Níos lú ná 1% de theachtaireachtaí ar na meáin shóisialta i nGaeilge ag beagnach leath na ranna stáit 

As an 14 roinn a chuir figiúirí ar fáil, ní raibh níos mó ná 5% dá gcuid teachtaireachtaí ar na meáin shóisialta i nGaeilge amháin ach ag roinn amháin

Níos lú ná 1% de theachtaireachtaí ar na meáin shóisialta i nGaeilge ag beagnach leath na ranna stáit 

Ní bhíonn ach 1% nó níos lú de na postálacha a dhéanann cuid mhaith de na ranna rialtais ar na meáin shóisialta i nGaeilge.

Léiríonn figiúirí nua gur i nGaeilge amháin a bhí 1% nó níos lú de na teachtaireachtaí a phostáil ar a laghad seacht gcinn de ranna rialtais ar na meáin shóisialta le bliain anuas.

Bhí ar a laghad dhá roinn rialtais – an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus an Roinn Cosanta – nár sheol oiread agus teachtaireacht amháin go hiomlán trí Ghaeilge le bliain anuas.

Is mar fhreagra ar cheist Dála ó Holly Cairns, Teachta Dála de chuid na nDaonlathaithe Sóisialta, a chuir na ranna rialtais an t-eolas ar fáil.

Ceithre cinn déag den 18 roinn stáit a chuir figiúirí ar fáil. Dúirt an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán; an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta; agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha go raibh siad ag obair ar an eolas a chur ar fáil.

Dúirt an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige nach mbailítear na figiúirí a iarradh go hiondúil, in ainneoin go raibh gach roinn eile sásta iad a chur ar fáil.

Lorg an Teachta Dála an t-eolas céanna ó na ranna anuraidh agus léiríodh ag an am an fíorbheagán teachtaireachtaí a bhí á seoladh i nGaeilge. In ainneoin gur gheall roinnt airí an uair sin go ndéanfaí iarracht cur le feiceálacht na Gaeilge ar na meáin shóisialta, is beag dul chun cinn atá déanta, agus i gcásanna áirithe laghdaigh an méid Gaeilge a bhí le feiceáil.

Bhí an tAire Cosanta Simon Coveney ar dhuine de na hairí a dúirt anuraidh go ndéanfaí na deiseanna a bhí ann níos mó teachtaireachtaí i nGaeilge a phostáil “a fhiosrú” ach, ina ainneoin sin, tá líon na bpostálacha i nGaeilge a d’eisigh a roinn tite ó líon an-bheag go tada le bliain anuas.

Idir Bealtaine 2020 agus deireadh mhí Aibreáin 2021, bhí 0.5% de na teachtaireachtaí a sheol na cuntais atá faoi chúram na Roinne Cosanta i nGaeilge amháin agus bhí 3% acu i mBéarla agus i nGaeilge.

Le bliain anuas, áfach, níor seoladh oiread agus teachtaireacht amháin i nGaeilge nó go dátheangach ó na cuntais sin. Mar sin féin, dúirt an tAire Coveney go raibh “buíon Gaeilgeoirí” ina roinn a chuireann seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge agus go gcuirfí le líon na dteachtaireachtaí Gaeilge a sheoltar ar na meáin shóisialta “amach anseo”.

Anuraidh, ba iad an Roinn Coimirce Sóisialaí agus an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta an t-aon dá roinn rialtais nár chuir aon teachtaireacht i nGaeilge amach ar na meáin shóisialta. D’athraigh sin i mbliana ach is céatadán fíor-fíoríseal a bhí i gceist.

Den 4,157 teachtaireacht a chuir an Roinn Coimirce Sóisialaí amach ar Twitter, LinkedIn agus Instagram le bliain anuas, bhí 10 gcinn acu (0.24%) i nGaeilge amháin. Bhí ceithre theachtaireacht eile (0.1%) i nGaeilge agus i mBéarla.

Maidir leis an Roinn Ardoideachais, bhí 0.25% dá cuid teachtaireachtaí i nGaeilge agus níor sheol sí aon teachtaireacht dhátheangach.

Bhí an Roinn Cumarsáide, Aeráide & Comhshaoil (0.21%) agus an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe (0.61%) ar an dá Roinn eile a raibh níos lú ná 1% dá gcuid teachtaireachtaí ar na meáin shóisialta i nGaeilge amháin le bliain anuas.

Bhí 1% de na postálacha ón Roinn Airgeadais le linn na tréimhse céanna i nGaeilge amháin. Dúirt an tAire Paschal Donohue anuraidh go mbeadh sé leagtha amach i gconradh nua a bhí le haontú le seirbhís aistriúcháin go gcuirfí aistriúcháin de theachtaireachtaí ar na meáin shóisialta ar fáil go tapa chun go mbeadh an Roinn in ann cur go mór le líon na dteachtaireachtaí Gaeilge a sheoltar ach is léir nár tugadh an beart sin chun críche.

Deir an tAire Donohue anois go seolann a roinn teachtaireachtaí ar Twitter i nGaeilge “nuair is féidir” ach gur fadhb an t-achar ama a bhíonn i gceist le haistriúchán a chur ar fáil. Deir an tAire arís go bhfuiltear ag fiosrú conradh a shíniú le seirbhís aistriúcháin chun aistriúcháin i nGaeilge a chur ar fáil go tapa.

As an 14 roinn rialtais a chur figiúirí ar fáil, ní raibh aon cheann acu seachas an Roinn Oideachais a raibh níos mó ná 5% dá gcuid postálacha ar na meáin shóisialta i nGaeilge amháin.

Sciar 28% i bhí i gceist i gcás na Roinne Oideachais agus bhí 178 den 629 teachtaireacht a sheol sí le bliain anuas i nGaeilge amháin. Laghdú suntasach a bhí ansin ón mbreis is 40% a bhí i gceist sa bhliain roimhe sin, áfach.

Fág freagra ar 'Níos lú ná 1% de theachtaireachtaí ar na meáin shóisialta i nGaeilge ag beagnach leath na ranna stáit '

  • Eoin Ó Riain

    Ní hamháin san ach gop minic nuair atá leagan Gaeilge de ráiteas nó polasaí ní chuirtear ach giolc le nasc chuig an leagan Béarla amháin seachas giolch eile sa “Teanga Náisiúnta!
    #NílSéCGL

  • Pól Ó Braoin

    Taispeánann sin an meas atá ar an nGaeilge agus an dearcadh gur caitheamh aimsire í agus nach bhfuil aon mhaith phraiticiúil inti gan chaint ar chearta a thabhairt do lucht a labhartha.
    Ní haon nuacht an méid sin agus muid ag iarraidh taoscadh as tobar fuarchúiseach gannchúiseach theachtaí na ngealltanas sa tír seo.