Is é Aodh Ó Coileáin, léachtóir le cumarsáid in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus iareagarthóir nuachta le TG4, is mó atá á lua anois leis an bhfolúntas d’Eagarthóir Stiúrtha na Nuachta in RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Tá an folúntas don phost nuachta le líonadh ó ceapadh an tEagarthóir Nuachta deireanach, Gearóid Mac Donncha, mar Leascheannaire ar an stáisiún i mí na Samhna seo caite.
Tuigtear do Tuairisc.ie nach raibh Ó Coileáin i measc na ndaoine a chuir isteach ar an bpost nuair a fógraíodh é.
Tuigtear leis, áfach, gur shocraigh lucht bainistíochta an stáisiún dul sa tóir ar dhaoine eile don phost nuair nár éirigh leis na hiarrthóirí a rinne agallaimh.
Dhein Tuairisc.ie teagmháil leis an Uasal Ó Coileán tráthnóna, ach ní raibh sé sásta aon ráiteas a dhéanamh faoin scéal gurb é a thiocfaidh i gcomharbacht ar Mac Donncha.
Thug urlabhraí ó RnaG le fios do Tuairisc.ie go raibh súil acu fógra a dhéanamh faoin bpost go luath.
“Tá próiseas ar bun faoi láthair leis an bhfolúntas d’Eagarthóir Stiúrtha Nuachta a líonadh, agus tá súil againn fógra a dhéanamh ina thaobh go luath,” a dúirt urlabhraí an raidió.
Tá Ó Coileáin, ar ón Daingean i gCiarraí ó thús dó, ag plé leis na meáin ó thosaigh sé ag obair le Radio Kerry ag tús na nóchaidí.
D’oibrigh sé mar Eagarthóir Nuachta le TG4 ó 1996 go dtí 2003.
Tá taithí fhada chomh maith ag Ó Coileáin ar chláracha teilifíse a dhéanamh. I measc na gcláracha atá déanta ag fear an Daingin, tá Sin í an Fhírinne: Johnny Chóil Mhaidhc agus Litir Ó Mháirtín Jaimsie.
Aithneoidh lucht éisteachta RTÉ RnaG Ó Coileáin mar dhuine de léirmheastóirí a dhéanann scagadh gach seachtain ar na meáin Ghaeilge ar an gclár Cormach ag a Cúig, ach ní inniu ná inné a chualathas ar dtús ar an raidió é.
Thug sé seal mar láithreoir ar an gclár Seó Beo an tSathairn i dtús na nóchaidí agus chaith sé tréimhse chomh maith i mBaile na nGall ag plé le cúrsaí nuachta agus ag cur An Saol ó Dheas i láthair.
Fear mór ceoil agus drámaíochta é Ó Coileáin leis, agus bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí an chompántais drámaíochta Na Fánaithe.
Fág freagra ar 'Ó Coileáin á lua le post mór nuachta RnaG'