Nuair a bhíonn scríbhneoir céasta ag callán na gcomharsan

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo, bhí ár gcolúnaí céasta ag callán na gcomharsan.

Nuair a bhíonn scríbhneoir céasta ag callán na gcomharsan

Tá callán go dona duit.

Dar le heolaithe go bhfuil dlúthbhaint idir gleo ard agus brú fola ard, agus dá réir sin idir gleo ard agus galar croí. Is cosúil go bhfuil callán leanúnach ag leibhéal 75 db – fothram tráchta ar phríomhbhóthar, mar shampla – chomh dona céanna duit agus rómheáchan.

Tá callán go dona do scríbhneoirí freisin.

Madraí ag tafann, tógálaithe ag tógáil, páistí ag screadaíl: sin iad na naimhde is measa ag an té a bheadh ag iarraidh scéal a chur ar phár.

Bhí mí-ádh  orm an tseachtain seo agus athchóiriú á dhéanamh ar árasán ar thaobh amháin de m’árasán féin agus dhá mhadra fágtha leo féin ar feadh an lae in árasán ar an taobh eile. Bhí sé ina ‘sríííí-sríííí’ ar thaobh na láimhe deise agus seacht gcéad míle poll á gcur i mballa éigin ag tógálaí agus bhí sé ina ‘bhuf-bhuf’ gan stad ar thaobh na láimhe clé.

Bhí úrscéal le scríobh agamsa.

Ar ndóigh, d’fhéadfainn bailiú liom amach as an teach agus iarracht a dhéanamh scríobh i gcaifé éigin. Ach tá sé oibrithe amach agam leis na blianta nach n-éiríonn leis an tseift sin ach go pointe. Bíonn mo ‘tháirgiúlacht’ i bhfad níos airde sa bhaile ná mar a bhíonn amuigh faoin gcathair. Sa bhaile, scríobhfainn ceithre leathanach lámhscríofa in uair an chloig. Thógfadh sé dhá uair an chloig orm an líon focal céanna a scríobh i dteach caife, dá mbainfinn an sprioc sin amach ar chor ar bith. Agus chosnódh sé luach dhá chupán caife orm.

Le teann ceanndánachta agus barainneachta, shocraigh mé fanacht sa bhaile agus iarracht a dhéanamh an radharc a bhí beartaithe agam a scríobh a scríobh ansin. 

Moltar bualadh a thabhairt ar an mbualadh agus buille ar an mbuille. Chuir mé ceol ard ar siúl chun callán an druilire agus na madraí a phlúchadh. Cinnte, callán atá i gceol ard freisin, ach ar a laghad ba é mo challán féin é. D’aimsigh mé seinnliosta oiriúnach ar Spotify, las maide túise d’fhonn atmaisféar suaimhneach a chothú, rud a bhí ag teastáil go géar, agus chuir peann le páipéar.

Uair an chloig níos déanaí, dhúisigh mé as an néal sin a thagann ar scríbhneoir nuair a bhíonn sé ag obair agus nuair a bhíonn an obair ag dul go maith. Bhí trí leathanach go leith líonta i mo chóipleabhar agam agus bhí an radharc a theastaigh uaim a scríobh curtha ar phár. 

Le linn dom a bheith ag obair, níor chuala mé tógálaí ná madra, ach a luaithe is a leag mé síos mo pheann, bhí sé ina ‘srííí-srííí’ agus ina ‘bhuf-bhuf’ arís. Fiú agus mo cheol féin fós ar siúl.

Rith sé liom gurb í an scríbhneoireacht féin – nó pé obair a mheallfadh aird an duine go hiomlán – an leigheas is fearr ar thorann agus trup. 

Fág freagra ar 'Nuair a bhíonn scríbhneoir céasta ag callán na gcomharsan'

  • Breathnóir

    Alt spéisiúil arís eile. Ceist agam duit: an bhfuil mórán leabharlann poiblí ann sa Bhrasaíl?