Ó ‘Amaitéarach na Bliana’ go ‘U-chasadh na Bliana’…

Tugadh go leor céimeanna ar gcúl, chun tosaigh agus i leataobh le linn 2018

Ó ‘Amaitéarach na Bliana’ go ‘U-chasadh na Bliana’…

Ní chuireann iriseoirí ná léitheoirí spéis rómhinic i ndea-scéala. Cloistear gearáin ó am go chéile go mbíonn na meáin ag síorchur síos ar ábhair aighnis agus ar uafáis, nó ar scéalta a chuireann fearg nó náire ar dhaoine réasúnta.

Ní maith le lucht na ngearán a admháil gur mó a spéis i ndrochscéalta ná a mhalairt. Uaireanta, áfach, bíonn cúis ghearáin réasúnta acu. Rinneadh tréaniarracht mar sin agus an t-alt seo faoin saol polaitiúil in 2018 á scríobh chun dea-scéalta a chur san áireamh. Faraor, ní hionann i gcónaí do dhícheall a dhéanamh agus dea-thoradh a bheith ar an iarracht.

Amaitéarach na bliana: Sa toghchán uachtaránachta, tháinig Peter Casey aniar aduaidh ar gach iarrthóir eile, seachas an buaiteoir (féach thíos) agus 23% den vóta á ghnóthú aige. Ainneoin easpa taithí agus easpa eolais, nó dá bharr, b’fhéidir, léirigh toradh an toghcháin meas ar dhuine a bhí toilteanach rudaí conspóideacha a rá, go háirithe faoin lucht siúil. 

Buaiteoir na bliana: An rogha is éasca. An tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn a toghadh arís i mí Dheireadh Fómhair. Ghnóthaigh sé 55% den vóta iomlán – toradh a léirigh meas an phobail air, agus drochmheas ar na

lag-iarrthóirí eile.

Cailliúint na bliana: D’fhág beirt Teachtaí Dála, Carol Nolan agus Peadar Tóibín, Sinn Féin i rith na bliana toisc nár aontaigh siad le polasaí an pháirtí ar cheist an ghinmhillte. Ábhar machnaimh don pháirtí: nach n-oirfeadh sé dóibh easaontú coinsiasach ar chúrsaí morálta a cheadú, mar a cheadaítear é i Fine Gael agus Fianna Fáil?

Cúis imní na bliana: 

An Breatimeacht, ar ndóigh, agus an éidreoir, an t-aineolas agus an t-easaontas chomh soiléir i Londain ag deireadh na bliana agus a bhí sé ina tús.

Cúlú na bliana: D’fhógair Leo Varadkar i mí an Mhárta go gcuirfí deireadh le hAonad Straitéiseach Cumarsáide an Rialtais. Cuireadh saothar rópholaitiúil i leith an Aonaid tar éis do nuachtáin áitiúla ‘tuairiscí’ ar phlean forbartha an rialtais (féach ‘Plean na Bliana’ thíos) a fhoilsiú, ‘tuairiscí’ a scríobh foireann an Aonaid.

Eisceacht na bliana: Dún na nGall, mar is gnáth. An t-aon dáilcheantar sa stát a vótáil ‘Níl’ (51.8%) sa reifreann faoin nginmhilleadh.

Faillí na bliana: Tá cur i bhfeidhm na bpolasaithe a theastaíonn chun déileáil le hathrú aeráide á shíorchur ar an méar fhada, mar a d’admhaigh an tAire Comhshaoil nua, Richard Bruton le gairid. Gheall sé cur chuige dáiríre. Faoi láthair, cé gur breá le hÉireannaigh a bheith ag magadh faoin Uachtarán Trump, tá an neamhshuim a léiríonn uachtarán na Stát Aontaithe maidir le téamh na cruinne i réim sa tír seo freisin.

Faoiseamh na bliana: Thug urlabhraí an Uachtaráin Trump le fios go raibh cuairt ar Éirinn beartaithe aige i mí na Samhna. Níor tháinig sé. D’éirigh le hairí rialtais a míshásamh a cheilt.

Imeacht na bliana: D’éirigh Denis Naughten as a phost mar aire cumarsáide, tar éis dó trí cheacht a fhoghlaim: (1) Seachain dinnéir le fir ghnó sula mbreithnítear a dtairiscintí. (2) Mura seachnaíonn, iarr ar státseirbhíseach a bheith i láthair. (3) Coinnigh an Taoiseach ar lán-eolas má bhíonn údar trioblóide romhat.

Laochra na bliana: Emma Mhic Mhathúna, nach maireann, Vicky Phelan agus na mná eile a ndearnadh scagthástáil lochtach orthu. Tharraing siad aird ar éagumas agus ar neamhthoil (atá fós á iniúchadh) mná a chur ar lán-eolas gan mhoill faoi chúrsaí a bhain go dlúth lena sláinte.

Laochra eile: an t-iarSháirsint Maurice McCabe agus a bhean chéile Lorraine a fuair an ceann is fearr ar fheachtas fada mailíseach ina choinne sna Gardaí, faoi mar a taispeánadh go soiléir i dtuairisc an Bhinse Nochtuithe.

Mídhílseacht na bliana: Gearradh pionós géar ar Éamon Ó Cuív agus ar an Seanadóir Mark Daly, tar éis dóibh tacaíocht Fhianna Fáil, gan chead, a thabhairt d’iarrthóir sa toghchán áitiúil ar an Ómaigh. Díbríodh Ó Cuív ó bhinse tosaigh Fhianna Fáil agus chaill Daly a phost mar leascheannaire an pháirtí sa Seanad.

Mór-athrú na bliana: an reachtaíocht a mhol Shane Ross chun pionóis ar thiomáint faoi thionchar dí a neartú, a ritheadh faoi dheireadh i mbliana ainneoin fhreasúra leanúnach na Healy Raes agus dornán beag Teachtaí eile. Is fiú tagairt freisin do na pointí pionóis breise a ghearrfar feasta ar dhuine a bhíonn ag tiomáint os cionn teorann luais, a d’fhógair an tAire Iompair i mí na Nollag. 

Plean na Bliana: D’fhoilsigh an Rialtas plean dar teideal ‘Project Ireland 2040’ i mí Feabhra ina ndearnadh cur síos ar an bhforbairt a bheas riachtanach as seo go 2040. Is fiú an plean a léamh, mura bhfuil tú ag súil le mórán sonraí maidir le caiteachas agus dátaí.  

Seachaint na bliana: 

Tá go leor comhaltaí d’Fhianna Fáil míshásta le tacaíocht an pháirtí don rialtas le trí bliana anuas. I mí na Nollag, áfach, d’fhógair Micheál Martin, go leanfaí leis an gcomhaontú soláthair agus muiníne atá i bhfeidhm ó 2016 go dtí 2020. Mar gheall ar an mBreatimeacht, a dúirt sé. Má fhágtar

tábhacht an ábhair sin as an áireamh, ba léir an buntáiste d’Fhianna Fáil agus toghchán á sheachaint acu.

U-chasadh na bliana:  Chuaigh Mary Lou McDonald i gcomharbacht ar Gerry Adams mar uachtarán ar Shinn Féin i mí Feabhra. Go gairid ina dhiaidh sin, dúirt sí in imeacht dhá lá:

(a) go gcaithfí fanacht go mbeadh ceist an Bhreatimeachta réitithe sula reáchtálfaí reifreann ar cheist na teorann,

(b) go mbeadh reifreann faoi cheist na teorann riachtanach dá dtarraingeodh an Ríocht Aontaithe amach as an Aontas Eorpach gan margadh a dhéanamh roimh ré.

Bhain na meáin míthuiscint as an gcéad ráiteas, a dúirt Mary Lou nuair a labhair sí an dara huair. Ar ndóigh.

Vóta na bliana: Toradh stairiúil an reifrinn ar ghinmhilleadh, inar thug 66.4% tacaíocht don leasú a thug cead don Oireachtas reachtaíocht a rith faoina gceadaítear ginmhilleadh. Ó 1983 nuair a cuireadh cosc ar ghinmhilleadh sa Bhunreacht, spreagadh síor-argóint agus éiginnteacht maidir lena éifeacht go dtí gur léirigh vóta na bliana seo mór-athrú meoin sa tír seo.

Fág freagra ar 'Ó ‘Amaitéarach na Bliana’ go ‘U-chasadh na Bliana’…'