Tá an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí in aghaidh phlean an Rialtais cead athoscailte a thabhairt do bhialanna agus tithe tábhairne a mbíonn bia ar fáil iontu.
Tuairiscítear go bhfuil sé curtha in iúl ag NPHET don Aire Sláinte Stephen Donnelly go bhfuil siad go mór i gcoinne cuid dá bhfuil beartaithe maidir le hathoscailt na tíre.
Tá sé i gceist ag an Rialtas cead a thabhairt do bhialanna agus tithe tábhairne a bhfuil cistineacha acu oscailt mar chuid den dara céim dá bplean díchuibhrithe, plean atá le fógairt amárach.
Tuairiscítear go bhfuil NPHET ar son cur chuige i bhfad níos coimeádaí ná mar atá á bheartú an Rialtas ó thaobh scaoileadh na dianghlasála de.
Bhí cruinniú inné ag NPHET chun a shocrú cén chomhairle a chuirfidh siadsan ar an Rialtas agus buailfidh baill den fhoireann tráthnóna le fochoiste Covid-19 an Rialtais chun a ndearcadh a chur in iúl dóibh.
D’fhéadfadh seasamh NPHET deacrachtaí a chruthú do Rialtas a bhfuil leideanna go leor tugtha acu cheana go dtosófar ar na srianta a mhaolú an tseachtain seo chugainn agus gurb amhlaidh go ndéanfar níos boige de réir a chéile iad.
Amárach a dhéanfaidh na hairí rialtais an cinneadh deiridh faoin bplean díchuibhrithe agus iad ag súil lena thuilleadh fianaise tráthnóna gur ag dul i ndísc atá an galar i gcónaí.
Is é an cur chuige a bheidh acu go mbeifear ag scaoileadh na dianghlasála de réir a chéile, ag tosú an tseachtain seo chugainn le hathoscailt na siopaí, na n-ionad aclaíochta agus na ngruagairí.
Tá sé i gceist go gcuirfear deireadh an uair sin chomh maith leis an gcosc taistil 5 ciliméadar ach beidh ar dhaoine fanacht ina gcontaetha féin.
Meastar gur trí chéim a bheidh i bplean díchuibhrithe an rialtais.
Faoin dara céim den phlean, bheadh sé i gceist cead athoscailte a thabhairt do bhialanna agus tithe tábhairne a mbíonn bia ar fáil iontu.
Tá sé i gceist ansin na srianta a mhaolú a thuilleadh ar feadh coicíse aimsir na Nollag chun cead a thabhairt do dhaoine taisteal ó bhaile le cuairt a thabhairt ar thithe daoine eile.
Fág freagra ar 'NPHET in aghaidh athoscailt bialann agus tithe tábhairne'