Níos lú ná 150 suíochán fágtha le líonadh sna toghcháin áitiúla

Tá an comhaireamh faoi lán seoil do na toghcháin Eorpacha agus an chuma ar an scéal go mbeidh sé ina chogadh dearg don dá shuíochán deireanach i mBaile Átha Cliath

Níos lú ná 150 suíochán fágtha le líonadh sna toghcháin áitiúla

Agus os cionn 800 den 949 suíochán sna húdaráis áitiúla líonta, bhí Fine Gael, Fianna Fáil agus iarrthóirí neamhspleácha go maith chun cinn ar na páirtithe eile.

Tá formhór na suíochán líonta chomh maith sna toghlimistéir ina bhfuil ceantair Ghaeltachta. I gConamara Theas, níl ach ceann de na cúig shuíochán líonta, áfach.

Bhí droch-lá ag Sinn Féin agus níor éirigh leo aon dhul chun cinn le dealramh a dhéanamh, cé go raibh siad go maith chun tosaigh sna pobalbhreitheanna náisiúnta go dtí le déanaí.

Dúirt an Taoiseach Simon Harris nach raibh aon chuimhneamh aige olltoghchán a ghairm go luath in ainneoin go raibh lá maith ag Fine Gael. Dúirt Harris gur theastaigh uaidh i gcónaí go mairfeadh an comhrialtas go dtí deireadh a théarma an bhliain seo chugainn.

Go moch ar maidin, bhí 212 suíochán ag Fine Gael is de na vótaí céadrogha acu. Sna sála orthu, bhí Fianna Fáil le 199 suíochán. Thart ar 23% de vótaí céadrogha a bhí ag dhá mhórpháirtí an rialtais.

90 suíochán a bhí ag Sinn Féin, is timpeall 12% de na vótaí céadrogha acu. 53 suíochán a bhí ag Páirtí an Lucht Oibre agus 21 a bhí ag an gComhaontas Glas.

Bhí 32 suíochán ag na Daonlathaithe Sóisialta, deich gcinn a bhí ag Pobal Seachas Brabús agus seacht gcinn a bhí ag Aontú. 191 suíochán a bhí ag neamhspleáigh agus iarrthóirí eile.

Sna toghcháin Eorpacha bhí an chuma ar an scéal go bhfaigheadh Barry Andrews, Fianna Fáil, agus Regina Doherty Fhine Gael an chéad dá shuíochán i dtoghlach Bhaile Átha Cliath. Sa tóir ar an dá shuíochán eile, tá Lynn Boylan, Sinn Féin, Ciarán Cuffe ón gComhaontas Glas, Niall Boylan ó Independent Ireland agus Aodhán Ó Ríordáin ó Pháirtí an Lucht Oibre.

I dtoghlach an Deiscirt is cosúil go mbeidh Seán Kelly, Fine Gael agus Billy Kelleher, Fianna Fáil, ag filleadh ar an Eoraip agus i dtoghlach Lár-Tire – an Iarthuaiscirt, dealraíonn sé go bhfuil ag éirí go maith le beirt feisirí eorpacha eile, Luke Ming Flanagan, neamhspleách, agus Maria Walsh Fhine Gael. Leanfar inniu leis an gcomhaireamh chun an 14 feisire a dhéanfaidh ionadaíocht ar Éirinn i bParlaimint na hEorpa a thoghadh.

De réir an teailí dheireanaigh do thoghchán an mhéara in Luimneach, bhí an neamhspleách John Moran chun cinn agus beagnach 17,000 vóta céadrogha aige, 24% den iomlán.

Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald go raibh an díomá uirthi faoi thorthaí na dtoghchán áitiúla agus Eorpacha. Sciar timpeall 12% den vóta a bheidh ag an bpáirtí nuair atá deireadh déanta agus cé gur méadú é sin ar an 9% a fuair siad sna toghcháin áitiúla in 2019, laghdú mór a bheadh ann ar an 24% a ghnóthaigh siad in olltoghchán 2022.

Dúirt McDonald go ndéanfadh sí athbhreithniú ar na torthaí agus go bpléifí an uile ghné de na toghcháin.

“Tá a fhios agam gur féidir linn déanamh níos fearr ná seo táimse meáite ar a chinntiú go ndéanfaimid níos fearr,” ar sí.

Dúirt ceannaire Shinn Féin go gcaithfí na moltaí a bhí ag an bpáirtí a shoiléiriú agus a gcuid pleananna a chur os comhair an phobail seachas a bheith díreach ag aithint cad atá mícheart. Ghéill sí go raibh an iomarca iarrthóirí ag an bpáirtí.

Dúirt an Taoiseach Simon Harris nach raibh aon athrú ar a thuairim faoi cén uair ba chóir an chéad olltoghchán eile a reáchtáil.

Bhí dea-scéal do Shinn Féin i nGaeltacht Chorca Dhuibhne nuair a d’éirigh le Robert Brosnan suíochán a fháil don pháirtí, bua stairiúil dóibh sa cheantar. Tommy Griffin ó Fhine Gael agus Breandán Fitzgerald ó Fhianna Fáil a fuair an dá shuíochán eile i gCorca Dhuibhne.

I gConamara Theas is é Noel Thomas ó Independent Ireland an t-aon duine a toghadh go dtí seo. Nuair a stopadh an comhaireamh aréir, bhí Pádraig Joe Joe Mac Con Iomaire ó Fhine Gael agus Tomás Ó Curraoín ó Shinn Féin Poblachtach sa dara agus sa tríú háit. Ina dhiaidh sin bhí triúr iarrthóirí Fhianna Fáil – Máirtín Lee, Daragh Ó Tuairisg agus Dáithí Ó Cualáin agus vóta an pháirtí roinnte cothrom go maith eatarthu – agus iarrthóir eile de chuid Independent Ireland, Michael Leainde.

I gConamara Thuaidh, an neamhspleách Thomas Welby a bhí ar bharr an chomhaireamh agus ina dhiaidh sin toghadh Seamus Walsh ó Independent Ireland, Gerry King ó Fhianna Fáil agus Eileen Mannion ó Fhine Gael.

I Maigh Chromtha, mar a bhfuil Gaeltacht Mhúscraí, toghadh arís an seisear comhairleoirí ar éirigh leo sé shuíochán an cheantair a bhuachan in 2019 – Gobnait Moynihan, Fianna Fáil, a bhí ag ceann an chomhairimh, Michael Creed, Fine Gael, Michael Looney, Fianna Fáil, Eileen Lynch agus Ted Lucey, Fine Gael agus Martin Coughlan, neamhspleách.

Sna Gleannta i nDún na nGall toghadh Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig, neamhspleách, a bhí ar cheann an chomhaireamh, Michael McClafferty, neamhspleách, Anthony Molloy Fianna Fáil,  John Shéamais Ó Fearraigh, Sinn Féin, Denis McGee, 100% Redress, agus Brian Carr, Sinn Féin.

I dtoghlach Dhún na nGall toghadh, Michael Naughton, Fianna Fáil, Noel Jordan agus Michael McMahon ó Shinn Féin, Jimmy Brogan, neamhspleách, Manus Boyle, Fine Gael agus Niamh Kennedy, neamhspleách.

I mBaile na nGallógach, toghadh beirt neamhspleách Declan Meehan agus Pauric McGarvey agus Liam Blaney ó Fhianna Fáil.

I nDún Garbhán, mar a bhfuil Gaeltacht na nDéise, toghadh ar an gcéad chomhaireamh Damien Geoghegan ó Fhine Gael agus Conor McGuinness ó Shinn Féin. Toghadh ina dhiaidh sin Tom Cronin ó Fhianna Fáil,  Pat Nugent ó Fhine Gael, Thomas Phelan ó Pháirtí an Lucht Oibre agus  an neamhspleách, Joe O’Riordan.

Dhá shuíochán as seacht gcinn atá líonta i gCeanannais, mar a bhfuil Gaeltacht na Mí. Toghadh Sarah Reilly ó Fhine Gael sa chéad chomhaireamh agus toghadh a comhghleacaí Eugene Cassidy sa dara comhaireamh.

Maidir le toghlimistéir Ghaeltachta Mhaigh Eo, i Béal an Mhuirthead, toghadh beirt as Fianna Fáil, Paul McNamara agus Sean Carey,  agus duine as Fine Gael, Gerry Coyle.

An neamhspleách Michael Kilcoyne a bhí ar cheann an chomhairimh i gCaisleán an Bharraigh agus toghadh in éineacht leis sa chéad chomhaireamh Ger Deere as Fine Gael. Toghadh freisin Blackie Gavin agus Al McDonnell as Fianna Fáil, Cyril Burke agus Donna Sheridan as Fine Gael agus Harry Barret, neamhspleách.

Tá athchomhaireamh iomlán ordaithe i gceantar bardasach Neidín, mar a bhfuil Gaeltacht Uíbh Ráthaigh, ar iarratas ó iarrthóir na nDaonlathach Sóisialach, Tim Clifford.

 

 

 

Fág freagra ar 'Níos lú ná 150 suíochán fágtha le líonadh sna toghcháin áitiúla'

  • Mary kelly

    An bhfuil aon torthaí aitiuil agaibh?