Tá níos mó airgid caite ar thuarastal na MLA ó thuaidh sa 30 seachtain ó bhí toghchán Stormont ann ná mar a chaithfí ar Acht Gaeilge ar feadh bliana.
Íoctar tuarastal £49,500 in aghaidh na bliana le baill tofa Stormont. De réir áirimh atá déanta ag Tuairisc.ie, fágann sé sin go bhfuil os cionn £2.5 milliún caite ar thuarastal na bpolaiteoirí ó bhí toghchán an tionóil ann sa Mhárta — níos mó ná an £2 milliún sa bhliain atá luaite ag Conradh na Gaeilge mar chostas Acht Gaeilge.
Ní ann d’fheidhmeannas Stormont ó bhí an toghchán ann mar gheall ar aighneas idir na páirtithe ó thuaidh faoi cheist an Achta Gaeilge agus ceisteanna eile.
Níor cloíodh leis an sprioc maidir le rialtas a chur le chéile trí seachtaine i ndiaidh an toghcháin, agus níor éirigh le Sinn Féin agus an DUP teacht ar chomhréiteach ó shin.
Tá na baill tionóil fós á n-íoc i gcaitheamh an ama, áfach, ainneoin nach bhfuil gnáthobair an Tionóil ar siúl acu.
Tá tuairimíocht láidir ann go bhféadfaí riail dhíreach ó pharlaimint Westminster a thabhairt isteach cheal comhaontaithe faoi cheist an Achta Gaeilge agus ceisteanna eile atá ina ndris chosáin roimh athbhunú an fheidhmeannais. Dúirt ceannaire an DUP Arlene Foster inné, áfach, go raibh dul chun cinn á dhéanamh sna cainteanna le Sinn Féin.
Tacaíonn cúig pháirtí ó thuaidh leis an éileamh ar Acht Teanga agus chuir 50 MLA as an 90 a toghadh chun Stormont sa Mhárta in iúl go dtacaíonn siad le reachtaíocht teanga a thabhairt isteach don Ghaeilge.
Tá an costas a bhainfeadh le hAcht Gaeilge luaite go minic acu siúd atá ag cur in aghaidh an Achta.
Mhaígh an DUP níos luaithe i mbliana go gcosnódh sé £100 milliún sa bhliain Acht dá leithéid a thabhairt isteach, figiúr a fuair an páirtí aontachtach “ó Phlútó”, dar leis an iar-aire airgeadais Máirtín Ó Muilleoir ó Shinn Féin.
Níl aon mheastacháin dá gcuid féin déanta ag Sinn Féin faoi chostas an Achta.
Níl Sinn Féin, Conradh na Gaeilge, ná POBAL ar aon fhocal faoi chostas na reachtaíochta ná faoinar cheart a bheith ann.
Liam Mac Lochlainn
Tá a fhios agam dóigh arbh fhéidir £4.5 milliún a shábháil ag an am seo na gcíorruithe.