Ó DHÚCHAS: Bhí Crom Dubh ina chónaí thíos i mbun na cruaiche le linn aimsir Naomh Pádraig

Ón gcartlann - i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol faoi Naomh Pádraig ar a lá féile

Ó DHÚCHAS: Bhí Crom Dubh ina chónaí thíos i mbun na cruaiche le linn aimsir Naomh Pádraig

Bhí Crom Dubh ina chónaí thíos i mbun na cruaiche le linn aimsir Naomh Pádraig. Bhí Naomh Pádraig ag déanamh tí pobail in Achadh Ghobhair. Éireannach ab ea Crom Dubh. Bhí tarbh breá aige, agus bród mór aige as. Cheap sé nach raibh a shárú in Éirinn.

Lá amháin chuir Naomh Pádraig beirt fhear i gcoinne an tairbh. Dúirt na fir le Naomh Pádraig go mba bheag an chabhair dóibh a dhul ag iarraidh an tairbh mar nach bhfaigheadh siad é.
Arsa Naomh Pádraig “Tóg an tslat seo, agus nuair a thiocfaidh sibh go dtí an tarbh buail i gclár an éadain é agus ní bheidh aon trioblóid agaibh.”

D’imigh an bheirt go dtáinigeadar go dtí an pháirc ina raibh an tarbh. Ar an bpointe a chonaic an tarbh iad rith sé chucu, agus shíl sé iad a mharú. Bhuail fhear acu isteach ar chlár an éadain é, agus shiúil sé leo chomh socair le haon bheithíoch dár shiúil ariamh go dtáinig siad go dtí Achadh Ghobhair.
Ansin mharaíodar an tarbh. Rinneadar féasta de. Nuair a bhí an féasta thart, dúirt Naomh Pádraig leo na cnámha a chaitheamh isteach sa gcúinne, agus an craiceann a chaitheamh os a gcionn. D’airigh Crom Dubh an tarbh imithe uaidh. Tháinig sé chomh fada le hAchadh an Ghobhair ag tóraíocht an tairbh, agus é ag marcaíocht ar an each ab fhearr a bhí aige. Focal níor labhair Naomh Pádraig, ach chuaigh sé anonn sa gcúinne san áit a raibh na cnámha, agus an craiceann. Rug sé ar an tslat a thug sé don bheirt fhear. Bhuail sé buille ar an gcraiceann, agus d’éirigh an tarbh chomh maith agus bhí sé oíche ná lá riamh. Bhí ionadh mór ar Chrom Dubh.
Thug sé an tarbh abhaile leis. Nuair a bhí sé ag teannadh in aice an tí thit an capall, agus briseadh a mhuineál. “Tá an méid sin agam de barr Phádraigín,” ar seisean “Ach beidh mo shásamh agamsa.” Lá arna mhárach, thug Crom Dubh cuireadh do Naomh Pádraig teacht chun a’ tí. Sé an sórt béile a bhíodh acu an t-am sin dhá bhanbh muice a bruith i bpota, agus iad a leagan ar pláta. Séard a rinne Crom Dubh dhá choileán mada a chur síos, a bhruith agus an fionnadh a tharraingt díobh nuair a bhíodar scólta.
Tháinig Naomh Pádraig agus shuigh sé féin agus Crom Dubh ag bord. Nuair a chonaic sé an béile a bhí roimhe, dúirt sé – “Céard déarfá dá n-éireodh an dá choileán sin ag caint leat?”? Thóg sé a lámh os a gcionn, agus d’éirigh na coileáin. Thosaigh siad a’ tafann isteach san aghaidh ar fhear an tí. Dúirt sé le Naomh Pádraig iad a stopadh. Chuir Naomh Pádraig ina dtost iad.

“Bhfuil do sháith anois agat?” arsa Naomh Pádraig. “Níl,” arsa Cromh Dubh, “go bfeicfidh mé bláth geal ar an sceach atá ar aghaidh an tí. Sceach nár fhás aon cheo uirthi le seacht gcéad bliain.” “Déanfaidh sin,” arsa Naomh Pádraig.

D’fhág sé an teach, thug sé leabhar aníos as a phóca, agus bhí sé ag léamh go maidin. Ag breacadh an lae bhreathnaigh Crom Dubh amach as an bhfuinneog, agus bhí bláth geal ar an sceach isteach go dtí an doras. D’éirigh sé agus dhúisigh sé a raibh de bhuachaillí, agus de chailíní aige. Tháinig Naomh Pádraig isteach agus dúirt sé: “An bhfuil do sháith feicthe anois agat?” “Tá mo sháith feicthe anois agam,” arsa Crom Dubh. “Tabhair síos go dtí Achadh Ghobhair mé, agus baist mé.”

Chuaigh sé go Achadh Ghobhair le Naomh Pádraig agus bhaist Naomh Pádraig é, agus d’fhan sé leis go lá a bháis.

Mártan Ua Búrca (14)
Doire,
Tuar Mhic Éadaigh,
Co. Maigh Eo

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Bhí Crom Dubh ina chónaí thíos i mbun na cruaiche le linn aimsir Naomh Pádraig'