insint agus sheas Rí na gCat suas agus dúirt sé:
“Bhí mé i dteach feilméara inné agus bhí canna bainne leagtha ar an mbord ann agus thosaigh mé dhá ól agus d’fhág mé naoi ribe in mo dhiaidh ann. Thug iníon an fheilméara bualadh maith dhom ach níor chuimhnigh sí uirthi fhéin agus d’ól sí an bainne agus rinne na naoi ribe naoi gcat óga. Tá siad ina bolg anois agus tá sí tinn agus níl lia ná dochtúir in ann í a leigheas.”
“Ach tá leigheas i ngar do bhaile mar tá tobar taobh amuigh den mhainistir seo agus dá bhfaigheadh sí naoi mbraon den uisce sin chuirfeadh sí na cait óga amach ar a béal ach ní inseoidh muide di faoin tobar seo.”

Ní raibh fhios acu go raibh an fear ag éisteacht leo agus d’imíodar nuair a bhí sé ina lá.

Chomh luath is a d’airigh sé imithe iad fuair sé seansoitheach agus chuaigh sé go dtí an tobar agus thug sé naoi mbraon den uisce go teach an fheilméara.
Scanraíodar nuair a chonaiceadar ag teacht é mar ní raibh aon éadach air ach fuair sé culaith ón bhfeirmeoir le cur air agus dúirt sé go raibh sé in ann an iníon a leigheas. Thosaigh an feirmeoir ag magadh faoi ach nuair a d’imigh na dochtúirí chuaigh sé isteach san seomra agus thug sé naoi mbraon den uisce di agus d’inis sé dóibh cén chaoi a bhfuair sé é. Nuair a d’ól sí an t-uisce chuir sí na cait amach thar a béal agus thosaigh sí ag feabhsú.

Nuair a bhí sí go maith phós sí an fear agus bhíodar an-saibhir. Fá cheann bliana bhí sé ag imeacht ina chóiste agus casadh an fear leis ar chuir sé cúig punt leis go rachadh an bhréag níos faide ná an fhírinne. D’fhiafraigh sé de cén chaoi a raibh sé.

’Bhfuil fhios agat an fear ar bhain tú na héadaí de anuraidh? Dúirt sé gur mhaith a chuaigh sé dhó bheith caite sa mhainistir agus go mba cheart dhó fhéin an cleas céanna a dhéanamh agus chuaigh sé isteach ann.
Is gearr gur thosaigh na cait ag cruinniú agus dúradar le Rí na gCat scéal a insint. Sheas sé suas agus dúirt sé go raibh duine éicint ag éisteacht leis anuraidh nuair a bhí sé ag insint scéil agus gur leigheas sé iníon an fheirmeora agus go mb’fhéidir go mbeadh sé ansin sa mhainistir fós. Chuartaíodar an seomra agus fuaireadar an fear agus thosaíodar dhá stracadh agus níor fhágadar ach cnámh na lorgan.

Chuaigh an fhírinne níos faide ná an bhréag.

Marcus Ó Catháin (67), Scoil Thír na Cille, An Mám, Conamara

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Cé acu is faide a ghabhfas an fhírinne nó an bhréag?'